An Dara hAthbhreithniú Reachtach ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015: Aighneacht ón gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

 

1)  Réamhrá.

Tháinig an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil (an tAcht) i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2015.  Foráiltear leis an Acht do chlár brústocaireachta ar líne (an Clár) a bhfuil rochtain ag an bpobal air. Aon duine a thagann faoi raon feidhme an Achta agus atá ag déanamh cumarsáid le hoifigeach poiblí ainmnithe faoi ní iomchuí, ní mór dó/di clárú agus tuairisceáin maidir le gníomhaíochtaí brústocaireachta (tuairisceáin) a chur isteach trí huaire sa bhliain.  Bunaítear leis an Acht freisin tréimhse “mharana” aon bhliana fostaíochta iarthéarma nach bhféadfaidh oifigigh phoiblí áirithe gníomhaíochtaí brústocaireachta ar leith a dhéanamh lena linn.  Tháinig Cuid 4 den Acht i bhfeidhm an 1 Eanáir 2017. Foráiltear léi d’imscrúdú agus d’fhorfheidhmiú.

Tugadh rialáil brústocaireachta isteach mar thoradh ar na héilimh a rinneadh ar feadh na mblianta go mbeadh níos mó trédhearcachta ann sa phróiseas déanta beartas.  Nuair a tháinig an tAcht i bhfeidhm, bhí imní ann go mbeadh éifeacht fuaraithe aige toisc go mbeadh drogall ar dhaoine a gcuid ceanglas a chomhlíonadh nó toisc go mbeadh oifigigh phoiblí neamhthoilteanach comhoibriú. Dá ainneoin sin, tá an tAcht á chur chun feidhme gan aon deacracht. Tá córas nua-aimseartha láidir i bhfeidhm againn anois, áit a bhfuil níos mó ná 1,800 cláraí againn agus a bhfuil breis agus 30,000 tuairisceán ar an gClár.

Rinneadh an chuid is mó, nó gach ceann, d’fhorálacha an Achta a thástáil trí chur i bhfeidhm praiticiúil faoin am seo.  Leis an gCód Iompair do dhaoine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta, rud ar sheol an Coimisiún é i mí na Samhna 2018, tacófar tuilleadh le cuspóirí an Achta maidir le trédhearcacht a chothú trí threoir a thabhairt do dhaoine a ghabhann do bhrústocaireacht maidir le bealaí inar féidir leo an méid sin a dhéanamh ar bhealach eiticiúil trédhearcach.

Mar atá luaite, is an-leabaithe atá ceanglais an Achta agus an próiseas um thuairisceáin a chur isteach.  Dá ainneoin sin, is ann do roinnt réimsí a mbainfeadh an tAcht tairbhe as leasú nó soiléiriú iontu, i dtuairim an Choimisiúin.  Dá bhrí sin, tá áthas ar an gCoimisiún an aighneacht seo a chur faoi bhráid an Aire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (an tAire) lena breithniú i dtaca leis an dara hathbhreithniú ar an Acht.  Tá an aighneacht bunaithe ar an taithí atá gnóthaithe ag an gCoimisiún ar an Acht a riar le ceithre bliana anuas.  Sainaithnítear inti na réimsí sin a mbainfí tairbhe as leasú nó soiléiriú iontu agus roinnt réimsí nach bpléitear san Acht agus a bhféadfadh go mbainfí tairbhe as foráil fhollasach iontu.  Tá an Coimisiún den tuairim gurb amhlaidh, má ghlactar leis na moltaí, go neartóidh siad oibriú an Achta tuilleadh agus go gcuirfidh siad feabhas ar thrédhearcacht agus ar chuntasacht.

Is aighneachtaí teicniúla iad roinnt de na moltaí sin. Is moltaí substainteacha iad roinnt eile agus mheasfadh an Coimisiún gur moltaí ardtosaíochta iad.  Maidir le roinnt de na moltaí a dhéantar san aighneacht seo, rinneadh iad cheana féin san aighneacht roimhe seo ón gCoimisiún i leith an chéad athbhreithnithe ar an Acht (an chéad athbhreithniú) nó sna tuarascálacha bliantúla uaidh.

Tá an aighneacht leagtha amach ina cúig rannán: Sainmhínithe, Oibríochtaí, Oibleagáidí fostaíochta iarthéarma, Forfheidhmiú, agus Eile.

 

2)  Sainmhínithe.

I gCuid 1 den Acht, leagtar sainmhínithe amach ar théarmaí áirithe atá ann san Acht, lena n-áirítear an bhrí atá le gníomhaíochtaí brústocaireachta a sheoladh. Sainaithnítear anseo a leanas na saincheisteanna a bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu laistigh den rannán seo.

a)  Daoine faoi Raon Feidhme an Achta.

Comhlachtaí ionadaitheacha nó comhghuaillíochtaí neamhfhoirmiúla nach bhfuil aon fhostaithe acu.

Foráiltear le fo-alt 5(2)(b) den Acht go seolann duine gníomhaíochtaí brústocaireachta más rud é go ndéanann an duine aon chumarsáidí iomchuí nó go ndéanann sé/sí na cumarsáidí sin a bhainistiú nó a threorú, i gcás go bhfuil fostaí lánaimseartha amháin nó níos mó ag an duine agus gur comhlacht é/í atá ann go príomha chun bheith ionadaitheach do leasanna a chomhaltaí agus go ndéantar na cumarsáidí iomchuí thar ceann aon duine de na comhaltaí.  Tugaimid “comhlachtaí ionadaitheacha” ar chomhlachtaí den sórt sin.

Ní thagann comhlacht ionadaitheach faoi raon feidhme an Achta ach amháin i gcás go bhfuil fostaí lánaimseartha amháin nó níos mó aige.  Chláraigh roinnt comhlachtaí ionadaitheacha a bhfuil fostaithe acu agus comhlíonann siad an ceanglas um thuairisceáin a chur isteach. 

Is ann do roinnt comhlachtaí ionadaitheacha, áfach, atá ann go príomha chun tathant a dhéanamh thar ceann a gcomhaltaí ach nach bhfuil fostaithe lánaimseartha acu agus nach dtagann faoi raon feidhme an Achta dá bharr. Fágann sé sin nach gcumhdaítear leis an Acht comhlachtaí/cumainn áirithe a dhéanann cumarsáid rialta le hoifigigh phoiblí ainmnithe faoi nithe iomchuí, cé go dtiocfadh a gcomh-chomhaltaí faoina raon feidhme i roinnt cásanna. Dá bhrí sin, tá eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do chomhaltaí a thagann go neamhspleách faoi raon feidhme an Achta in ann seachaint a dhéanamh ar an gceanglas um chlárú toisc nach bhfuil fostaithe ag an gcomhlacht ionadaitheach trína bhfuil an bhrústocaireacht á seoladh.

