Athbhreithniú Reachtach aran Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 : Arna gcur isteach ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

I. Réamhrá

Tháinig tabhairt isteach chreat rialachán brústocaireachta in Éirinn mar thoradh ar an-chuid blianta ag iarraidh níos mó trédhearcachta sa phróiseas ceapthadh beartais. 

Thug an Binse Fiosrúcháin um Chúrsaí Pleanála agus Íocaíochtaí Ar Leith (An Binse Mahon), a bunaíodh chun líomhaintí míchuibhis i ndáil le cinntí pleanála ar leith a scrúdú, dá haire go bhféadfadh “buntáistí míchothroma a bheith ann do leasanna dílsithe mura bhfuil dóthain trédhearcachta ar ghníomhachtaí brústocaireachta” de bharr na brústocaireachta.   Mhol an Binse go sonrach ina thuarascáil 2012, inter alia, go gceanglófar ar na brústocairí clarú, cloígh le Cód Iompair reachtúil, agus “eolas maidir leis na daoine a dhéanann siad brústocaireacht ar a son, na hoifigigh agus na hinstitiúidí poiblí a dhéanann siad brústocaireacht orthu agus ábhair na gníomhaíochta brústocaireachta sin a nochtadh”.

Leis an gcúlú eacnamaíochta cuireadh níos mó béime ar na bearnaí sa chreat rialachais in Éirinn.  Chreid roinnt oifigeach poiblí, comhaltaí na meán agus an pobal i gcoitinne nach raibh na struchtúir trédhearcachta a bhí ann sásúil, le himní an phobail a bhí ag dul i méid faoin idirchaidreamh dlúth, braite idir an lucht déanta beartas agus na daoine sin a raibh fonn orthu dul i gcion ar an lucht déantar beartas.

Shínigh an tUachtarán an Acht um Brústocaireacht a Rialáil sa dlí i Mí an Mhárta 2015, mar chuid de shraith bheartais trédhearcachta a dearadh chun oscailteacht agus trédhearcacht i saol poiblí na hÉireann a fheabhsú. 

Leis an Acht, foráiltear do chlár gníomhaíochta brústocaireachta ar líne atá ar fáil go poiblí a bhunú.  Leis an Acht, éilítear go gcaithfidh aon duine a thagann faoi chuimsiú scóip an Achta, atá i teagmháil le hOifigeach Poiblí Ainmnithe faoi ábhar ábhartha, clárú agus tuairisceáin a chur isteach trí huaire in aghaidh na bliana, a fhoilseofar ar an gclár. 

Leis an Acht, leagtar amach cé nach mór dóibh clárú, cé atá ina nOifigigh Phoiblí Ainmnithe, agus cad is ábhar ábhartha ann.  Sonraítear leis cad é an t-eolas nach mór a chur san áireamh sna clárúcháin agus tuairisceáin gníomhaíochta brústocaireachta, agus léirítear leis roinnt eisceachtaí ón gceanglas cláraithe.

Leis an Acht, bunaítear freisin tréimhse shuaimhnithe iar-fhostaíochta ar feadh bliana, agus le linn na bliana sin ní féidir le roinnt oifigeach poiblí thabhairt faoi ghníomhaíochtaí brústocaireachta. Déantar foráil san Acht seo d'imscrúdú agus forfheidhmiú an Achta freisin. 

Luíonn an fhreagracht maidir le riar an Chláir leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. 

Cuireadh tús leis an gcuid is mó d'fhorálacha an Achta i mí Mheán Fómhair 2015, agus tá siad i bhfeidhm anois ar feadh bliana.  Tiocfaidh forálacha imscrúduithe agus forfheidhmithe an Achta i bhfeidhm i mí Eanáir 2017.

Go dtí seo, tá ag éirí go han-mhaith le cur chun feidhme an Achta. Seoladh an clár ceithre mhí sular cuireadh tús leis an Acht, ionas go mbeadh deis ag cláraithe féideartha an córas a thriail. Le sraith uirlisí faisnéise, suíomh gréasáin, treoirlínte agus nótaí faisnéise san áireamh, tugadh treoir do dhaoine brústocaireachta, d'oifigigh phoiblí ainmnithe agus do bhaill an phobail.  Le clár fairsing cumarsáide agus for-rochtana, feachtas fógraíochta náisiúnta cló, raidió agus digiteach san áireamh, ardaíodh feasacht maidir leis an Acht agus a chuid oibleagáidí i meon an phobail.

Amhail ó mhí Mheán Fómhair 2016, tá níos mó ná 1,400 daoine agus eagraíochtaí cláraithe ar an gcóras, agus cuireadh níos mó ná 4,500 tuairisceán isteach.


a. Athbhreithniú Reachtach

In Alt 2 den Acht, foráiltear go mbeidh an tAcht faoi réir athbhreithnithe i ndiaidh na chéad bhliana, agus gach trí bliana ina dhiaidh sin.  Beidh athbhreithnithe faoi stiúir an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, a cheanglaítear air dul i gcomhairle leis na príomhgheallsealbhóirí, an Coimisiún um Chaighdeáin san áireamh.

Tá an chéad athbhreithniú reachtach ar an Acht seolta anois.  Arna iarraidh sin don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, tá an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí sásta an aighneacht lena ngabhann a chur ar fáil don Aire le go mbreithneoidh sé í i ndáil leis an athbhreithniú reachtach reatha ar an Acht um Brústocaireacht a Rialú 2015  (an tAcht).

Tá an aighneacht seo bunaithe ar an taithí a bhfuair an Coimisiún thar an chéad bhlian agus an tAcht á riar.  Is luath go leor é i saolré an chórais nua.  Níor rinneadh tástáil ar roinnt maith d'fhorálacha an Achta go fóill trí chur i bhfeidhm praiticiúil, go háirithe ailt an Achta nach bhfuil i bhfeidhm fós.  Sa chuid is mó de na cásanna, b'fhearr leis an gCoimisiún fanacht chun fheiceáil conas a rachaidh an tAcht i bhfeidhm i bhfíorchásanna.

Cé go dtugann an Coimisiún dá haire go bhfuil an tAcht ag feidhmiú go maith ag an gcéim luath seo, tá roinnt réimsí a sainaithníodh ina bhféadfadh an tAcht leas a bhaint as leasú nó soiléiriú.  Leis an aighneacht, sainaithnítear na forálacha seo, chomh maith le saincheisteanna ar a bhfuil an tAcht ina thost agus áit a d'fhéadfadh roinnt tagartha sa reachtaíocht a bheith úsáideach.  Tá cuid de na moltaí sin teicniúil, agus tá cinn eile de chineál níos substaintiúla.

