Iar-Oifigigh Phoiblí nó Oifigigh Phoiblí Reatha atá Fostaithe ag Brústocaire nó atá ag cur Seirbhísí ar fáil do Bhrústocaire

Ceanglaítear leis an Acht nach mór daoine aonair atá i mbun gníomhaíocht brústocaireachta thar ceann brústocaire agus a bhí ina Oifigeach Poiblí Ainmnithe ag aon am ar bith a bheith ainmnithe i dtuairisceáin ar an gClár Brústocaireachta.

Más rud é go bhfuil nó go raibh tú i d’Oifigeach Poiblí Ainmnithe (roimh rith an Achta nó ina dhiaidh), agus

  • go bhfuil tú fostaithe ag brústocaire nó ag cur seirbhísí ar fáil do bhrústocaire, agus
  • go raibh tú i mbun cumarsáidí brústocaireachta le linn tréimhse tuairiscithe iomchuí,

ceanglaítear le hAlt 12 den Acht nach mór d’ainm a bheith ar áireamh i dtuairisceán ón mbrústocaire don tréimhse sin. Beidh d’ainm le feiceáil ar an gClár Brústocaireachta dá bharr sin.