An bhfuil tú páirteach i mbrústocaireacht i dtaca le criosú agus le forbairt?
Tá, má chomhlíonann tú gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
A. Tá tú ag leanúint ar aghaidh le gníomhaíochtaí brústocaireachta.
B. Is Oifigeach Poiblí Sainithe é an duine a bhfuil brústocaireacht á déanamh air.
C. Tá teachtaireacht iomchuí á déanamh agat.
D. Baineann an teachtaireacht sin le ní iomchuí.
E. Ní teachtaireacht eiscthe í an teachtaireacht sin.
A Cé atá ag leanúint ar aghaidh le gníomhaíochtaí brústocaireachta i dtaca le criosú agus le forbairt?
Is féidir a mheas gur ag déanamh gníomhaíochtaí brústocaireachta atá duine, eagraíocht nó grúpa ar bith a sheolann teachtaireacht chuig Oifigeach Poiblí Sainithe maidir le ní iomchuí a bhaineann le criosú talún nó le forbairt talún.
B Cé a bhfuil brústocaireacht á déanamh air: Oifigigh Phoiblí Shainithe
Is Oifigigh Phoiblí Shainithe iad seo:
- Airí an Rialtais agus Airí Stáit
- Comhaltaí eile de Dháil Éireann agus de Sheanad Éireann
- Feisirí de Pharlaimint na hEorpa do na trí thoghcheantar in Éirinn
- Baill d’údaráis áitiúla
- Comhairleoirí Speisialta
- Ard-Rúnaithe agus Ard-Rúnaithe Cúnta na ranna Rialtais
- Príomhfheidhmeannach, Príomhfheidhmeannach Cúnta, Stiúrthóirí Seirbhísí, Ceann Airgeadais nó Ceann Acmhainní Daonna i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
- Príomhfheidhmeannach, Stiúrthóirí Seirbhísí nó Ceann Airgeadais in aon údarás áitiúil eile
Leagfaidh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe fostaithe eile sa tseirbhís phoiblí síos le himeacht ama.
Tá oibleagáid ar chomhlachtaí poiblí foilsiú agus coinneáil a dhéanamh ar ainmneacha a bhfostaithe is Oifigigh Phoiblí Shainithe agus ar chur síos achomair ar a róil agus a bhfreagrachtaí chun críocha na reachtaíochta um brústocaireacht. Coinneofar an fhaisnéis sin cothrom le dáta agus cuirfear ar fáil í ar shuíomhanna Gréasáin na gcomhlachtaí poiblí.
C Cad is teachtaireacht iomchuí ann?
Is é is teachtaireacht iomchuí ann ná teachtaireacht
- Is féidir a dhéanamh i scríbhinn nó ó bhéal
- A dhéantar go pearsanta, bíodh sé go díreach nó go hindíreach. (Measfar gur tusa a rinne an teachtaireacht go pearsanta fiú sa chás go n-iarrann tú ar dhuine eile an teachtaireacht a sheoladh thar do cheann. Ní annamh a fhostaíonn duine comhairleach pleanála a sheolfaidh teachtaireacht chuig údarás áitiúil thar a cheann. Má mheastar gurb ionann na teachtaireachtaí sin agus gníomhaíocht brústocaireachta, is féidir go n-éileofar ar an gcomhairleach pleanála clárú agus d’áireofaí leis sin an duine a bhfuil sé ag déanamh ionadaíocht dó mar chliant ar a thuairisceán ar ghníomhaíocht brústocaireachta. Más rud é go ndearna an duine teachtaireachtaí leithleacha nó breise é féin a measadh a bheith ina ngníomhaíochtaí brústocaireachta, bheadh air clárú agus tuairisceán a sheoladh isteach.)
- A dhéantar chuig Oifigeach Poiblí Sainithe
- A bhaineann le ní iomchuí
- Nach teachtaireacht eiscthe í
D Cad is ní iomchuí ann?