Le himeacht ama, agus go háirithe nuair a gcuirfear tús leis na forálacha forfheidhmithe, d'fhéadfadh sé go sainaithneoidh an Coimisiún moltaí eile maidir le hathruithe ar an Acht.  Dá bhrí sin, is gan dochar do na hathbhreithnithe a dhéanfar amach anseo, go soláthraíonn an Coimisiún an aighneacht seo.

Creideann an Coimisiún, má ghlacfar leis na moltaí sin, go neartófar feidhmiú an Achta tuilleadh leo, agus feabhsófar leo prionsabail na trédhearcachta agus na cuntasachta atá mar bhonn den reachtaíocht.

Tá an aighneacht eagraithe i gcúig rannóg: Réamhrá, Sainmhínithe, Oibríochtaí, Forfheidhmiú agus Eile.


II. Sainmhínithe

I measc ábhar ginearálta eile, leagtar amach i gCuid 1 den Acht sainmhínithe ar théarmaí áirithe san Acht, an bhrí le bheith i mbun gníomhaíochtaí brústocaireachta san áireamh. Leis an méid seo a leanas, sainaithnítear ceisteanna a bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu sa sainmhíniú seo.

a) Daoine laistigh de Scóip

Comhlachtaí ionadaíochta nó abhcóideachta gan fhostaithe

I bhFo-alt 5 (2) den Acht, foráiltear go bhfuil duine i mbun gníomhaíochtaí brústocaireachta má dhéanann, má bhainistíonn nó má stiúrann an duine sin, aon chumarsáid ábhartha i gcás:

(b) go bhfuil fostaí lánaimseartha amháin nó níos mó ag an duine agus gur comhlacht é nó í atá ann go príomha chun bheith ionadaitheach do leasanna a chomhaltaí agus go ndéantar na cumarsáidí iomchuí thar ceann aon duine de na comhaltaí, nó

(c) go bhfuil fostaí lánaimseartha amháin nó níos mó ag an duine agus gur comhlacht é nó í atá ann go príomha chun díriú ar shaincheisteanna áirithe agus go ndéantar na cumarsáidí iomchuí ar mhaithe le haon cheann de na saincheisteanna sin a chur ar aghaidh.

Ní mheastar go ndéanann an comhlacht cumarsáid ábhartha ach amháin má dhéantar an chumarsáid ag fostaí íoctha nó ag sealbhóir oifige íoctha, ina cháil nó ina cáil mar sin.

Is fiú a thabhairt ar aird nach bhfuil aon shainmhíniú ar fhostaí lánaimseartha san Acht.

Tá roinnt comhlachtaí ionadaíocha ann, go príomha, chun tacú lena gcomhaltaí, ach nach bhfuil fostaithe lánaimseartha acu agus dá bhrí sin níl siad gafa ag an Acht.  Mar thoradh air sin, fágadh roinnt cumann gairmiúil ar lár a mbíonn i dteagmháil go rialta le hoifigigh phoiblí ainmnithe faoi chúrsaí ábhartha.

Ina theannta sin, thugamar ar aird roinnt comhghuaillíochtaí neamhfhoirmiúla leasanna gnó a cruthaíodh chun brústocaireacht a dhéanamh mar ghrúpa i ndáil le saincheist de leas frithpháirteach tionscail. Tá na comhghuaillíochtaí neamhfhoirmiúla sin ainmnithe agus oibríonn siad le chéile chun ionadaíocht a dhéanamh ar a gcuid leasanna, ach gan fhostaí lánaimseartha, titeann an chomhghuaillíocht féin lasmuigh de scóip an Achta.

In aon cheann den dá shampla thuas, féadfaidh comhaltaí comhpháirteacha na gcomhlachtaí sin teacht go neamhspleách faoi scóip an Achta.  Ag brath ar imthosca na cumarsáide, féadfaidh comhalta comhpháirteach a bheith ag déanamh brústocaireachta go hindíreach tríd an gcomhlacht eile agus d'fhéadfadh an oibleagáid a bheith orthu clárú. I gcásanna eile, is é an comhlacht ionadaíocha nó an chomhghuaillíocht a dhéanann, a bhainistíonn nó a stiúrann an chumarsáid, agus níl sí inchurtha i leith an chomhalta chomhpháirtigh agus dá bhrí sin, tagann sé lasmuigh de scóip an Achta.  Ar mhaithe le soiléireacht, d'fhéadfadh sé a bheith úsáideach chun dul i ngleic go sainráite leis an gceist seo san Acht.

Tá sé tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir comhlachtaí ionadaíocha atá ann chun ionadaíocht a dhéanamh ar a gcomhaltaí, agus comhlachtaí abhcóideachta, a d'fhéadfadh cumarsáid a dhéanamh ar mhaithe le saincheist.  Is é fócas an mholta seo é comhlachtaí ionadaíocha ag déanamh ionadaíochta  ar leasanna gairmiúla agus/nó gnó  agus ar chomhghuaillíochtaí neamhfhoirmiúla leasanna gnó.

Moladh 1:  Moltar an tAcht a leasú chun aghaidh a thabhairt ar chomhlachtaí ionadaíocha le níos lú ná fostaí lánaimseartha amháin agus ar chomhghuaillíochtaí neamhfhoirmiúla go sainráite.

Cumarsáid tríú páirtí ar chriosú agus ar fhorbairt

In Alt 5(1)(a) den Acht, foráiltear go bhfuil tríú páirtithe i mbun gníomhaíochtaí brústocaireachta má dhéanann siad cumarsáid ábhartha ar son cliaint i gcás ina gcomhlíonfaidh an cliant na critéir atá san Acht (eadhon, go mbeidís ina fhostóir de níos mó ná deich, nó ina chomhlacht ionadaíoch nó abhcóideachta a bhfuil fostaí lánaimseartha amháin ar a laghad aige).  Má tá siad ag déanamh brústocaireachta, ní mór dóibh an cliant a chlárú agus  a shainaithint ina dtuairisceán.

Mar sin féin, cé go gcumhdaítear san Acht  aon duine  a dhéanann cumarsáid ábhartha maidir le forbairt agus criosú talún, ní thugann an tAcht aghaidh go follasach ar thríú páirtithe a dhéanann ionadaíocht ar dhuine nó eagraíocht eile maidir le criosú agus forbairt, bíodh nó ná bíodh ar íocaíocht.  Go minic déanann tríú páirtithe, comhairleoirí pleanála nó eagraíochtaí san áireamh, brústocaireacht ar son cliaint maidir le criosú agus forbairt.  Mar sin féin, is beag tuairisceán a nocht brústocaireacht a rinneadh ar son cliaint.  Beidh an tAcht níos fearr as leasú chun an chumarsáid sin ó thríú páirtithe a chur san áireamh go follasach agus an caidreamh cliaint/tríú páirtí a dhéanamh trédhearcach, mar a bhíonn le cúrsaí ábhartha eile.

