Treoir do TDanna, do Sheanadóirí agus do FPEnna
Réamhrá
Síníodh an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 (uimh. 5 de 2015) (an tAcht) isteach sa dlí i mí an Mhárta 2015 agus tháinig sé i bhfeidhm ar an 1ú Meán Fómhair 2015. Ritheadh an Bille um Brústocaireacht a Rialáil (Leasú) 2022 ina dhlí ar an 22ú Meitheamh 2023. Cuirfear tús le forghníomhú ar an 1ú Eanáir 2024 ar fhormhór na leasuithe agus cuirfear tús leis an bhforghníomhú ar an 1ú Meitheamh 2024 leis an gcuid eile
Is Oifigigh Phoiblí Ainmnithe iad Comhaltaí den Dáil, Comhaltaí den Seanad agus Feisirí de Pharlaimint na hEorpa atá ag déanamh ionadaíocht do Stát na hÉireann (féach leathanach 3 le haghaidh míniú a fháil ar cé hiad na hOifigigh Phoiblí Ainmnithe). Ní cheanglaítear ar TDanna, ar Sheanadóirí agus ar FPEnna clárú ná tuairisceán a chur isteach nuair atá brústocaireacht á déanamh orthu. Agus brústocaireacht á déanamh orthu, ní mór do na brústocairí tuairisc a thabhairt ar a gcuid idirghníomhaíochtaí de réir an Achta um Brústocaireacht a Rialáil 2015. Dréachtaíodh na treoirlínte sin chun a chinntiú go dtuigeann TDanna, Seanadóirí agus FPEnna an dóigh a n-oibríonn an córas, an ról a bhíonn acu ann agus an pháirt a bhíonn acu i dtacú le cur chun feidhme éifeachtach na reachtaíochta.