Cruinniú an Ghrúpa Chomhairligh - an 1 Deireadh Fómhair 2015

Taifead na bpríomh-shaincheisteanna

 

Liosta na nDaoine a bhí i Láthair –

Sherry Perreault, (Cathaoirleach), an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin), Damien Egan, an Coimisiún um Chaighdeáin, Pádraig Grant, an Coimisiún um Chaighdeáin, Áine Stapleton, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Madeleine Delaney, Oifig an Ombudsman, Martin Wallace, Dovetail, Jim O’Keeffe, an Coimisiún um Chaighdeáin.

Ivan Cooper, The Wheel, Ian Talbot, Chambers Ireland, Denis Barry, na Coimisinéirí Ioncaim, John Carroll, Institiúid na hÉireann um Chaidreamh Poiblí agus Cumann Sainchomhairleoirí Caidrimh Phoiblí na hÉireann, Elaine Farrell, Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann, Jim Keogan, an Cumann Bainistíochta Teagmhála le Custaiméirí, Bryan Rankin, Coiste Comhairleach na gComhlachtaí Cuntasaíochta, Martin Lambe, Institiúid Chánach na hÉireann, Pat Galvin, Eircom, Sheila Norden, ICTR, Niall Shanahan, IMPACT, Siobhán Masterson, Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (IBEC), Paul Gordon, Cumann Ailse na hÉireann, Shirley Coulter, Comhairle Bharra na hÉireann.

Labhair Sherry Perreault faoi na himeachtaí a bhí ar siúl ón gcruinniú roimhe.