In Alt 5(1)(c), luaitear go seolann duine gníomhaíochtaí brústocaireachta más rud é go  “ndéanann an duine aon cumarsáidí iomchuí faoi thalamh a fhorbairt nó a chriosú faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 go 2014" .  D'fhéadfaí é seo a mhodhnú chun "thar ceann an duine féin nó duine nó eagraíochta eile, bíodh nó ná bíodh ar íocaíocht" a chur isteach.

Moladh 2 :  Moltar go leasaófar an tAcht chun bhrústocaireacht tríú páirtithe a chur san áireamh go follasach maidir le criosú agus forbartha agus nochtadh fhíorchéannacht an chliaint a cheangal.

Oibrithe Deonacha agus daoine aonair ag déanamh brústocaireachta ar son eagraíochta

Leis an Acht, foráiltear go meastar go bhfuil cumarsáid maidir le hábhar ábhartha chuig oifigeach poiblí ainmnithe ina brústocaireacht má dhéanann, bainistítíonn nó stiúrann fostaí ioctha eagraíochta é.  I gcás ina bhfuil cumarsáid déanta, bainistithe nó stiúrtha ag eagraíocht, ní mór don eagraíocht an ghníomhaíocht a chlárú agus a nochtadh i dtuairisceán, agus an duine atá freagrach go príomha as an ngníomhaíocht brústocaireachta a aithint.

Ceanglaítear leis an Acht freisin go gcuirfidh an eagraíocht céannacht aon duine atá nó a bhí ina oifigeach poiblí ainmnithe agus a rinne brústocaireacht thar ceann na heagraíochta san áireamh ina tuairisceán.

I gcás ina ndéantar cumarsáid thar ceann eagraíochta ag duine nach bhfuil íoctha (oibrithe deonacha, stiúrthóirí neamhíoctha agus daoine aonair leasmhara eile san áireamh), ní mheastar gur brústocaireacht é chun críocha an Achta . 

Cé nach mbeadh sé praiticiúil a cheangal gach cumarsáid ó oibrí deonach a chlárú, ba cheart go measfar aon chumarsáid ó dhaoine atá i seilbh oifige in eagraíocht (mar shampla, mar Chathaoirleach nó comhalta bhoird stiúrthóirí) a dhéanamh thar ceann na heagraíochta, is cuma má tá an oifig sin íoctha.  Má oireann an eagraíocht scóip an Achta (is é sin, duine a bhfuil níos mó ná deich bhfostaí aige/aici, nó comhlacht ionadaíoch nó abhcóideachta a bhfuil fostaí amháin ar a laghad aige), ba chóir don eagraíocht clárú agus ba chóir go gcuirfí an chumarsáid san áireamh i dtuairisceán na heagraíochta.

Moladh 3: Moltar go leasófar an tAcht mar seo a leanas:  maidir le cumarsáid ábhartha ar bith thar ceann eagraíochta a thagann faoi chuimsiú scóip an Achta arna déanamh ag aon duine atá i seilbh oifige san eagraíocht, is cuma má tá an seasamh sin íoctha, measfar go ndéanfaidh an eagraíocht sin an chumarsáid sin agus caithfear é a chur san áireamh i dtuairisceán ghníomhaíochtaí brústocaireachta na heagraíochta.


b) Díolúintí ón sainmhíniú ar "Ábhar Ábhartha"

Cumarsáid páirtí polaitíochta

In Alt 5 (9) den Acht, díolmhaítear cumarsáid áirithe ón sainmhíniú ar cad is "ábhar ábhartha" ann.  Samplaí d’ábhair a mheastar atá díolmhaithe iad gnóthaí príobháideacha an duine, cumarsáid fíorasach agus cumarsáid taidhleoireachta. Níor cheart go measfaí gur brústocaireacht é cumarsáidí ó pháirtí polaitíochta dá chomhaltaí atá ina n-oifigigh phoiblí ainmnithe, ina gcáil mar chomhaltaí an pháirtí.  Bhainfeadh an tAcht leas as leasú chun é seo a chur san áireamh ar liosta na nithe díolmhaithe.

Moladh 4: Moltar go leasófar an tAcht chun cumarsáidí ó pháirtithe polaitíochta dá gcomhaltaí ar oifigigh phoiblí ainmnithe iad ina gcáil mar chomhaltaí an pháirtí a dhíolmhú.

Comhairliúcháin ó chomhlachtaí poiblí

I bhFo-alt 5(5)(e) den Acht um Brústocaireacht a Rialáil, luaiter go bhfuil "cumarsáidí a iarrann comhlacht seirbhíse poiblí agus a fhoilsíonn sé" díolmhaithe.  Dá bhrí sin, bheadh aon aighneacht arna ndéanamh mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí díolmhaithe chomh fada agus a bhí siad iarrtha ag an gcomhlacht seirbhíse poiblí agus foilsithe ag an gcomhlacht seirbhíse poiblí.  Leagtar amach an sainmhíniú ar chomhlacht seirbhíse poiblí, chun críche an ailt seo in alt 7 den Acht.

Spreagtar na comhlachtaí poiblí a n-intinn a nochtadh agus iad i mbun próisis chomhairliúcháin, chun leasa na ndaoine sin a bhféadfadh oibleagáidí faoin a bheith orthu faoin Acht. Muna bhfuil sé soiléir go bhfuile sé ar intinn ag an gcomhlacht poiblí na haighneachtaí a fhoilsiú, is fearr é a fhíorú leis an gcomhlacht poiblí.

Ní luaitear amlíne go sonrachi dteanga an Achta don chomhlacht poiblí aighneachtaí a fhoilsiú.  I gcás nach bhfuil aighneacht foilsithe roimh spriocdháta an chéad tuairisceán eile, bhí an tsaincheist os comhair na gcláraithe maidir leis an aighneacht a chur san áireamh mar chuid den tuairisceán, nó a mheas go bhfuil sí díolmhaithe toisc go bhfoilseofar é ag an deireadh.

Bheadh sé ina chabhair é seo a shoiléiriú i dteanga an Achta chun díolúine a cheadú i leith aighneachtaí a fhoilsítear go sainráite, is cuma cathain a fhoilseofar iad. Spreagtar comhlachtaí poiblí freisin aighneachtaí den chineál sin a fhoilsiú ar bhealach tráthúil.