Is é an sainmhíniú a thugtar san Acht ar ní iomchuí ná
- Ní ar bith a bhaineann le tionscnamh, forbairt nó mionathrú aon bheartais phoiblí nó aon chláir phoiblí
- Ullmhú nó leasú aon dlí (lena n-áirítear reachtaíocht thánaisteach amhail ionstraimí reachtúla agus fodhlíthe)
- Dámhachtain aon deontais, iasachta nó tacaíochta airgeadais eile, aon chonartha nó aon chomhaontaithe eile, nó aon cheadúnais nó údaraithe eile lena mbaineann cistí poiblí,
SEACHAS cur chun feidhme aon bheartais, chláir, achtaithe, dámhachtana nó ní ag a bhfuil cineál teicniúil.
E Cad is teachtaireacht eiscthe ann?
Tá roinnt teachtaireachtaí eiscthe sonracha ann san Acht nach meastar gurb ionann iad agus brústocaireacht. Tá an liosta iomlán de theachtaireachtaí eiscthe ar fáil anseo. Is iad seo a leanas na teachtaireachtaí eiscthe iomchuí maidir le criosú agus forbairt.
- Do phríomháit chónaithe phríobháideach: Níl brústocaireacht á déanamh agat má sheolann tú teachtaireacht chuig Oifigeach Poiblí Sainithe maidir le cead pleanála a fháil chun do phríomháit chónaithe phríobháideach a thógáil nó a shíneadh. Is ionann do phríomháit chónaithe phríobháideach agus teaghais, nó cuid de theaghais, a áitíonn tú mar an t-aon áit chónaithe atá agat nó mar phríomháit chónaithe atá agat. Áirítear léi gairdíní nó tailte nach bhfuil níos mó ná acra amháin (0.4 heicteár) ann a úsáidtear le haghaidh d’áitíochta nó do thaitnimh féin.
- Faisnéis fhíorasach: Teachtaireachtaí lena n-iarrtar faisnéis fhíorasach nó lena gcuirtear faisnéis fhíorasach ar fáil mar fhreagairt d’iarraidh ar an bhfaisnéis (mar shampla, má chuireann tú ceist ar bhall nó oifigeach d’údarás áitiúil faoin bpróiseas pleanála)
- Aighneachtaí foilsithe: Teachtaireachtaí a iarrann agus a fhoilsíonn comhlacht seirbhíse poiblí (mar shampla, aighneachtaí a fhaightear mar fhreagairt do phróiseas comhairliúcháin phoiblí ar phlean forbartha nó ar phlean limistéir áitiúil)
- Teachtaireachtaí a sheolann Oifigigh Phoiblí Ainmnithe nó fostaithe sa tseirbhís phoiblí: Teachtaireachtaí a sheolann Oifigeach Poiblí Sainithe chuig Oifigigh Phoiblí Shainithe eile agus a sheoltar sa cháil sin; teachtaireachtaí a sheolann fostaithe sa tseirbhís phoiblí (nó daoine atá fostaithe ar conradh ag comhlacht seirbhíse poiblí) chuig Oifigigh Phoiblí Shainithe eile a sheoltar sa cháil sin agus a bhaineann le feidhmeanna an chomhlachta seirbhíse poiblí sin. Fostaítear fostaithe sa tseirbhís phoiblí i gcomhlachtaí seirbhíse poiblí nó bíonn siad i seilbh oifige sna comhlachtaí sin - go ginearálta, is comhlachtaí Stáit iad in ionad comhlachtaí Stáit tráchtála. Is comhlachtaí seirbhíse poiblí iad údaráis áitiúla. (Fágann sé sin nach ionann agus brústocaireacht na teachtaireachtaí a sheolann comhairleoirí contae nó ionadaithe tofa eile chuig bainisteoirí údaráis áitiúil nó fostaithe eile sa tseirbhís phoiblí.)