Bhí roinnt cásanna ann freisin inar bunaíodh comhghuaillíochtaí neamhfhoirmiúla leasanna gnó chun brústocaireacht a dhéanamh mar ghrúpa ar shaincheist lena mbaineann leas frithpháirteach tionscail. I bhformhór na gcásanna, is ann d’ainm agus/nó do bhranda faoina n-oibríonn na comhghuaillíochtaí neamhfhoirmiúla sin, lena n-áirítear an ceann litreach a úsáidtear chun cumarsáidí i scríbhinn a eisiúint in ainm an ghrúpa. Is an-dóchúil gurb é duine amháin de na comh-chomhaltaí a sholáthróidh seirbhísí rúnaíochta. Sa chuid is mó de chásanna, áfach, ní ann d’aon fhostaithe de chuid na comhghuaillíochta í féin, rud nach bhfuil corpraithe, a bhfuil an chuma air nach bhfuil aon chomhaontú foilsithe aige i measc na bpáirtithe, agus a bhfuil an chuma air nach bhfuil sealbhóirí oifige aige. Thug an Coimisiún faoi deara go bhfuil samplaí de na comhghuaillíochtaí sin ann sa tionscal aerlínte, i measc cuideachtaí bogearraí, agus i réimsí na siamsaíochta agus na fóillíochta. I gcás nach bhfuil aon fhostaithe ag an gcomhghuaillíocht, níl aon cheanglas uirthi clárú.

I gcás go bhfuil sé soiléir gur sheol, gur bhainistigh nó gur threoraigh comh-chomhalta nó comh-chomhaltaí ar leith an ghníomhaíocht brústocaireachta, is cuma cé acu a rinneadh amhlaidh faoi scáth eagraíochta neamhfhoirmiúla nó nach ndearnadh, mheasfadh an Coimisiún go bhfuil oibleagáid ar an gcomhalta ar leith sin na gníomhaíochtaí brústocaireachta a raibh sé/sí i gceannas orthu a chlárú. Sa chuid is mó de chásanna, áfach, ní féidir a rá go cinnte cé a rinne, a bhainistigh nó a threoraigh na cumarsáidí arna n-eisiúint faoi cheann litreach na comhghuaillíochta agus ní féidir an chumarsáid a chur síos do dhuine ar bith de na comh-chomhaltaí ach oiread. Is cuma cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh gur bunaíodh comhghuaillíochtaí neamhfhoirmiúla nó comhlachtaí d’fhonn forálacha an Achta a shárú, is é an toradh atá air go dtí seo ná go dtagann an ghníomhaíocht brústocaireachta lasmuigh den raon feidhme agus nach ndéantar trédhearcach í. Baineann sé sin an bonn ó mheon agus rún na reachtaíochta, agus is bealach éalaithe éifeachtach é do na daoine sin a d’fhéadfadh é a dhúshaothrú.

Tharraing an Coimisiún an tsaincheist sin anuas mar chuid den aighneacht uaidh i leith an chéad athbhreithnithe ar an Acht. Sa tuarascáil uaithi ar an athbhreithniú, luaigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (an Roinn) go mbeadh sé “an-doiligh na grúpaí sin a thabhairt amach gan an ceanglas um chlárú a chur ar ghrúpaí áitiúla beaga”.  Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go ndírítear sa mholadh seo ar chomhlachtaí ionadaitheacha agus comhghuaillíochtaí neamhfhoirmiúla a dhéanann ionadaíocht do leasanna gairmiúla agus/nó gnó i gcás go dtiocfadh duine amháin nó níos mó de na comh-chomhaltaí faoi raon feidhme na reachtaíochta agus go mbeadh oibleagáid orthu ar shlí eile clárú dá mba rud é gurbh é an comhalta, agus ní an comhlacht ionadaitheach/an chomhghuaillíocht, a sheol an ghníomhaíocht brústocaireachta.  Measann an Coimisiún gur cheart go mbeadh sé indéanta aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin go follasach san Acht gan grúpaí sainleasa áitiúla beaga a thabhairt faoina raon feidhme.

Moladh 1:  Ba cheart an tAcht a leasú chun a fhoráil gur faoi raon feidhme an Achta a thiocfadh aon chomhlachtaí ionadaitheacha gnó nó aon “chomhghuaillíochtaí” leasanna gnó, beag beann ar an líon fostaithe atá ann agus stádas na bhfostaithe, i gcás go dtiocfadh duine amháin nó níos mó de chomhaltaí an chomhlachta/na comhghuaillíochta faoina raon feidhme dá mba rud é go mbeadh siadsan ag gníomhú ina n-aonar. Ba cheart a cheangal go n-ainmneofaí comhaltaí an chomhlachta/na comhghuaillíochta ar thuairisceáin chun trédhearcacht mhéadaithe a chothú.

Cumarsáidí a dhéanann daoine nach bhfaigheann luach saothair agus a shealbhaíonn oifig in eagraíocht.

Foráiltear leis an Acht gurb amhlaidh, i gcás go ndéanann duine nach fostaí íoctha é/í (lena n-áirítear oibrithe deonacha, Cathaoirligh neamhíoctha, Comhaltaí Boird neamhíoctha nó Stiúrthóirí neamhíoctha) cumarsáid thar ceann eagraíochta, nach meastar gur gníomhaíocht brústocaireachta í chun críocha an Achta. 

Bhí roinnt cásanna ann inar sheol comhlacht ionadaitheach nó comhlacht tathanta a bhfuil fostaí íoctha aige gníomhaíochtaí brústocaireachta ach nach raibh ceangal air clárú ná tuairisceáin a chur isteach iontu toisc nárbh é an fostaí íoctha a sheol na gníomhaíochtaí brústocaireachta.  Ina lán eagraíochtaí, is i ról riaracháin nó rúnaíochta amháin a fhostaítear an fostaí íoctha agus ní thugann an eagraíocht údarás dó/di gníomhaíochtaí brústocaireachta a sheoladh.  Is é Cathaoirleach na heagraíochta, nó Comhaltaí eile Boird/Stiúrthóirí eile a sheolann gach ceann de ghníomhaíochtaí brústocaireachta na heagraíochta. Ní gá go bhfaigheann an duine sin luach saothair. 

Measann an Coimisiún gur cheart gníomhaíochtaí brústocaireachta arna seoladh ag daoine a shealbhaíonn oifig in eagraíocht (mar shampla mar Chathaoirleach nó mar Chomhalta Boird/Stiúrthóir) a mheas a bheith ina ngníomhaíochtaí arna seoladh thar ceann na heagraíochta, is cuma cé acu a fhaigheann nó nach bhfaigheann an Cathaoirleach nó an Comhalta Boird/an Stiúrthóir luach saothair.

Rinne an Coimisiún an moladh sin san aighneacht uaidh i leith an chéad athbhreithnithe.  Sa tuarascáil uaithi, luaigh an Roinn gur “rún beartais i gcónaí atá sa díolúine do shealbhóirí oifige nach bhfaigheann luach saothair”.  Bhí sé sin bunaithe ar ábhair imní a chuir geallsealbhóirí in iúl faoin ualach riaracháin a bheadh ag baint le cumarsáidí arna ndéanamh ag oibrithe deonacha a ghabháil agus toisc nach mbeadh an-chuid de na cumarsáidí arna ndéanamh ag “oibrithe deonacha pobail” ar leibhéal sách ard a d’fhágfadh nár mhór iad a chur ar áireamh ar an gclár. 