Nuair a eisíonn comhlachtaí poiblí glao ar aighneachtaí, sainaithnaíonn siad go ginearálta duine nó seoladh ar chóir na haighneachtaí a sheoladh dó.  Má sheolann duine a aighneacht go díreach chuig oifigeach poiblí ainmnithe in ionad an seolta a bhí curtha ar fáil ag an gcomhlacht poiblí ina ghlao ar aighneachtaí, thuigfí gur brústocaireachta é agus nach bhfuil sé incháilithe don díolúine mar thoradh.  Spreagtar an duine a dhéanann an chumarsáid agus an comhlacht poiblí araon chun a bheith soiléir maidir leis an bpróiseas aighneacht ionas go bhbeidh an díolúine i bhfeidhm.

Moladh 5:  Moltar go leasaítear an tAcht chun aighneachtaí a fhoilsíonn comhlacht poiblí a dhíolmhú, is cuma cathain a fhoilsítear iad. D'fhéadfaí a lua i bhfo-alt 5(5)(e) den Acht um Brústocaireachta a Rialáil "cumarsáidí a iarrann comhlacht seirbhíse poiblí agus a bhí nó a bheidh foilsithe aige".

Díolúine do chumarsáid ó OPA arna fhostú ag comhlacht neamhphoiblí

In Alt 5(5)(l) den Acht, leagtar amach díolúine do chumarsáidí sonracha "a dhéanann duine atá fostaithe ag comhlacht, nó a shealbhaíonn aon oifig nó aon phost eile i gcomhlacht, nach comhlacht seirbhíse poiblí ach is comhlacht a fhostaíonn oifigeach poiblí ainmnithe nó ina sealbhaíonn oifigeach poiblí ainmnithe aon oifig nó aon phost eile, ina cháil nó ina cáil mar dhuine den sórt sin [béim curtha leis]".

Tá cuspóir na forála seo doiléir.  Mar atá scriofa, dhíolmhódh an fhoráil cumarsáid ar bith arna dhéanamh ag fostaithe daoine a bhfuil seilbh oifige acu i gcomhlacht nach comhlacht seirbhíse poiblí chuig oifigeach poiblí ainmnithe atá fostaithe ag an gcomhlacht céanna.  Níl sé soiléir ó thógáil na forála, an bhfuil an díolúine i bhfeidhm maidir le cumarsáidí arna ndéanamh chuig an oifigeach poiblí ainmnithe ina cháil nó ina cáil mar oifigeach poiblí ainmnithe, nó ina cháil nó ina cáil mar fhostaí de chuid an chomhlachta seirbhíse neamhphoiblí.  Téann go leor oifigeach poiblí ainmnithe, oifigigh thofa san áireamh, i mbun fostaíochta lasmuigh nó úinéireachta gnó.  Toisc go bhfuil an tAcht dréachtaithe faoi láthair, d'fhéadfaí comhghleacaithe na n-oifigeach poiblí aimnithe brústocaireacht a dhéanamh orthu ina ról lasmuigh gan é a bheith gafa ag an Acht.

Ní fhéadfadh sé a bheith ina chuspóir leis an Acht cumarsáidí a dhíolmhú maidir le hábhair ábhartha arna ndéanamh ag chomhghleacaí OPA i gcás ina bhfuil an OPA ag gabháil le fostaíocht lasmuigh.  Mar sin féin, san fhoirm reatha, d'fhéadfadh teanga an Achta cumarsáidí ábhartha arna ndéanamh chuig oifigeach poiblí  ainmnithe ag comhghleacaí a eisiamh agus an bheirt acu ag obair don eagraíocht lasmuigh cheanna.

Má tá sé ina chuspóir cumarsáidí arna ndéanamh chuig OPA a dhíolmhú go sonrach, i gcás ina bhfuil an OPA fostaithe in eagraíocht leathstáit de bhua a p(h)ost mar OPA, ba chóir é seo a shoiléiriú agus an díolúine a chúngú dá réir.

Moladh 6: Moltar an díolúine in alt 5(5)(l) den Acht a shoiléiriú.


c) Oifigigh Phoiblí Ainmnithe 

Forordú na n-oifigeach poiblí ainmnithe go heagraíochtaí nó gráid eile a leathnú

In A.6(1)(f) den Acht, foráiltear go bhféadfadh an tAire seirbhísigh phoiblí de shaghas forordaithe a ainmniú mar "oifigigh phoiblí ainmnithe" chun críocha an Achta.

Tá roinnt plé déanta ar ghrúpa na n-oifigeach poiblí ainmnithe a leathnú chun státseirbhísigh ag grád príomhoifigigh a chur san áireamh.  Leis seo, méadófaí go mór líon na n-oifigeach poiblí ainmnithe faoin Acht agus dhéanfaí, dar leis an gCoimisiún, scóip an Achta deacair agus chruthófaí dúshláin ó thaobh é a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go héifeachtacht.

Is fiú a thabhairt ar aird nach bhfuil údarás cinnteoireachta tarmligthe ag gach duine ar an leibhéal Príomhoifigigh maidir le hábhair ábartha (is é sin: beartas, clár, maoiniú srl.) D'fhéadfadh an leibhéal ag a tharmligtear na cinntí athrú go mór ó eagraíocht go heagraíocht.  Má dhéantar cinneadh chun grúpa na n-oifigeach poiblí ainmnithe a leathnú tuilleadh chun Príomhoifigigh a chur san áireamh, bhéadh sé inmholta é a dhéanamh ar bhonn na n-údarás tarmligthe, seachas grád pá.

Thairis sin, tá roinnt eagraíochtaí a dhéanann príomhchinntí eacnamaíocha agus airgeadais atá ina gcomhlachtaí seirbhíse poiblí chun críocha an Achta agus nach bhfuil oifigigh phoiblí ainmnithe ar bith acu.  Dar linn, bheadh sé chuí smaoineamh ar liosta na n-oifigeach poiblí ainmnithe a leathnú chun an fhoireann shinsearach sna comhlachtaí údarásach sin a chur san áireamh sula leathnófar an liosta chuig leibhéil níos ísle laistigh de na comhlachtaí seirbhíse poiblí a bhfuil an fhoireann shinsearach ainmnithe acu cheana féin.

Ar deireadh, is fiú a thabhairt ar aird go bhfuil post an Cheannasaí na Rialála Brústocaireachta ag an leibhéal Phríomhoifigigh faoi láthair.  Moltar go bhfágfar an post seo ar lár go follasach ó liosta na n-oifigeach poiblí ainmnithe, toisc go bhféadfadh rangú den chineál sin coimhlintí leasa a chruthú don sealbhóir agus cinntí á ndéanamh nó fiosrúcháin á stiúradh ar ábhair ina bhfuil líomháin gur rinneadh brústocaireacht ar an gCeannasaí.

