Treoir d'Oifigigh Phoiblí Ainmnithe
(PDF) Size: 936KB
Réamhrá
Síníodh an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, (uimh. 5 de 2015) (an tAcht) isteach sa dlí i mí an Mhárta 2015. Tháinig Codanna 1, 2, 3 agus 5 den Acht i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2015. Tháinig Cuid 4 den Acht (Forálacha forfheidhmithe) i bhfeidhm an 1 Eanáir 2017.
Ritheadh an Bille um Brústocaireacht a Rialáil (Leasú) 2022 ina dhlí ar an 22ú Meitheamh 2023. Tagann na forálacha forfheidhmithe i bhfeidhm ar an 1ú Eanáir 2024 agus ar an 1ú Meitheamh 2024.
Dréachtaíodh na treoirlínte seo chun a chinntiú go dtuigeann comhlachtaí poiblí agus Oifigigh Phoiblí Ainmnithe an dóigh a n-oibríonn an córas, an ról a bhíonn acu ann agus an dóigh ar féidir leo tacú le cur chun feidhme éifeachtach na reachtaíochta. Níl Oifigigh Phoiblí Ainmnithe faoi réir rialacha maidir le brústocaireacht a chlárú agus tuairisc a thabhairt uirthi. Agus brústocaireacht á déanamh ar Oifigigh Phoiblí Ainmnithe, áfach, ní mór do na brústocairí tuairisc a thabhairt ar a gcuid idirghníomhaíochtaí de réir an Achta. Tá breac-chuntas tugtha i Rannán 4(b) de na treoirlínte seo ar cé hiad na hOifigigh Phoiblí Ainmnithe.
Forálann an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil (Leasú) 2022 go gcuirfidh gach comhlacht seirbhíse poiblí in iúl, i scríbhinn, do gach OPA sa chomhlacht faoina n-oibleagáidí faoi Alt 22 den Acht, nuair a bheidh sé ag dul i mbun an chomhlachta agus ag fágáil an chomhlachta (alt 22(6)). Ní mór don chomhlacht Seirbhíse Poiblí fógra a thabhairt don Choimisiún freisin a luaithe is eol dóibh go bhfuil OPA ábhartha ag fágáil an chomhlachta (alt 22(7)).