An Ról Lárnach a bhíonn ag an mBrústocaireacht i dTír Dhaonlathach Rathúil
Cuid bhunriachtanach den phróiseas daonlathach is ea an bhrústocaireacht. Eagraíochtaí amhail grúpaí sainleasa, comhlachtaí ionadaíocha, eagraíochtaí tionscail, eagraíochtaí neamhrialtasacha, carthanais agus brústocairí gairmiúla tríú páirtí, cuireann siad go léir ionchur agus aiseolas riachtanach ar fáil trína gcuid tuairimí agus buarthaí a chur in iúl don rialtas.
Gné dhearfach riachtanach d’fhorbairt beartais is ea an caidreamh sin. Ba cheart do chomhlachtaí poiblí leanúint ar aghaidh ag éascú agus ag spreagadh na gcumarsáidí sin go gníomhach a mhéid is féidir.
Tá sé mar chuspóir ag an Acht an próiseas um ghníomhaíochtaí brústocaireachta a sheoladh a dhéanamh níos trédhearcaí, agus é ag tacú leis an gcaidreamh idir comhlachtaí poiblí agus a ngeallsealbhóirí ag an am céanna. Níl sé mar aidhm ag an Acht cosc ná bac a chur ar ghníomhaíocht brústocaireachta agus níor cheart do chomhlachtaí poiblí ná d’Oifigigh Phoiblí Ainmnithe an tAcht a úsáid mar chúis le diúltú do theagmháil a dhéanamh le daoine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta. Tá sé tábhachtach nach mbeidh agus nach measfar go mbeidh aon tionchar diúltach ann ar chaidreamh duine le comhlachtaí poiblí nó lena n-oifigigh más rud é go nglacann sé/sí páirt i ngníomhaíocht brústocaireachta, go gcláraíonn sé/sí agus go gcuireann sé/sí tuairisceáin isteach chuig an gClár. D’fhéadfadh go mbeadh rialacha i bhfeidhm cheana féin maidir le cúrsaí ábhartha mar a bhfuil an bhrústocaireacht míchuí agus mar a bhféadfadh sí duine a dhícháiliú óna bhreithniú. Sna cásanna sin, ní théann an tAcht i bhfeidhm ar shocruithe den sórt sin seachas maidir lena shainaithint go ndearnadh cumarsáidí den sórt sin (más ionann iad agus ‘cumarsáidí iomchuí’ de réir an tsainmhínithe atá san Acht (féach thíos)).