Cuspóirí an Achta
Is é aidhm an Achta faisnéis a chur ar fáil don phobal faoi na nithe seo:
- Cé atá ag déanamh brústocaireachta;
- Cé a bhfuil brústocaireacht á déanamh air;
- Cé ar a s(h)on a bhfuil brústocaireacht á déanamh;
- Cé na saincheisteanna atá i gceist sa bhrústocaireacht;
- Cad is aidhm don bhrústocaireacht a bhaint amach.
Foráiltear do na nithe seo leis an Acht:
- An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún) a bheith ar an rialálaí brústocaireachta;
- Clár brústocaireachta ar líne (an Clár) a bhfuil rochtain ag an bpobal air a bhunú agus a choimeád ar bun. (Tá an Clár ar fáil ag www.lobbying.ie);
- Daoine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta chun clárú agus faisnéis a sholáthar go rialta faoina ngníomhaíochtaí brústocaireachta, lena n-áirítear, i gcás brústocairí gairmiúla, faisnéis faoina gcliaint;
- Tréimhse “mharana” a thabhairt isteach nach bhféadfaidh roinnt iar-Oifigeach Poiblí Ainmnithe gníomhaíocht brústocaireachta a dhéanamh lena linn;
- Cionta agus Pionóis as sáruithe áirithe ar an Acht.