Aontaíonn an Coimisiún nach mbeadh sé indéanta a cheangal go gclárófaí gach cumarsáid arna déanamh ag na hoibrithe deonacha de chuid eagraíochta.  Ní mór idirdhealú a dhéanamh, áfach, idir gnáthchomhalta/oibrí deonach de chuid eagraíochta agus sealbhóir oifige de chuid na heagraíochta sin. Ní mheasann an Coimisiún go mbeadh sé ina ualach riaracháin dá dtaifeadfaí cumarsáidí arna ndéanamh ag Cathaoirleach nó Comhalta Boird/Stiúrthóir de chuid eagraíochta nach bhfaigheann luach saothair.  Tá sé den tuairim freisin gurb amhlaidh, i gcás go ndéantar na cumarsáidí sin le hoifigeach poiblí ainmnithe, go bhfuil siad ar leibhéal sách ard agus gur cheart iad a chur ar áireamh ar an gClár.

Measann an Coimisiún gurb amhlaidh, i gcás go dtagann comhlacht ionadaitheach/tathanta faoi raon feidhme an Achta, gur cheart don eagraíocht clárú agus tuairisceán a chur isteach i gcás go seolann fostaí íoctha nó sealbhóir oifige de chuid na heagraíochta gníomhaíocht brústocaireachta, is cuma cé acu a fhaigheann nó nach bhfaigheann an sealbhóir oifige luach saothair.

Moladh 2: Ba cheart alt 5(3) den Acht a leasú chun a fhoráil gurb amhlaidh, i gcás go ndéanann fostaí íoctha nó sealbhóir oifige de chuid na heagraíochta cumarsáid iomchuí thar ceann eagraíocht a thagann faoi raon feidhme an Achta, go measfar gur gníomhaíocht brústocaireachta arna seoladh ag an eagraíocht í.

Sainmhíniú ar fhostaí lánaimseartha.

Is é an sainmhíniú ar fhostaí lánaimseartha a thugtar in alt 7 den Acht ná “an bhrí a thugtar le halt 7 den Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha), 2001” (Acht 2001).  Is é an sainmhíniú ar fhostaí lánaimseartha a thugtar in Acht 2001 ná “fostaí nach fostaí páirtaimseartha é/í”.  Measann an Coimisiún nach sainmhíniú fíorúsáideach é sin.  Tugtar an sainmhíniú seo a leanas ar fhostaí páirtaimseartha in alt 7 d’Acht 2001:

ciallaíonn “fostaí páirtaimseartha” fostaí ar lú a g(h)náthuaireanta oibre ná gnáthuaireanta oibre fostaí ar fostaí inchomparáide é/í i dtaca leis nó léi...

Molann an Coimisiún go dtabharfaí sainmhíniú níos cuimsithí ar fhostaí lánaimseartha san Acht.  D’fhéadfaí a bhreithniú an bhfuil nó nach bhfuil sainmhíniú níos fearr ar fhostaí lánaimseartha in úsáid sa reachtaíocht fostaíochta (nó i reachtaíocht eile) ó thosach feidhme an Achta i leith. 

Moladh 3:  Ba cheart an tAcht a leasú chun sainmhíniú níos cuimsithí ar fhostaí lánaimseartha a thabhairt in alt 7.

b)   Raon feidhme alt 5(1).

Measann an Coimisiún gur cheart scrúdú a dhéanamh san athbhreithniú seo ar an Acht ar cé acu is gá nó nach gá raon feidhme fhorálacha alt 5(1)(c) den Acht a theorannú.

Foráil a dhéanamh do chumarsáid pobail faoi thalamh a chriosú nó a fhorbairt.

Murab ionann agus ailt 5(1)(a) agus 5(1)(b) den Acht, ní áirítear le halt 5(1)(c) an téarma “déanamh cumarsáidí iomchuí a bhainistiú nó a threorú”.  Ní thagraítear in alt 5(1)(c) ach d’aon chumarsáidí iomchuí “a dhéanamh”.  Ní fhoráiltear le halt 5(1)(c), dá bhrí sin, do “chumarsáid pobail” faoi thalamh a chriosú nó a fhorbairt.  Mar shampla, i gcás go bhfuil cumann cónaitheoirí i mbun feachtas in aghaidh talamh a chriosú nó a fhorbairt agus go n-iarrann sé ar chónaitheoirí cumarsáid a dhéanamh lena n-ionadaithe áitiúla ar an ní, meastar go bhfuil cumarsáid iomchuí déanta ag gach cónaitheoir ar leith a rinne teagmháil leis an ionadaí áitiúil agus ceanglaítear air/uirthi clárú agus tuairisceán maidir le gníomhaíochtaí brústocaireachta a chur isteach.

Tá an Coimisiún ag glacadh cur chuige praiticiúil i leith fhorálacha alt 5(1)(c) agus tugann sé cead do chumann cónaitheoirí nó do chomhlacht comhchosúil atá ag eagrú feachtas pobail maidir le ní criosaithe nó forbartha ar leith clárú agus tuairisceán aonair a chur isteach i leith na ngníomhaíochtaí brústocaireachta a seoladh thar ceann an chumainn/an chomhlachta. Iarrann an Coimisiún, áfach, nár mhór mionsonraí faoi na daoine (an Coiste, etc.) atá freagrach as an bhfeachtas a bhainistiú a thabhairt san iarratas/sa tuairisceán, agus is iad sin na daoine a choimeádfaí freagrach.

Moladh 4:  Ba cheart alt 5(1)(c) den Acht a leasú chun foráil a dhéanamh do bhainistiú agus treorú cumarsáidí iomchuí faoi thalamh a fhorbairt nó a chriosú, agus do dhéanamh na gcumarsáidí sin.

Forálacha alt 5(1)(c) a theorannú do dhaoine a bhfuil leas ábhartha acu.

D’fhéadfaí clárú i dtaca le cumarsáidí faoi chriosú agus forbairt a theorannú freisin do dhaoine a bhfuil leas ábhartha acu nó atá bainteach le duine a bhfuil leas ábhartha aige/aici sa talamh/san fhorbairt lena mbaineann nó atá ag déanamh cumarsáid thar a c(h)eann.

Mar atá sé faoi láthair, ceanglaítear leis an Acht go gcláródh aon duine a dhéanann cumarsáid le hoifigeach poiblí ainmnithe faoi thalamh a chriosú nó a fhorbairt.  Dáiríre, fágann sé sin gurb amhlaidh, maidir le daoine aonair nó comhlachtaí nach dtiocfadh faoi raon feidhme an Achta de ghnáth, go dtagann siad faoi fhorálacha an Achta i gcás go bhfuil siad ag seoladh cumarsáid iomchuí a bhaineann le talamh a chriosú nó a fhorbairt.  Mar shampla, d’fhéadfaí a mheas gur ag seoladh gníomhaíocht brústocaireachta atá duine atá ag déanamh gearán faoi ní beartaithe criosaithe nó forbartha le hoifigeach poiblí ainmnithe atá ag canbhasáil sna toghcháin atá le teacht agus cheanglófaí ar an duine sin clárú agus tuairisceán maidir le gníomhaíochtaí brústocaireachta a chur isteach.