Moladh 7: Moltar go mbreithneofar liosta na n-oifigeach poiblí ainmnithe a leathnú chun an fhoireann shinsearach i gcomhlachtaí poiblí údarasach a chur san áireamh nach raibh oifigigh ainmnithe ar bith acu go dtí seo, sula leathfar chuig na leibhéil níos ísle é.

Moladh 8:  Moltar go ndéanfar aon ainmniú Príomhoifigeach mar oifigigh phoiblí ainmnithe ar bhonn gach cáis de réir údarás tarmligthe.

Moladh 9: Moltar chomh maith go ndíolmhófar go sainráite post an Cheannasaí na Rialála Brústocaireachta ó liosta na n-oifigeach poiblí ainmnithe.

Liostaí na n-oifigeach poiblí ainmnithe arna gcothabháil ag comhlachtaí poiblí

Le hAlt 6(4) den Acht, ceanglaítear ar chomhlachtaí poiblí liostaí cothrom le dáta a fhoilsiú ina dtaispeánfar ainm agus (i gcás inar ábhartha) grád, agus sonraí gairide ról agus fhreagrachtaí na n-oifigeach poiblí ainmnithe a dtagann faoi chuimsiú an sainmhínithe atá in alt 6(1)(f) agus in alt 6(1)(g). Faoi láthair, ní cheanglaítear comhairleoirí speisialta atá in oifig aire nó in oifig aire stáit a chur san áireamh sa liosta sin.

De bharr na díolmhúine, tá dúshláin ann do dhaoine a dhéanann brústocaireacht atá ag iarraidh oifigigh phoiblí ainmnithe in oifig Aire Rialtais a shainaithint.
 Cé go bhfuil an t-eolas seo curtha san áireamh go deonach ar liostaí na n-oifigeach poiblí ainmnithe ag roinnt comhlachtaí poiblí, ní chleachtas comhsheasmhach é. Bheadh ​​sé ina chabhair do daoine a dhéanann brústocaireacht an t-eolas seo a cheanglaítear go sainráite a bheith curtha san áireamh sa liosta arna gcothabháil ag comhlachtaí poiblí.

Chomh maith leis sin, níl aon cheanglas ar chomhlachtaí poiblí an t-eolas a nuashonrú ar bhealach tráthúil.  Ar a laghad, ba chóir go gceanglaítear ar chomhlachtaí poiblí  an t-eolas a nuashonrú trí huaire in aghaidh na bliana, roimh dheireadh na tréimhse ábhartha, lena chinntiú go mbíonn rochtain ar an eolas ag daoine a dhéanann brústocaireacht tréimhse mhaith roimh an spriocdháta do thuairisceáin brústocaireachta.

Moladh 10:  Moltar go leasófar alt 6 chun a cheangal go gcuirfear san áireamh i liosta na n-oifigeach poiblí ainmnithe arna chothabháil ag comhlachtaí poiblí na hoifigigh sin a chomhlíonann an sainmhíniú in alt 6(1)(e) chomh maith, is é sin comhairleoirí speisialta arna gceapadh faoi alt 11 den  tAcht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí.

Moladh 11: Moltar chomh maith go mbeadh ar chomhlachtaí poiblí a liostaí oifigeach poiblí ainmnithe ar líne a nuashonrú agus a fhoilsiú ar a laghad trí huaire sa bhliain, roimh dheireadh gach tréimhse ábhartha (go cruinn: 30 Aibreán, 31 Lúnasa, 31 Nollaig).

 

III. Oibríochtaí


a) Coinneáil an eolais

Tá an tAcht ina thost maidir le heolas atá sa chlár a choinneáil agus a scriosadh. In éagmais ceanglas reachtúil san Acht, tabharfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin aird ar na hAchtanna um Chosaint Sonraí agus an t-eolas atá sa chlár á bhainistiú.

Bheadh ​​sé úsáideach a shoiléiriú san Acht cén fhad ba chóir an t-eolas a choinneáil sa chlár poiblí, agus cé chomh fada nach mór don Choimisiún eolas a choinneáil tar éis é a bhaint den chlár.

Moladh 12: Moltar go leasófar an tAcht chun treoirlínte sainráite maidir le coinneáil agus scrios eolais sa chlár poiblí a chur san áireamh.

 

b) Iarratais ar Chlárú

In Alt 11 den Acht, leagtar amach an t-eolas nach mór do dhuine a chur san áireamh ina iarratas nó ina hiarratas ar chlárú.

I bhFo-alt 11(1)(d), sonraítear nach mór d'iarratasóir a chur ar fáil "aon seoladh r-phoist, uimhir ghutháin nó seoladh láithreáin ghréasáin a bhaineann le gnó nó príomhghníomhaíochtaí an duine". D'fhéadfaí é seo a mhodhnú le rá "aon seoladh r-phoist, uimhir ghutháin agus seoladh láithreáin ghréasáin ..." chun a áirithiú go mbeidh roghanna malartacha ag an gCoimisiún um Chaghdeáina chun dul i dteagmháil leis an duine, i gcás ina n-athrófaí nó ina bhfágfaí ar lár modh amháin. 

Bheadh ​​sé seo infheidhme maidir le fo-alt 12(5)(d) freisin i ndáil le heolas teaghmhála do chliaint arna sholáthar ag brústocaire tríú páirtí.

In Alt 11(c), éilítear eolas faoi ghnó nó "príomhghníomhaíochtaí" an iarratasóra a chur san áireamh  in iarrastas ar chlárú, agus cuirtear san áireamh in alt 11(b) tagairt do ghnó a dhéanamh ach fágtar tagairt do phríomhgníomhachtaí ar bith ar lár.  

B'fhéidir nach bhfuil seoladh ag duine ag a dhéanann sé gnó ach go bhfuil seoladh aige nach é a sheoladh baile é, ach óna dhéanann sé a phríomhghníomhachtaí agus ar féidir leis a bheith ceangailte leis.  Chun a áirithiú go bhfuil gach eolas teagmhála cuí curtha ar fáil, moltar go leasófar alt 11(b) i gcomhréir le halt 11(c). 

Moladh 13: Moltar go leasófar fo-alt 11(1)(d) agus fo-alt 12(5)(d) chun  "... aon seoladh r-phoist, uimhir ghutháin agus seoladh láithreáin ghréasáin a bhaineann le gnó nó príomhghníomhaíochtaí an duine " a léamh.

