Cuspóirí an Achta um Brústocaireacht a Rialáil 2015
Is é aidhm an Achta faisnéis a chur ar fáil don phobal faoi na nithe seo:
- Cé atá ag déanamh brústocaireachta;
- Cé ar a shon a bhfuil brústocaireacht á déanamh;
- Cé na saincheisteanna atá i gceist sa bhrústocaireacht;
- Cad is aidhm don bhrústocaireacht a bhaint amach;
- Cé a bhfuil brústocaireacht á déanamh air.
Foráiltear na nithe seo leis an Acht:
- Clár brústocaireachta a bhfuil rochtain ag an bpobal air a bhunú agus a choimeád ar bun;
- Oibleagáidí ar bhrústocairí clárú agus faisnéis a chur ar fáil go rialta faoina ngníomhaíochtaí brústocaireachta, lena n-áirítear faisnéis faoina gcliaint i gcás brústocairí gairmiúla;
- Tréimhse “mharana” a thabhairt isteach nach bhféadfaidh roinnt iar-Oifigeach Poiblí Ainmnithe gníomhaíocht brústocaireachta a dhéanamh lena linn. Níl feidhm ag an bhforáil sin le Baill d’Údaráis Áitiúla; agus
- An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) a bheith ar an rialálaí brústocaireachta.