Chláraigh roinnt daoine i dtaca le cumarsáidí lena n-ionadaithe áitiúla faoi thalamh a chriosú nó a fhorbairt.  Ina lán cásanna, níl aon leas ábhartha ag na daoine aonair sin sna tailte lena mbaineann agus níl siad bainteach le duine a bhfuil leas den sórt sin aige/aici ach oiread.  I bhformhór na gcásanna, tá siad ag déanamh cumarsáid faoi áis a cuireadh leis nó a cailleadh nó faoi cheisteanna comhshaoil. Thabhaigh roinnt de na daoine aonair sin Pionóis Íocaíochta Seasta as mainneachtain tuairisceán maidir le gníomhaíochtaí brústocaireachta a chur isteach in am. I roinnt cásanna, chaith an Coimisiún méid suntasach acmhainní chun comhlíonadh na ndaoine sin a shaothrú.

I dtuairim an Choimisiúin, tá sé róleathan a cheangal go gcláródh daoine aonair nach bhfuil aon leas dílsithe acu sa toradh ar bhreith criosaithe nó forbartha ach amháin mar dhuine den mhórphobal.

Sa tuarascáil uaithi ar an gcéad athbhreithniú, luaigh an Roinn go bhfuil an ceanglas um chumarsáidí faoi thalamh a fhorbairt nó a chriosú a chlárú ar áireamh san Acht chun “ceanglais trédhearcachta a chomhlíonadh, mar thoradh ar fhionnachtana Bhinse Mahon go háirithe”. Chuige sin, tugann an Coimisiún dá aire gur luaigh Binse Mahon, agus moladh á dhéanamh aige go dtabharfaí rialáil brústocaireachta isteach, go bhféadfadh go dtiocfadh buntáistí éagóracha do “leasanna dílsithe” chun cinn mar thoradh ar bhrústocaireacht.  Measann an Coimisiún gur cheart forálacha alt 5(1)(c) den Acht a theorannú do dhaoine a bhfuil leas ábhartha acu i dtaca le talamh a fhorbairt nó a chriosú nó atá bainteach le duine éigin a bhfuil leas den sórt sin aige/aici nó atá ag déanamh cumarsáid thar a c(h)eann.  D’fhéadfadh forálacha ábhartha de na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí a bheith úsáideach maidir le sainmhíniú oiriúnach a thabhairt ar leas ábhartha.

Moladh 5:  Ba cheart forálacha alt 5(1)(c) den Acht a theorannú do dhaoine a bhfuil leas ábhartha acu i dtaca le talamh a fhorbairt nó a chriosú nó atá bainteach le duine éigin a bhfuil leas den sórt sin aige/aici nó atá ag déanamh cumarsáid thar a c(h)eann.

c)   Díolúintí ón sainmhíniú ar “Chumarsáid iomchuí”

Cumarsáidí páirtí polaitíochta

Le halt 5(9) den Acht, tugtar díolúine do chumarsáidí áirithe ón mbrí atá le gníomhaíochtaí brústocaireachta a sheoladh.  San aighneacht uaidh i leith an chéad athbhreithnithe, mhol an Coimisiún nár cheart a mheas gur brústocaireacht iad cumarsáidí a dhéanann páirtí polaitíochta le baill den pháirtí ar oifigigh phoiblí ainmnithe iad, i gcás go ndéantar na cumarsáidí sin leo ina gcáil mar bhaill den pháirtí. Moltar go mbainfeadh an tAcht tairbhe as leasú chun é sin a chur ar áireamh sa liosta de nithe díolmhaithe. 

Sa tuarascáil uaithi ar an gcéad athbhreithniú, mhol an Roinn go soláthródh an Coimisiún treoir maidir leis an tsaincheist sin.  Cé gur sholáthair an Coimisiún treoir sa doiciméad Ceisteanna Coitianta uaidh agus gur sholáthair sé nóta treorach d’iarrthóirí i dtoghcháin, rud ina bpléitear le saincheist na gcumarsáidí ionpháirtí freisin, tá an Coimisiún fós den tuairim gur cheart díolúine shonrach a chur ar áireamh sa liosta de nithe díolmhaithe, faoi mar atá amhlaidh i gcás nithe eile.

Moladh 6:  Ba cheart an tAcht a leasú chun díolúine a thabhairt do chumarsáidí a dhéanann páirtithe polaitíochta le baill den pháirtí ar oifigigh phoiblí ainmnithe iad, i gcás go ndéantar na cumarsáidí sin ina gcáil mar bhaill den pháirtí.

Cumarsáid dhíolmhaithe in alt 5(5)(f) den Acht

Foráiltear le halt 5(5)(f) den Acht gur cumarsáidí díolmhaithe iad “cumarsáidí is cuid de chaibidlí, nó a bhaineann go díreach le caibidlí, ar théarmaí agus coinníollacha fostaíochta a ghabhann ionadaithe ceardchumainn de láimh thar ceann a chomhaltaí”.  Leagtar an sainmhíniú ar cheardchumann amach in alt 7 den Acht agus ciallaíonn sé “ceardchumann is sealbhóir ceadúnais margántaíochta faoi Chuid II den Acht Ceárd-Chumann, 1941 nó is comhlacht eiscthe de réir bhrí alt 6 den Acht sin”

Is eol don Choimisiún gurb ann do roinnt comhlachtaí ionadaitheacha fostaithe nach ceardchumainn iad de réir an tsainmhínithe in alt 7 den Acht (mar shampla, Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána, Cumann Sháirsintí agus Chigirí an Gharda Síochána, Cumann Ionadaíochta an Bhuanfhórsa Cosanta agus Cumann Ionadaitheach na nOifigeach Coimisiúnta).  Dá bhrí sin, ní cumarsáid dhíolmhaithe faoin Acht iad caibidlí ar théarmaí agus coinníollacha fostaíochta a dhéanann comhlachtaí den sórt sin agus d’fhéadfaí a mheas gur gníomhaíocht brústocaireachta iad.

Tá an Coimisiún den tuairim gur cheart an díolúine chéanna a thugtar do cheardchumainn a thabhairt do chaibidlí ar théarmaí agus coinníollacha fostaíochta a dhéanann comhlachtaí den sórt sin.

Moladh 7:  Ba cheart feidhm a bheith ag an bhforáil cumarsáide díolmhaithe in alt 7 den Acht maidir le caibidlí ar théarmaí agus coinníollacha fostaíochta a ghabhann comhlachtaí ionadaitheacha fostaithe eile de láimh.