Moladh 14:  Moltar chomh maith go leasófar 11(b) i gcomhréir le halt 11 (c) chun "príomhghníomhaíochtaí" a chur san áireamh.


c) Cód Iompair

In Alt 16(1) den Acht, foráiltear go "Féadfaidh an Coimisiún cód iompair a tháirgeadh do dhaoine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta, agus é a athbhreithniú ó am go ham, d’fhonn ardchaighdeáin ghairmiúla agus dea-chleachtas a chur chun cinn". Ba chóir go mbeadh ceanglas sainráite curtha san áireamh san Acht lena rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le geallsealbhóirí leasmhara ar spéis leo Cód den chineál sin a fhorbairt, agus ar chóir é a chur faoi bhráid an Oireachtais chomh maith. 

Cé go bhforáiltear in alt 16(5) tuilleadh "Aon duine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta, beidh aird aige nó aici ar an gcód iompair", ní sholáthraítear aon údarás leis ag an Acht lena bhféadfadh an Coimisiún an Cód a chur i bhfeidhm, ná sáruithe ar an gCód a imscrúdú nó a thuairisciú.

Seachas á ordú go gcaithfidh duine a dhéanann brústocaireacht aird a thabhairt ar an gCód, níl aon mheáchan reachtúil ag an gCód agus ní fhoráiltear leis go gcaithfidh an Coimisiún aird a thabhairt air fiú. 

I dtuairim an Choimisiúin, is sásra úsáideach é Cód ina bhfuil idir prionsabail agus rialacha araon chun treoir a thabhairt do dhaoine a dhéanann brústocaireacht agus go mbeadh sé úsáideach chun chur leis na forálacha atá leagtha amach san Acht. Ba cheart  go mbeadh an t-údarás ag an gCoimisiún treoracha a eisiúnt maidir leis an gCód agus fiosruithe ar sháruithe ar an gCód a dhéanamh agus a thuairisciú.

Moladh 15: Moltar go modhnófar alt 16 chun a cheangal go rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le geallsealbhóirí leasmhara chun an Cód Iompair a fhorbairt, agus an gCód chur faoi bhráid an Oireachtais.

Moladh 16: Moltar go modhnófar alt 16 chun an t-údarás a thabhairt don Choimisiún treoir a eisiúint maidir leis an gCód Iompair, agus chun sáruithe ar an gCód a fhiosrú agus a thuairisciú.

 

IV. Forfheidhmiú


a) Sáruithe ábhartha

Srianta iarfhostaíochta

In alt 22, foráiltear do shrianta iarfhostaíochta i gcás ranganna áirithe d'oifigeach poiblí ainmnithe. Cé go bhfuil sé d'oibleagáid ar na hiaroifigigh phoiblí sin faoin Acht gan dul i ngleic le gníomhaíochtaí brústocaireachta áirithe le linn a dtréimhse shuaimhnithe aon bhliain, níl údarás ar bith ag an gCoimisiún chun sáruithe ar na forálacha seo a imscrúdú ná a ionchúiseamh.

Is ceist thábhachtach í an tsaincheist maidir le "athrú taobhanna". Is féidir leis an aireachtáil de dhorais roithleánach an bonn a bhaint de mhuinín an phobail i neamhchlaontacht na gcomhlachtaí poiblí chomh héasca le brústocaireacht neamhchláraithe. Ní léir cén fáth nár áiríodh sáruithe alt 22 (1) den Acht mar chionta faoin Acht.

Ba cheart go mbeadh an t-údarás ag an gCoimisiún chun sáruithe alt 22(1) a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

Moladh 17: Moltar go gcuirfear sárú alt 22(1) le liosta na sáruithe ábhartha in alt 18 den Acht.

Gníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm chun oibleagáidí faoin Acht a sheachaint        

Ba chóir go mbeadh sé ina chion faoin Acht go ndéanfaidh duine aon ghníomh arb é chuspóir an ghnímh a oibleagáidí nó a hoibleagáidí a sheachaint faoin Acht, mar shampla taifid a scriosadh.

Moladh 18:  Moltar go gcuirfear clásal frithsheachanta isteach i liosta na sáruithe ábhartha in alt 18 den Acht.


b) Cumhacht chun imscrúdú a dhéanamh

Le hAlt 19 den Acht, tugtar an t-údarás don Choimisiún chun imscrúdú ar sháruithe ábhartha an Achta a dhéanamh. Déanann oifigeach údaraithe an t-imscrúdú ar son an Choimisiúin, agus ní mór dó ansin tuarascáil a chur ar fáil don Choimisiún agus don duine atá faoi imscrúdú.

Níl aon údarás ag an gCoimisiún faoin Acht chun tuarascálacha imscrúdaithe a chur ar fáil don phobal.  Tá sé seo neamhréir le reachtaíocht eitice eile atá i bhfeidhm sa Stát (Achtanna um Eitic in Oifigí Poiblí san áireamh) trína bhféadfaidh an Coimisiún a thuarascáil maidir himscrúdú a chur ar fáil don phobal. 

Féadfar eolas faoi imscrúdú arna dhéanamh ag an Coimisiún a chur ar fáil go poiblí má dhéantar sárú ábhartha líomhnaithe a ionchúiseamh ag an gCoimisiún trí na cúirteanna. Mar sin féin, i gcás nach bhfuil dóthain fianaise ann chun dul ar aghaidh le hionchúiseamh, nó i gcás ina léirítear leis an bhfianaise nach raibh aon sárú, níl aon shásra ann chun fíricí na staide a chur in iúl.  Is cúis imní ar leith é seo i gcás ina bhféadfadh ábhar a bheith san fhearann poiblí cheana féin, agus go bhféadfaí damáiste gan bhunús a dhéanamh do chlú na heagraíochta atá i gceist.

Is féidir le heaspa trédhearcachta gaolmhara an bonn a bhaint de mhuinín i gcumhachtaí forfheidhmiúcháin an Choimisiúin agus i stóinsitheacht na reachtaíochta brústocaireachta.

Moladh 19: Moltar go leasófar an tAcht chun an t-údarás a thabhairt don Choimisiún tuarascálacha imscrúdaithe a chur ar fáil go poiblí.


V. Eile

a) Ról na n-oifigeach poiblí ainmnithe ag tacú leis an Acht

Ní leagtar amach san Acht aon cheanglas d'oifigigh phoiblí ainmnithe a chlárú, taifid a choinneáil, tuairisceáin a chur isteach nó eolas atá sna tuairisceáin a chuireann na brústocairí isteach a bhailíochtú. Tá moltaí ann, ó roinnt oifigeach poiblí ainmnithe san áireamh, go soláthrófaí breis dearbhaithe i ndáil le cruinneas na faisnéise arna cur isteach toisc go n-éilítear ar oifigigh phoiblí tuairisceáin a bhailíochtú ina bhfuil siad ainmnithe gur rinneadh brústocaireacht orthu. 

