Athbhreithniú ar an Acht

Foráiltear leis an reachtaíocht d’athbhreithniú rialta a dhéanamh ar oibriú an Achta.  Rinneadh an chéad athbhreithniú den sórt sin i mí Mheán Fómhair 2016 nuair a bhí an tAcht i bhfeidhm le bliain.  D’fhoilsigh an tAire tuarascáil ar an gcéad athbhreithniú ar an Acht an 2 Bealtaine 2017 agus tuarascáil ar an dara athbhreithniú ar an Acht ar an 25ú Feabhra 2020. Tá na Tuarascálacha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe. Rinneadh athbhreithniú eile ar an Acht i 2022 agus ina dhiaidh sin d’fhoilsigh an tAire an Bille um Brústocaireacht (Leasú) 2022 i Meán Fómhair 2022.

Tar éis don Bhille um Brústocaireacht (Leasú) 2022 a rith ar an 22ú Meitheamh 2023 ní mór athbhreithnithe ina dhiaidh sin a dhéanamh gach cúig bliana.  Agus an t-athbhreithniú sin á dhéanamh aige/aici, rachaidh an tAire i gcomhairle le daoine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta agus lena gcuid ionadaithe, i measc daoine eile.  Ní mór dó/di dul i gcomhairle leis an gCoimisiún um Chaighdeáin freisin.