 

3)  Oibríochtaí.

a)   Forordú na n-oifigeach poiblí ainmnithe a leathnú chuig eagraíochtaí nó gráid eile

Foráiltear le halt 6(1)(f) den Acht go bhféadfaidh an tAire seirbhísigh phoiblí de thuairisc fhorordaithe a ainmniú mar oifigigh phoiblí ainmnithe chun críocha an Achta.  Bhí roinnt plé ann ar dtús ar an ngrúpa oifigeach poiblí ainmnithe a leathnú chun státseirbhísigh ag grád an Phríomhoifigigh a chur ar áireamh. Cé go dtuigeann an Coimisiún nach bhfuil sé beartaithe déanamh amhlaidh lom láithreach, bheadh tuairimí ag an gCoimisiún ar na himpleachtaí oibríochta a bheadh ag gabháil le beart den sórt sin agus molann sé go bhfaigheadh an Roinn tuilleadh comhairle sula ndéanfadh sí aon athrú.

b)   Iarratais ar chlárú

Ceanglaítear le halt 11(1)(c) agus 11(1)(d) den Acht nach mór faisnéis agus faisnéis teagmhála faoi seach faoi ghnó nó “príomhghníomhaíochtaí” an iarratasóra a thabhairt in iarratas ar chlárú.  Ní áirítear le halt 11(1)(b) ach tagairt do ghnó a sheoladh, áfach, agus ní thugtar aon tagairt ann do phríomhghníomhaíochtaí.  Is féidir nach bhfuil seoladh a seolann sé/sí gnó ann ag an duine ach is féidir go bhfuil seoladh aige/aici nach é a s(h)eoladh baile é agus a seolann sé/sí a p(h)ríomhghníomhaíochtaí ann agus a bhféadfadh go mbeadh sé/sí bainteach leis. Chun a chinntiú go dtabharfar an fhaisnéis teagmhála chuí ar fad, agus ar mhaithe le hiomláine agus comhsheasmhacht a chinntiú, moltar go leasófaí alt 11(1)(b) ar aon dul le fo-ailt 11(1)(c) agus (d).

Moladh 8:  Ba cheart alt 11(1)(b) den Acht a leasú chun seoladh a seolann duine gnó nó a “p(h)ríomhghníomhaíochtaí” ann a chur ar áireamh.

c)   Scortha go buan de bhrústocaireacht

Foráiltear le halt 11(4), gurb amhlaidh, maidir le haon duine atá “scortha go buan de ghníomhaíochtaí brústocaireachta a sheoladh”, go bhféadfaidh sé/sí iarratas a dhéanamh ar a (h)iontráil ar an gClár a mharcáil dá réir.  Ní cheanglaítear ar dhuine atá scortha go buan de bhrústocaireacht leanúint le tuairisceáin a chur isteach.  Maidir le cláraí nár mharcáil a c(h)lárú mar “scortha go buan de bhrústocaireacht”, bíonn ceanglas leanúnach air/uirthi tuairisceáin maidir le gníomhaíochtaí brústocaireachta a chur isteach (lena n-áirítear tuairisceáin “nialasacha” i gcás nár seoladh aon ghníomhaíochtaí brústocaireachta).  Maidir le líon suntasach daoine a mhainnigh tuairisceán maidir le gníomhaíochtaí brústocaireachta a chur isteach agus ar gearradh pionóis orthu, ba dhaoine iad a scoir cheana féin de ghníomhaíochtaí brústocaireachta ach nár athraigh a gclárú.

Bhí an téarma “go buan” mar chúis le himní chuige sin. Luadh roinnt uaireanta gurbh é sin an chúis a raibh drogall ar an duine a c(h)lárú a dhíghníomhachtú. Is féidir gur chláraigh duine i dtaca le gníomhaíochtaí brústocaireachta a seoladh ar ní ar leith. I gcás gur réitíodh an ní ar leith nó nach fadhb é a thuilleadh, is féidir go mbeidh an duine in ann a rá nach bhfuil gníomhaíochtaí brústocaireachta á seoladh aige/aici a thuilleadh. Tá sé níos doilí do dhuine a rá go bhfuil scortha aige/aici “go buan” de bhrústocaireacht toisc nach féidir leis/léi a bheith cinnte de an dtiocfaidh nó nach dtiocfaidh an tsaincheist chéanna chun cinn an athuair nó an seolfaidh nó nach seolfaidh sé/sí gníomhaíocht brústocaireachta sa todhchaí maidir le ní eile. 

Ba cheart cead a thabhairt do dhuine a c(h)lárú a mharcáil mar “scortha de bhrústocaireacht”.  Má sheolann an duine gníomhaíocht brústocaireachta ina dhiaidh sin, féadfaidh sé/sí iarratas a dhéanamh ar a c(h)untas a athghníomhachtú.  Molann an Coimisiún, dá bhrí sin, go n-athrófaí an fhoclaíocht in alt 11(4) ó “scortha go buan” go “scortha de bhrústocaireacht”.

Moladh 9:  Ba cheart na focail “go buan” a bhaint d’alt 11(4) den Acht.

d)   Cód Iompair

Foráiltear le halt 16(1) den Acht go “[bh]féadfaidh an Coimisiún cód iompair a tháirgeadh do dhaoine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta, agus é a athbhreithniú ó am go ham, d’fhonn ardchaighdeáin ghairmiúla agus dea-chleachtas a chur chun cinn”.  I mí na Samhna 2018, d’fhoilsigh an Coimisiún an Cód Iompair do dhaoine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta uaidh.  Tháinig an Cód in éifeacht an 1 Eanáir 2019.

An Cód a leagan faoi bhráid an Oireachtais

Measann an Coimisiún nach mór aon chód iompair arna fhoilsiú faoi alt 16 den Acht a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.  Chuir an Coimisiún an Cód Iompair a foilsíodh le déanaí ar áireamh mar aguisín leis an tuarascáil bhliantúil uaidh don bhliain 2018.  Leagfar an tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Thithe an Oireachtais, mar a cheanglaítear le halt 25(1) den Acht.  Dá bhrí sin, leagfar an Cód faoi bhráid Thithe an Oireachtais. 

Cé go bhfuil cur ar áireamh an Chóid mar Aguisín leis an tuarascáil bhliantúil ina shásra le haghaidh an Cód a leagan faoi bhráid an Oireachtais, tá an Coimisiún fós den tuairim gur cheart ceanglas follasach a chur ar an gCoimisiún san Acht aon chód iompair arna fhoilsiú faoi alt 16 den Acht a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

Moladh 10:  Ba cheart ceanglas follasach a chur ar an gCoimisiún in alt 16 den Acht aon chód iompair arna fhoilsiú faoi alt 16 den Acht a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

Forfheidhmiú an Chóid

Foráiltear le halt 16(5) den Acht gurb amhlaidh, maidir le haon duine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta, go mbeidh “aird aige nó aici ar an gcód iompair”.  Mar sin féin, ní thugtar leis an Acht aon údarás don Choimisiún an Cód a fhorfheidhmiú ná sáruithe ar an gCód a imscrúdú nó tuairisc a thabhairt ar na sáruithe sin.  Seachas a ordú go mbeadh aird ag duine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta ar an gCód, níl aon seasamh reachtúil ag an gCód. Ní fhoráiltear leis ach oiread go mbeidh aird ag an gCoimisiún air agus breithniú á dhéanamh aige ar cé acu a sháraigh nó nár sháraigh duine an tAcht. 

San aighneacht uaidh i leith an chéad athbhreithnithe, mhol an Coimisiún gur cheart údarás a bheith aige treoir a eisiúint maidir leis an gCód agus fiosrúcháin a sheoladh ar sháruithe ar an gCód agus tuairisc a thabhairt ar na sáruithe sin. Sa tuarascáil uaithi ar an athbhreithniú, luaigh an Roinn gur chuir Oifig an Ard-Aighne in iúl di “gur coitianta a cheangal go mbeadh aird ar na forálacha atá i gcód ná forálacha éigeantacha a chur i bhfeidhm”.  Mhol sí go bhféadfadh an Coimisiún treoir a eisiúint maidir le haon chód iompair a tháirgtear.