Ní moltar é seo, mar cuireann sé dualgas ar an OPA tuarascálacha iomadúla a bhailíochtú, agus d'fhéadfadh sé go mbeadh an éifeacht mhalartach ann mura n-aontaíonn OPA gurbh bhrústocaireacht a bhí i gceist. 

Tá an ceart ag oifigigh phoiblí ainmnithe chun cheartú eolais mhíchruinn a lorg, agus tá feidhm tuairiscithe tógtha isteach sa chlár chun é sin a chumasú. Féadfaidís a roghnú clárú le haghaidh fotha RSS chun nuashonruithe a fháil chomh minic agus a ainmnítear iad i dtuairisceán.

Cé nach leagtar amach aon oibleagáid ar chlárú nó tuairisciú leis an Acht do oifigigh phoiblí ainmnithe tá siad suite chun ról tábhachtach a ghlacadh ag tacú le cur chun feidhme éifeachtach an Achta.  D'fhéadfaí roinnt oibleagáidí d'oifigigh phoiblí ainmnithe a bhreithniú lena dtacófaí tuilleadh le cur chun feidhme an Achta agus lena spreagfaí comhlíonadh.

Ar a laghad, creideann an Coimisiún um Chaighdeáin gur chóir go mbeadh se d'oibleagáid ar oifigeach poiblí ainmnithe cumarsáidí breise ó bhrústocairí a dhiúltú i gcás ina bhfuil an OPA ar an eolas gur theip ar an mbrústocaire cumarsáidí roimhe sin a chlárú.

I gcás ina bhfuil duine ciontaithe de shárú ábhartha a shainaithnítear in alt 18, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann aon OPA a ordú gan a bheith ag déileáil leis an duine. 

Faoi dheireadh, ba chóir go mbeadh an t-údarás ag an gCoimisiún chun sáruithe ar na forálacha sin a imscrúdú, agus chun an gníomh ar cheart a dhéanamh a chinneadh.

Táthar ag súil leis go neartófar an tAcht le cur isteach na bhforálacha sin. Más rud é le himeacht ama go gcinntear go bhfuil oibleagáidí breise ar oifigigh phoiblí ainmnithe riachtanach chun tacú le comhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin forálacha indéanta eile a mholadh.

In éagmais reatha na n-oibleagáidí foirmiúla ar oifigigh phoiblí ainmnithe faoin Acht, shainaithin an Coimisiún um Chaighdeáin roinnt dea-chleachtais, a leagtar amach sna Treoirlínte d'Oifigigh Phoiblí Ainmnithe, sna Treoirlínte do Teachtaí Dála, Seanadóirí agus FPEnna, agus sna Treoirlínte do Chomhaltaí Údaráis Áitiúil, atá ar fáil ar www.lobbying.ie .

Moladh 20: Moltar go leasófar an tAcht chun oibleagáidí a thabhairt isteach le haghaidh oifigeach poiblí ainmnithe chun tuilleadh cruinnithe  a dhiultú le daoine i gcás ina bhfuil an OPA ar an eolas gur theip ar an mbrústocaire gníomhaíochtaí brústocaireachta roimhe sin a chlárú faoin dáta ábhartha.

Moladh 21: Moltar go mbeadh an t-údarás ag an gCoimisiún aon OPA a ordú chun déileálacha le brústocaire atá ciontaithe de sarú ábhartha a dhiúltú.

Moladh 22: Moltar go mbeadh an t-údarás ag an gCoimisiún chun sáruithe ar na forálacha a leagtar amach i moladh 20 agus i moladh 21 a imscrúdú.


b) Cloí leis an gCód um Thrédhearcacht

In alt 5(5)(n) den Acht, foráiltear go ndíolmhaítear cumarsáidí idir comhaltaí chomhlachta abhartha [1] má chloíonn an comhlacht leis an gCód um Thrédhearcacht. Leis an gCód, a chuir an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i bhfeidhm, foráiltear más rud é go bhfoilsíonn comhlacht ábhartha a théarmaí tagartha, a chomhaltas, a chláir oibre agus miontuairiscí a chruinnithe ar a láithreán gréasáin, bheadh ​​cumarsáid idir comhaltaí an ghrúpa díolmhaithe ón gceanglas le clárú.

Cé gur ar bhonn deonach a chloíonn na comhlachtaí sin leis an gCód um Thrédhearcacht ar an ionmlán, ní léir na grúpaí atá tiomanta é sin a dhéanamh, agus an bhfuil nó nach bhfuil an grúpa ag comhlíonadh an ghealltanais. Níl aon liosta ar láithreáin ghréasáin na gcomhlachtaí poiblí, ná in áit lárnach. Bheadh ​​sé úsáideach do na geallsealbhoirí seachtracha a shuíonn ar chomhlachtaí dá leithéid, a fhios a bheith acu go cinnte má tá an Cód á chur i bhfeidhm, agus cé acu an bhfuil a gcumarsáidí laistigh den ghrúpa díolmhaithe mar thoradh. Féadfaidh comhlachtaí poiblí tacú le cur chun feidhme éifeachtach na díolúine seo san Acht trí chomhlachtaí comhairleacha nó meithleacha a shainaithint a d'fhéadfaí a fheidhmiú faoin gCód um Thrédhearcacht agus an liosta sin a chur ar fáil go poiblí. 

D'fhéadfaí stór lárnach don liosta seo a chur ar fáil ar láithreán gréasáin lobbying.ie. Chun é seo a éascú, moltar go leasófar an tAcht chun an ceanglas ar chomhlachtaí poiblí a chur san áireamh chun an Coimisiún um Chaighdeáin a chur ar an eolas roimh dheireadh gach tréimhse ábhartha maidir leis na comhlachtaí ábhartha ar cheart go mbeidís ag cloí leis an gCód um Thrédhearcacht.

Lena chois sin, níl aon údarás soiléir san Acht chun a fhíorú go bhfuil na grúpaí sin ag cloí i ndáiríre leis na hoibleagáidí a leagtar amach sa Chód. Bheadh ​​an fhreagracht as fíorú den chineál sin go loighciúil ar cheannasaí an mháthairchomhlachta phoiblí. In áit an oibleagáid seo a áireamh san Acht, bheadh sé níos oiriúnaí laistigh den Chód um Thrédhearcacht féin.

