Conas a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil brústocaireacht á déanamh agat

Tá ceisteanna ann is gá duit a chur/a fhreagairt sula gcinneann tú cé acu atá nó nach bhfuil tú i mbun brústocaireachta de réir bhrí na reachtaíochta:

An bhfuil teachtaireacht á seoladh agat chuig Oifigeach Poiblí Sainithe maidir le criosú nó forbairt?

Féadfaidh teachtaireacht dhíreach nó indíreach a bheith i gceist anseo.  Is teachtaireacht indíreach í teachtaireacht a iarrann tú ar dhuine eile a sheoladh thar do cheann agus meastar chun críocha an Achta gur tusa a sheol an teachtaireacht go fóill.

Má tá,

An ní iomchuí é?

An mbaineann an teachtaireacht le tionscnamh, forbairt nó mionathrú aon bheartais phoiblí nó aon chláir phoiblí maidir le criosú nó forbairt nó an mbaineann sí le cur chun feidhme aon bheartais nó aon chláir den sórt sin?  Má bhaineann sí le cur chun feidhme amháin, níl brústocaireacht á déanamh agat.

Cad atá i gceist go díreach leis an teachtaireacht?

Samplaí de theachtaireachtaí maidir le criosú agus forbairt ar dóigh go measfar gurb ionann iad agus brústocaireacht

I gcás criosaithe agus forbartha, is iad seo a leanas roinnt samplaí de theachtaireachtaí maidir le nithe iomchuí a mheasfaí gurb ionann iad agus brústocaireacht:

  • Is ionann agus brústocaireacht teachtaireacht a sheoltar lasmuigh de phróiseas foirmiúil comhairliúcháin chuig Oifigeach Poiblí Sainithe maidir le plean forbartha nó plean limistéir áitiúil nó criosú nó athchriosú talún.
  • Féadfar gurb ionann agus brústocaireacht teachtaireacht a sheoltar chuig Oifigeach Poiblí Sainithe maidir le hiarratas pleanála le haghaidh forbairt cónaithe ar thalamh atá criosaithe mar thalamh cónaithe cheana féin má bhaineann an t-iarratas pleanála le mionathrú beartais, mar shampla, i gcásanna ina mbaineann an t-iarratas le dlús tithíochta atá níos mó ná mar atá leagtha amach sa phlean forbartha nó sa phlean limistéir áitiúil.
  • Is féidir a mheas gurb ionann agus brústocaireacht teachtaireacht maidir le hiarratas pleanála a sheoltar chuig Oifigeach Poiblí Sainithe lasmuigh den phróiseas foirmiúil pleanála sa chás go n-iarrtar san iarratas pleanála, nó go dteastaíonn ón iarratas pleanála, athrú i mbeartas forbartha an údaráis áitiúil, lena n-áirítear athraitheas pleanála.
  • Féadfar gurb ionann agus brústocaireacht teachtaireacht a sheoltar chuig Oifigigh Phoiblí Shainithe maidir le mórthionscadail bhonneagair a fhorbairt. 
  • Is ionann agus brústocaireacht teachtaireacht a sheoltar chuig Oifigeach Poiblí Sainithe maidir le hiarratas pleanála ar fheirm ghaoithe a fhorbairt nó ar phiolóin a thógáil ar thalamh atá criosaithe mar thalamh talmhaíochta nó taitneamhachta (is cuma cé acu atáthar ag tacú leis an iarratas nó ag cur ina aghaidh) má bhaineann an teachtaireacht sin le mionathrú beartais.
  • Ní hionann agus brústocaireacht teachtaireacht maidir le do phríomháit chónaithe phríobháideach.
  • Ní hionann iarratas ar chead pleanála agus brústocaireacht.
  • Ní hionann an iarraidh dearbhuithe/atreoruithe faoi na hAchtanna Pleanála maidir le forbairt agus le forbairt dhíolmhaithe agus brústocaireacht.
  • Ní hionann agus brústocaireacht aighneacht a chur faoi bhráid údarás áitiúil maidir le hiarratas ar chead pleanála.
  • Meastar gur ábhar cur chun feidhme iad teachtaireachtaí a sheoltar chuig Oifigeach Poiblí Sainithe maidir le hiarratas pleanála a chloíonn le beartas forbartha/plean forbartha bunaithe an údaráis áitiúil. Mar sin, tá siad díolmhaithe ó na ceanglais atá ann tuairisceán a chlárú agus a chur isteach.
  • Ní hionann agus brústocaireacht teachtaireacht a sheoltar chuig údarás áitiúil nó chuig Oifigeach Poiblí Sainithe maidir le coinníoll pleanála a fhorfheidhmiú toisc go mbaineann sí le cur chun feidhme.
  • Ní hionann agus brústocaireacht aighneacht a chur faoi bhráid údarás áitiúil ina leagtar amach do thuairimí ar phlean forbartha nó plean limistéir áitiúil atá beartaithe mar chuid de phróiseas comhairliúcháin phoiblí.
  • Ní hionann agus brústocaireacht faisnéis a iarraidh faoin bpróiseas pleanála, forbartha nó criosaithe.

Cad iad na samplaí teachtaireachta maidir le criosú agus forbairt nach dóigh go measfar gurb ionann iad agus brústocaireacht?