Tá an Coimisiún fós den tuairim, áfach, gur cheart foráil a dhéanamh san Acht d’údarás éigin a thabhairt dó i leith an Chóid.  Ar a laghad, ba cheart don Choimisiún bheith in ann a mhéid atáthar ag cloí leis an gCód a chur san áireamh agus cion faoi alt 20 den Acht á ionchúiseamh aige.  Ba cheart d’oifigeach údaraithe arna c(h)eapadh faoi alt 19 den Acht aird a bheith aige/aici freisin ar a mhéid atáthar ag cloí leis an gCód agus imscrúdú á dhéanamh aige/aici faoi alt 19 den Acht.

Mar mhalairt air sin, d’fhéadfaí an tAcht a leasú chun a fhoráil go bhféadfaidh an Coimisiún aird a bheith aige ar a mhéid atá duine ag comhlíonadh an Chóid agus imscrúdú á dhéanamh aige nó breith á tabhairt aige ar cé acu a ionchúiseoidh nó nach n-ionchúiseoidh sé cionta faoin Acht.

Moladh 11:  Ba cheart an tAcht a athrú chun údarás a thabhairt don Choimisiún fiosrúcháin a sheoladh ar sháruithe ar an gCód agus tuairisc a thabhairt ar na sáruithe sin.

 

4)  Oibleagáidí fostaíochta iarthéarma

a)   Mainneachtain alt 22 a chomhlíonadh

Foráiltear le halt 22 den Acht go mbeidh Airí den Rialtas, Airí Stáit, comhairleoirí speisialta agus seirbhísigh phoiblí shinsearacha (“oifigigh phoiblí ainmnithe iomchuí”) arna bhforordú chun críocha alt 6(1) den Acht faoi réir tréimhse “mharana” aon bhliana tar éis dóibh an oifig a fhágáil.  Le linn na tréimhse sin, ní fhéadfaidh oifigigh phoiblí ainmnithe iomchuí gabháil do ghníomhaíochtaí brústocaireachta in imthosca sonracha agus ní fhéadfaidh siad bheith fostaithe ag duine, ná ní sholáthróidh siad seirbhísí do dhuine, a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta in imthosca sonracha.  Féadfaidh oifigigh phoiblí ainmnithe iomchuí iarratas a dhéanamh chuig an gCoimisiún go ndéanfaí an tréimhse mharana a laghdú nó a tharscaoileadh.  Faoi alt 22(5) den Acht, féadfaidh an Coimisiún diúltú d’iarratas ar thoiliú nó féadfaidh sé toiliú a thabhairt gan choinníoll nó faoi réir coinníollacha.

Is féidir leis an tsaincheist maidir le “taobhanna a athrú” nó leis an dearcadh gurb ann do dhoras imrothlach an bonn a bhaint ó iontaoibh an phobail as neamhchlaontacht comhlachtaí poiblí.  Mar sin féin, níl sé ina shárú iomchuí faoi alt 18 den Acht mainneachtain alt 22 den Acht a chomhlíonadh.  Ní leagtar aon smachtbhannaí síos san Acht i leith mainneachtain alt 22 a chomhlíonadh, i dtaca le hiarratas a dhéanamh ar thoiliú, nuair is gá, nó i dtaca leis an mbreith ón gCoimisiún ar iarratas ar thoiliú agus aon choinníollacha a fhorchuirtear a chomhlíonadh.

San aighneacht uaidh i leith an chéad athbhreithnithe ar oibriú an Achta, mhol an Coimisiún go mbeadh sé ina chion faoin Acht alt 22(1) den Acht a shárú.  Sa tuarascáil uaithi ar an gcéad athbhreithniú, luaigh an Roinn gur cheart “fianaise a bhailiú bunaithe ar an taithí ar chur chun feidhme agus an méid sin a dhéanamh sula dtabharfaí aon bhreith” aran tsaincheist seo. 

Níos luaithe i mbliana, tháinig an Coimisiún ar an eolas faoi shárú féideartha ar alt 22 den Acht.  Tar éis comhfhreagras a mhalartú leis an duine agus leis an bhfostóir lena mbaineann, ba dheimhin leis an gCoimisiún gur sáraíodh alt 22 den Acht.  Ní raibh aon údarás ag an gCoimisiún an sárú sin ar an Acht a imscrúdú ná a ionchúiseamh.  Léiríonn an sárú thuas go soiléir an easpa cumhachta atá ann chun forálacha fostaíochta iarthéarma an Achta a fhorfheidhmiú agus chun smachtbhannaí a fhorchur ar dhaoine a mhainníonn na forálacha sin a chomhlíonadh.

Molann an Coimisiún arís eile gur cheart an mhainneachtain alt 22 den Acht a chomhlíonadh a bheith ina sárú iomchuí faoi alt 18 den Acht agus ina cion faoi alt 20 den Acht.

Moladh 12:  Ba cheart an mhainneachtain alt 22 den Acht a chomhlíonadh (i dtaca le hiarratas a chur isteach ar thoiliú, nuair is gá, nó i dtaca leis an mbreith ón gCoimisiún ar iarratas ar thoiliú a chomhlíonadh) a bheith ina sárú iomchuí faoi alt 18 den Acht agus ina cion faoi alt 20 den Acht.

Tugann an Coimisiún dá aire freisin gurb amhlaidh, sna ceithre bliana ó tosaíodh an tAcht, nach ndearnadh ach naoi n-iarratas ar thoiliú chuig an gCoimisiún ar an tréimhse mharana fostaíochta iarthéarma a tharscaoileadh nó a laghdú.  Is deacair don Choimisiún a chreidiúint gur lorg níos lú ná deichniúr iaroifigeach poiblí ainmnithe fostaíocht sheachtrach a raibh feidhm ag a gcuid oibleagáidí faoin Acht maidir léi. Cé nach bhfuil aon fhianaise chrua aige ar sháruithe eile, tá an Coimisiún den tuairim gur dóigh gurb ann do sháruithe neamhthuairiscithe. 

Tá an Coimisiún den tuairim gur cheart do gach iaroifigeach poiblí ainmnithe iomchuí breithniú a dhéanamh ar chomhairle a lorg ón gCoimisiún i gcás go bhfaigheann an t-iaroifigeach tairiscint poist agus nach bhfuil sé/sí cinnte cé acu a bheidh nó nach mbeidh feidhm ag a gcuid oibleagáidí faoi alt 22 den Acht maidir leis an bpost. Is féidir leis an gCoimisiún comhairle a thabhairt ar shaincheisteanna den sórt sin. Ina theannta sin, ba cheart d’fhostóirí oifigeach poiblí ainmnithe iomchuí a chinntiú go mbeidh na daoine aonair sin ar an eolas faoina gcuid oibleagáidí agus é beartaithe acu post a fhágáil agus go mbeidh siad in ann comhairle a lorg ón gCoimisiún, de réir mar is gá.

Moladh 13: Ba cheart d’fhostóirí oifigeach poiblí ainmnithe iomchuí a chinntiú go mbeidh na hoifigigh ar an eolas faoina gcuid oibleagáidí fostaíochta iarthéarma agus é beartaithe acu post a fhágáil agus go bhféadfaidh siad comhairle a lorg ón gCoimisiún, de réir mar is gá.

b)   Níor cheart na srianta atá in alt 22 a theorannú don chomhlacht poiblí bainteach ná d’oifigigh phoiblí ainmnithe bhainteacha.