  • Tá na litreacha uile eisithe anois don 1000 cuideachta is mó.
  • Tá clár fairsing for-rochtana ar siúl agus thug an Coimisiún um Chaighdeáin cainteanna ag imeachtaí éagsúla ar fud na tíre.
  • Cuireadh roinnt seisiúin faisnéise oscailte ar siúl in oifigí an Choimisiúin um Chaighdeáin. An-fhaisnéiseach a bhí na himeachtaí sin agus bhí freastal maith ann orthu. Tá an chéad seisiún eile le cur ar siúl an tseachtain seo chugainn agus tá seans ann go reáchtálfar tuilleadh seisiún sa todhchaí ag brath ar an éileamh.
  • Chomhaontaigh formhór na bpáirtithe polaitíochta parlaiminte seisiún faisnéise a sceidealú ar an Acht.
  • Taobh leis an bhfeachtas fógraíochta, bhí an Grúpa den tuairim gur mhaith an rud é tuilleadh clúdaigh a eagrú sna meáin idir tosach feidhme an Achta i mí Mheán Fómhair agus spriocdháta na chéad tréimhse tuairisceán i mí Eanáir.
  • Moladh gurbh fhiú seisiún faisnéise a thionól d’iriseoirí maidir leis an Acht agus le feidhmiú an Chláir roimh an spriocdháta le haghaidh tuairisceán i mí Eanáir.
  • D’fhiafraigh an Grúpa an ndearnadh aon taighde ar na leibhéil eolais atá ag earnálacha gnó ar leith ar an Acht. Luadh nach raibh aon taighde déanta ag an am sin agus go bhféadfadh go ndéanfadh an Coimisiún um Chaighdeáin breithniú air sin tar éis an obair for-rochtana a chríochnú agus tar éis na chéad tréimhse tuairisceán.
  • Dúirt an Grúpa go mbeadh sé tairbheach dá bhféadfadh an Coimisiún um Chaighdeáin samplaí de bhrústocaireacht agus cas-staidéir ar bhrústocaireacht a chur ar fáil. Féachfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin le déanamh amhlaidh le himeacht ama. Cuirfidh comhaltaí den Ghrúpa ceisteanna coitianta ina leith sin ar aghaidh chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin ar mhaithe leis an obair sin a éascú.
  • D’iarr an Grúpa go gcuirfí treoir bhreise leis an suíomh Gréasáin, treoir ina dtabharfaí soiléiriú maidir le hábhair amhail ceisteanna parlaiminte, meithleacha machnaimh agus an sainmhíniú atá ar ní iomchuí.
  • Rinne an Grúpa plé ar na leibhéil feasachta atá ag earnálacha gnó ar leith ar an Acht. Tríd an gclár for-rochtana, féachfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin le sainaithint a dhéanamh ar ghrúpaí gnó nach ndearnadh teagmháil leo go fóill agus freastalóidh sé ar sheisiúin faisnéise do na grúpaí sin.
  • Dúirt an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go mbíonn cuid mhór oibre á déanamh aici chun dul i dteagmháil le hOifigigh Phoiblí Ainmnithe ar mhaithe le iad a chur ar an eolas faoin stádas atá acu mar Oifigigh Phoiblí Ainmnithe.
  • Luaigh Comhaltaí den Ghrúpa go gcreideann siad gurb ann do roinnt grúpaí a bhfuil rochtain acu ar Oifigigh Phoiblí Ainmnithe agus nach dtiocfaidh faoin Acht. Déanfaidh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an Coimisiún um Chaighdeáin faireachán air sin.
  • Chuir an Grúpa in iúl gurb ann do roinnt cláraithe ar an gClár beo a bhfuil botúin ina sonraí clárúcháin. Tá an Coimisiún um Chaighdeáin ar an eolas faoi sin agus tá sé ag déanamh teagmháil le cláraithe a gcreideann sé gur gá dóibh a sonraí clárúcháin a leasú.
  • D’iarr an Grúpa an fhaisnéis is déanaí faoin tsaoráid bulc-uaslódála. Tá an tsaoráid sin á tástáil faoi láthair. Is féidir le comhaltaí ríomhphost a chur chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin chun tuilleadh sonraí a fháil.
  • Deimhníodh go bhfuil an Grúpa Comhairleach faoi réir an Chóid Trédhearcachta agus foilseofar na miontuairiscí seo ar an suíomh Gréasáin lobbying.ie dá bharr sin.
  • D’iarr an Grúpa soiléiriú maidir lena dtarlóidh i gcásanna ina bhfaigheann an Coimisiún um Chaighdeáin tuairiscí faoi ghníomhaíochtaí brústocaireachta féideartha nach bhfuil cláraithe. Tá an Coimisiún um Chaighdeáin fós i mbun próisis a fhorbairt do chásanna den sórt sin.
  • Luaigh an Grúpa go bhfuil imní ann go bhféadfadh go mbeadh drochimpleachtaí ann sa chéad bhliain dóibh siúd a chomhlíonann an tAcht i gcomparáid leo siúd a roghnaíonn neamhaird a thabhairt air mar gheall ar an easpa pionós atá i gceist.
  • Cuireadh imní in iúl faoi bhrústocaireacht thar lear. Tá an Grúpa ag iarraidh tuilleadh soiléire agus feasachta ar an tsaincheist sin, go háirithe maidir leis an sainmhíniú atá ar bhrústocaireacht laistigh den dlínse agus ar bhrústocaireacht lasmuigh den dlínse. Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an Coimisiún um Chaighdeáin araon ar an eolas faoin tsaincheist sin. Forbrófar tuilleadh treorach ina leith agus tiocfaidh tuiscint níos fearr as cásanna aonair.
  • Bhí an Grúpa den tuairim go bhféadfadh go ndéanfadh an easpa aonfhoirmeachta sna tuairisceáin difear dá éifeachtaí atá an Clár.
  • Chuir an Coimisiún um Chaighdeáin in iúl don Ghrúpa gur nuashonraíodh na treoirlínte maidir le Criosú agus Forbairt, bunaithe go príomha ar chumarsáid leis na hÚdaráis Áitiúla. Foilseofar na treoirlínte sin ar líne go luath.
  • Chuir an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe in iúl don Ghrúpa gur síníodh dhá Ionstraim Reachtúla agus gur cuireadh Painéal Oifigeach Achomhairc ar bun ón gcruinniú roimhe.
  • Shainaithin an Grúpa go bhféadfadh go bhféadfadh fadhbanna riaracháin don Choimisiún um Chaighdeáin teacht as iarrataí moillithe foilseacháin a bheith ag teacht ar an lá deireanach den tréimhse tuairisceán. Moladh gur cheart glacadh le hiarratais tríd an tréimhse tuairisceán, agus an lá deireanach den tréimhse tuairisceán á shocrú mar dháta éifeachtach. Déanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin faireachán air sin agus d’fhéadfadh go gcuirfeadh sé é ar áireamh san athbhreithniú reachtach.
  • Iarradh tuilleadh treorach agus soiléire freisin maidir leis na tréimhsí ama ina bhfaigheadh iar-Oifigigh Phoiblí Ainmnithe imréiteach ón gCoimisiún um Chaighdeáin. Iarradh soiléire freisin maidir leis an sainmhíniú atá ar na téarmaí ‘baint/bainteach’. Déanfaidh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cinntí beartais ina leith sin a chomhroinnt leis an gCoimisiún um Chaighdeáin.

An Chéad Chruinniú Eile – 11 Samhain ag 2pm