Moladh 23: Moltar go leasófar alt 6(4) den Acht chun an ceanglas ar chomhlachtaí poiblí a chur san áireamh chun an Coimisiún um Chaighdeáin a chur ar an eolas roimh dheireadh gach tréimhse ábhartha maidir leis na comhlachtaí ábhartha ar cheart go mbeidís ag cloí leis an gCód um Thrédhearcacht.

[1]Is comhlacht ábhartha é comhlacht a cheapann Aire nó chomhlacht seirbhíse poiblí a chomhaltaí agus clúdaíonn sé oifigeach poiblí ainmnithe amháin ar a laghad agus duine amháin nach bhfuil ina sheirbhíseach poiblí ná fostaithe ag comhlacht seirbhíse poiblí ar a laghad.

AGUISÍN: Achoimre ar na Moltaí

  1. Moltar go leasófar an tAcht chun aghaidh a thabhairt go sainráite ar chomhlachtaí ionadaíocha le níos lú ná fostaí lánaimseartha amháin agus ar chomhghuaillíochtaí neamhfhoirmiúla.
  2. Moltar go leasófar an tAcht chun thríú páirtithe a dhéanann brústocaireacht maidir le criosú agus forbartha a chur san áireamh go sainráite agus a cheangal fíorchéannacht an chliaint a nochtadh.
  3. Moltar go leasófar an tAcht mar seo a leanas: aon chumarsáid ábhartha thar ceann eagraíochta a thagann faoi chuimsiú scóip an Achta arna déanamh ag aon duine atá i seilbh oifige san eagraíocht, is cuma má tá an seasamh sin íoctha, breithneofar go rinneadh an eagraíocht sin é agus ní mór a chur san áireamh i dtuairisceán gníomhaíochtaí brústocaireachta na heagraíochta.
  4. Moltar go leasófar an tAcht  chun cumarsáidí ó pháirtithe polaitíochta chuig a gcomhaltaí oifigeach poiblí ainmnithe ina gcáil mar chomhaltaí an pháirtí a dhíolmhú.
  5. Moltar go leasófar an tAcht chun aighneachtaí arna bhfoilsiú ag comhlacht poiblí a dhíolmhú, is cuma cathain a fhoilsítear iad. I bhfo-alt 5(5)(e) den Acht um Brústocaireacht a Rialáil "cumarsáidí a iarrann comhlacht seirbhíse poiblí agus a d'fhoilsigh nó a fhoilsíonn sé".
  6. Moltar go soiléireofar an díolúine in alt 5(5)(l) den Acht.
  7. Moltar go mbreithneofaí liosta na n-oifigeach poiblí ainmnithe a leathnú chun an fhoireann shinsearach i gcomhlachtaí poiblí údarásach nach raibh aon oifigeach ainmnithe go dtí seo a chur san áireamh, sula leathnófar chuig na leibhéil níos ísle é.
  8. Moltar go ndéanfaí ainmniú Príomhoifigeach mar oifigigh phoiblí ainmnithe ar bhonn gach cáis de réir údaráis tharmligthe.
  9. Moltar freisin go ndíolmhófar Ceannasaí na Rialála Brústocaireachta go sainráite ó liosta na n-oifigeach poiblí ainmnithe.
  10. Moltar go leasófar alt 6 chun a cheangal maidir le liosta na n-oifigeach poiblí ainmnithe arna chothabháil ag comhlachtaí poiblí go n-áireofar freisin na hoifigigh sin a chomhlíonann an sainmhíniú in alt 6(1)(e), is iad sin comhairleoirí speisialta arna gceapadh faoi alt 11 den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí. 
  11. Moltar chomh maith go gceanglófar ar chomhlachtaí poiblí a liostaí ar líne d'oifigigh phoiblí ainmnithe a nuashonrú agus a fhoilsiú ar a laghad trí huaire sa bhliain, roimh dheireadh gach tréimhse ábhartha (is é sin: 30 Aibreán, 31 Lúnasa, 31 Nollaig).
  12. Moltar go leasófar an tAcht chun treoirlínte sainráite maidir le coinneáil agus scrios eolais sa chlár poiblí a chur san áireamh.
  13. Moltar go leasófar fo-alt 11(1)(d) agus fo-alt 12(5)(d) chun "... aon seoladh r-phoist, uimhir ghutháin agus seoladh laithreáin ghréasáin a bhaineann le gnó nó príomhghníomhaíochtaí an duine" a léamh.
  14. Moltar chomh maith go leasófar alt 11(b) i gcomhréir le halt 11(c) chun "príomhghníomhaíochtaí" a áireamh.
  15. Moltar go modhnófar alt 16 chun a cheangal go rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le geallsealbhóirí leasmhara i bhforbairt an Chóid Iompair, agus é a chur faoi bhráid an Oireachtais.  
  16. Moltar go modhnófar alt 16 chun údarás a thabhairt don Choimisiún chun treoir a eisiúint maidir leis an gCód Iompair, agus chun fiosrúcháin a dhéanamh agus tuairisciú i ndáil le sáruithe ar an gCód.
  17. Moltar go gcuirfear sárú alt 22(1) le liosta na sáruithe ábhartha in alt 18 den Acht.
  18. Moltar go gcuirfear clásal frithsheachanta le liosta na sáruithe ábhartha in alt 18 den Acht.
  19. Moltar go leasófar an tAcht chun údarás a thabhairt don Choimisiún chun tuarascálacha imscrúdaithe a chur ar fáil go poiblí.
  20. Moltar  go leasófar an tAcht chun oibleagáidí a thabhairt isteach le haghaidh oifigeach poiblí ainmnithe  chun cruinnithe breise le daoine a dhiúltú i gcás ina bhfuil an OPA ar an eolas gur theip ar an mbrústocaire na gníomhaíochtaí brústocaireachta roimhe a chlárú faoin dáta ábhartha.
  21. Moltar go mbeadh an t-údarás ag an gCoimisiún aon OPA a ordú chun déileálacha le brústocaire atá ciontaithe de shárú ábhartha a dhiúltú. 
  22. Moltar go mbeadh an t-údarás ag an gCoimisiún chun sáruithe ar na forálacha a leagtar amach i moladh 20 agus i moladh 21 a imscrúdú.
  23. Moltar go leasófar alt 6(4) den Acht chun an ceanglas ar chomhlachtaí poiblí a chur san áireamh chun an Coimisiún um Chaighdeáin a chur ar an eolas roimh dheireadh gach tréimhse ábhartha maidir leis na comhlachtaí ábhartha ar cheart go mbeidís ag cloí leis an gCód um Thrédhearcacht.

[1] A relevant body is a body whose members are appointed by a Minister or public service body and includes at least one designated public official and at least one person who is neither a public servant nor engaged by a public service body.