Rinne an Coimisiún breithniú roimhe seo ar iarratais ar thoiliú faoi alt 22 den Acht i gcás ina raibh sé soiléir gur tharla sé, cé go raibh duine “bainteach” (mar atá sainmhínithe san Acht) le comhlacht poiblí aonair, gur chuir cineál a róil sa chomhlacht poiblí sin an duine i dteagmháil rialta le comhlachtaí poiblí eile agus le hoifigigh phoiblí ainmnithe atá fostaithe ag na comhlachtaí sin.

Ní cheanglaítear ar dhuine toiliú a lorg ach amháin i gcás go bhfuil sé beartaithe aige/aici gníomhaíochtaí brústocaireachta a sheoladh nó bheith fostaithe ag duine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta le comhlacht poiblí nó le hoifigigh phoiblí ainmnithe a bhfuil sé/sí bainteach leis nó leo.  Is féidir go raibh caidreamh dóthanach nó teagmháil dhóthanach ag oifigeach poiblí ainmnithe iomchuí le comhlacht poiblí eile nó le hoifigigh phoiblí ainmnithe nach bhfuil sé/sí “bainteach” leis nó leo nó go raibh tionchar dóthanach aige/aici ar chomhlacht nó ar oifigigh den sórt sin.  (Mar shampla, i gcás go sealbhaíonn sé/sí post mar oifigeach poiblí ainmnithe in aireacht eacnamaíoch thábhachtach nó i ngrúpa oibre idir-rannach.) D’fhéadfadh caidreamh, teagmháil nó tionchar den sórt sin buntáiste éagórach a chruthú maidir leis an eolas agus an bhaint a d’fhéadfadh iaroifigeach poiblí ainmnithe a thabhairt i bpost fostaíochta iarthéarma.

Ní cheanglófar ar dhuine toiliú ón gCoimisiún a lorg agus ní sháróidh sé/sí an tAcht i gcás go bhfuil sé beartaithe aige/aici gníomhaíochtaí brústocaireachta a sheoladh nó bheith fostaithe ag duine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta le comhlacht poiblí eile nó lena chuid oifigeach poiblí ainmnithe le linn na tréimhse marana.  Ní fhéadfaidh an Coimisiún coinníollacha a fhorchur (faoi alt 22(5)(a) den Acht) i leith comhlacht poiblí “neamhbhainteach” nó a chuid oifigeach poiblí ainmnithe.

Ba cheart breithniú a dhéanamh ar raon feidhme alt 22 a leathnú chun foráil a dhéanamh do chásanna ina bhféadfadh go mbeadh duine ag seoladh gníomhaíochtaí brústocaireachta le comhlacht poiblí nó le hoifigigh phoiblí ainmnithe nach bhfuil sé/sí bainteach leis nó leo ach a raibh caidreamh suntasach nó teagmháil shuntasach aige/aici leis nó leo nó a raibh tionchar suntasach aige/aici air nó orthu.

Moladh 14:  Ba cheart an tAcht a leasú chun raon feidhme alt 22 a leathnú chun go n-áireofar leis comhlachtaí poiblí agus oifigigh phoiblí ainmnithe a bhféadfadh go raibh caidreamh suntasach nó teagmháil shuntasach ag duine leo nó go raibh tionchar suntasach ag duine orthu.

c)   Mionsonraí a fhoilsiú faoi thoiliú a tugadh chun an tréimhse mharana faoi alt 22 a tharscaoileadh nó a laghdú

Mhol roinnt díobh a rinne aighneachtaí mar chuid den phróiseas comhairliúcháin ar an gCód Iompair go bhfoilseofaí go rialta ar lobbying.ie na hiarratais a fhaightear ar thoiliú faoi alt 22 den Acht agus na breitheanna ón gCoimisiún ar an gcéanna.  Bunaithe ar an tuarascáil ón Roinn ar an gcéad athbhreithniú, is eol don Choimisiún go ndearnadh breithniú ar an gcoincheap um “ainmniú agus náiriú” agus an reachtaíocht á dréachtú agus gur diúltaíodh don choincheap sin de bharr ábhair imní cosanta sonraí.

San am i láthair, foilsítear sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún mionsonraí faoi na hiarratais a fuarthas ar thoiliú faoi alt 22 agus na breitheanna ón gCoimisiún ar an gcéanna le linn na bliana lena mbaineann.  De réir alt 25(2) den Acht, ní thugtar mionsonraí an iarratasóra sa tuarascáil.

Ceapann an Coimisiún go bhfuil fiúntas ag baint le faisnéis a fhoilsiú faoi bhreitheanna a thugtar faoi alt 22 i gcás gur tugadh breith an tréimhse mharana a tharscaoileadh nó a laghdú. Ní mheasann sé gur cleachtadh “ainmnithe agus náirithe” é sin.  Mar a tharlaíonn, thabharfadh foilsiú na mbreitheanna sin deis d’iaroifigigh phoiblí ainmnithe agus dá bhfostóir a léiriú go ndearna siad breithniú ar a gcuid oibleagáidí faoi alt 22 den Acht agus gur chomhlíon siad iad. Chuirfeadh sé le hiontaoibh an phobail as neamhchlaontacht comhlachtaí poiblí agus thabharfadh sé dearbhú go bhfuil aghaidh á tabhairt ar an tsaincheist maidir le “taobhanna a athrú” nó maidir le “doirse imrothlacha”.  Chabhródh sé le haird a tharraingt ar an tréimhse “mharana” atá i bhfeidhm freisin.  Ar deireadh, maidir le hiaroifigigh phoiblí ainmnithe nach bhfuil sé ar intinn acu iarratas a dhéanamh ar thoiliú, d’fhéadfaí iad a spreagadh toiliú a lorg mar thoradh ar fhaisnéis faoi iarratais ar thoiliú a bheith ar fáil sa réimse poiblí.

Is é an fhaisnéis a d’fhéadfaí a fhoilsiú faoi scéim den sórt sin ná ainm an duine, ainm an chomhlachta phoiblí ar oibrigh sé/sí dó, dátaí na tréimhse marana, fad aon laghdaithe nó aon tarscaoilte, agus cé acu a cuireadh nó nár cuireadh aon choinníollacha i bhfeidhm. Ní fhoilseofaí doiciméid a bhaineann leis an mbreithniú a rinneadh ar an mbreith ná ainm aon duine aonair ar diúltaíodh toiliú dó/di.

Moladh 15:  Ba cheart an tAcht a leasú chun go bhféadfaidh an Coimisiún mionsonraí áirithe a fhoilsiú faoi na breitheanna uaidh cead a thabhairt an tréimhse mharana a tharscaoileadh nó a laghdú faoi alt 22 den Acht.

 

5)  Forfheidhmiú.

a)   Gníomhartha a dhéanamh chun oibleagáidí faoin Acht a sheachaint

Ba cheart é a bheith ina chion do dhuine aon ghníomh a dhéanamh – amhail taifid a scriosadh – chun a c(h)uid oibleagáidí faoin Acht a sheachaint nó dul timpeall orthu.  Rinne an Coimisiún an moladh sin mar chuid den aighneacht uaidh i leith an chéad athbhreithnithe.  Sa tuarascáil uaithi ar an athbhreithniú, luaigh an Roinn gur “faoi alt 19 den Acht a dhéantar cion cheana féin d’oibleagáidí a sheachaint, mar atá beartaithe”.  Thagair an Roinn d’alt 18(e) den Acht freisin, rud lena bhforáiltear go mbeidh sé ina chion cosc a chur ar imscrúdú.

Tá an Coimisiún den tuairim nach bhfreastalaítear leis an leagan reatha den Acht ar choincheap na frithsheachanta. Dá bhrí sin, leagann sé amach arís eile anseo ceann amháin de na moltaí a rinne sé roimhe seo. Ní mór breithniú a dhéanamh, ar ndóigh, ar raon feidhme aon chlásail den sórt sin.

Moladh 16:  Ba cheart clásal frithsheachanta a chur leis an liosta de sháruithe iomchuí in alt 18 den Acht.

b)   Tuarascálacha imscrúdaithe a fhoilsiú

Tugtar le halt 19 den Acht d’údarás don Choimisiún imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe iomchuí ar an Acht. Déanann oifigeach údaraithe an t-imscrúdú thar ceann an Choimisiúin agus ní mór dó/di tuarascáil a thabhairt don Choimisiún agus don duine atá á (h)imscrúdú ina leith ansin.  Níl aon údarás ag an gCoimisiún faoin Acht mionsonraí faoina chuid imscrúduithe a chur ar fáil go poiblí.  

San aighneacht uaidh i leith an chéad athbhreithnithe, mhol an Coimisiún go leasófaí an tAcht chun údarás a thabhairt don Choimisiún tuarascálacha imscrúdaithe a chur ar fáil go poiblí.  Sa tuarascáil uaithi, luaigh an Roinn go “sárófaí forálacha cosanta sonraí ach forálacha ainmnithe agus náirithe a áireamh in aon tuarascáil”

Níl an tuairim sin ag teacht le píosaí eile reachtaíochta eitice a ndéanann an Coimisiún maoirseacht orthu.  Faoi na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, féadfaidh an Coimisiún an tuarascáil uaidh ar imscrúdú a chur ar fáil go poiblí.  I gcás go bhfuil údarás reachtúil ag comhlacht gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha a sheoladh, ba cheart don chomhlacht sin bheith in ann roinnt mionsonraí faoi na gníomhaíochtaí sin a phoibliú beag beann ar ábhair imní cosanta sonraí.

Sa tuarascáil uaithi, luaigh an Roinn “gurb amhlaidh, i gcás gur eisíodh tuarascáil gan ainmneacha tar éis imscrúdaithe, go bhféadfaí faisnéis a thabhairt gan chuimhneamh inti lena bhféadfaí an duine aonair nó an eagraíocht a shainaithint” agus go bhféadfadh sé sin forálacha sonraí a shárú freisin.  Níl an tuairim sin ag teacht le halt 25(2)(b) den Acht, lena bhforáiltear go sonrach go mbeidh sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún maidir le Brústocaireacht a Rialáil mionsonraí (gan ainmneacha) faoi “aon imscrúduithe faoi alt 19 a críochnaíodh sa bhliain sin”.

Is féidir go gcuirfear faisnéis faoi imscrúdú de chuid an Choimisiúin ar fáil go poiblí in aon chás i gcás go ndéanann an Coimisiún sárú iomchuí líomhnaithe a ionchúiseamh trí na cúirteanna. Más rud é nach bhfuil go leor fianaise ann chun dul ar aghaidh le hionchúiseamh nó go léirítear san fhianaise nach ndearnadh aon sárú, áfach, ní bheidh aon sásra ar fáil trínar féidir fíorais an cháis a chur in iúl. Is ábhar imní ar leith é sin i gcás go bhfuil an ní sa réimse poiblí cheana féin, rud a d’fhéadfadh míchlú a tharraingt gan bhunús ar dhuine ar líomhnaíodh gur sháraigh sé/sí an tAcht.  Is féidir le foilsiú tuarascála imscrúdaithe cabhrú le hainm duine ar tuairiscíodh (sna meáin nó in áit eile) go bhféadfadh gur sháraigh sé/sí an tAcht a ghlanadh freisin.

Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh an easpa trédhearcachta a ghabhann leis sin an bonn a bhaint ón muinín atá ann as cumhachtaí forfheidhmithe an Choimisiúin agus as a láidre atá an reachtaíocht brústocaireachta.  Measann an Coimisiún gur cheart don Roinn, mar chuid den athbhreithniú, dul i ndáil chomhairle leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí agus na tuairimí ón gCoimisinéir a fháil maidir le cé acu a d’fhéadfaí nó nach bhféadfaí tuarascáil imscrúdaithe nó mionsonraí áirithe ar a laghad faoi imscrúdú faoi alt 19 den Acht a fhoilsiú agus maidir le conas a d’fhéadfaí déanamh amhlaidh.  Mar shampla, dá bhfoilseofaí achoimre ar ábhar an imscrúdaithe, ar an sárú líomhnaithe agus ar an toradh (dúnadh an t-imscrúdú, tionscnaíodh imeachtaí ionchúisimh, etc.), chuirfí lena thrédhearcaí atá imscrúduithe gan ionad an phróisis chúirte a ghlacadh ag an am céanna.

Moladh 17:  Ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún mionsonraí achoimre gan ainmneacha a fhoilsiú faoi imscrúduithe faoi alt 19 den Acht.

6) Eile

a)   An ról atá ag oifigigh phoiblí ainmnithe maidir le tacú leis an Acht

Ní leagtar leis an Acht aon cheanglais ar oifigigh phoiblí ainmnithe clárú, taifid a choinneáil, tuairisceáin a chur isteach ná faisnéis atá i dtuairisceáin arna gcur isteach ag brústocairí a bhailíochtú.  Tá an ceart ag oifigigh phoiblí ainmnithe a iarraidh go gceartófaí aon fhaisnéis atá míchruinn, agus tá feidhm tuairiscithe ann ar an gclár chun é sin a chumasú.

Cé nach leagtar leis an Acht aon oibleagáidí clárúcháin nó tuairiscithe ar oifigigh phoiblí ainmnithe, is féidir leo ról tábhachtach a imirt maidir le tacú le cur chun feidhme éifeachtach an Achta.  San aighneacht uaidh i leith an chéad athbhreithnithe, mhol an Coimisiún roinnt oibleagáidí a d’fhéadfaí a leagan ar oifigigh phoiblí ainmnithe chun tacú arís eile le cur chun feidhme an Achta agus chun comhlíonadh a spreagadh.  Ba iad na moltaí sin ná gur cheart d’oifigigh phoiblí ainmnithe diúltú do thuilleadh cumarsáidí a sheoladh le brústocairí i gcás gurb eol don oifigeach poiblí ainmnithe gur mhainnigh an brústocaire cumarsáidí roimhe sin a chlárú agus, i gcás gur ciontaíodh duine in aon sárú iomchuí atá sainaitheanta in alt 18, gur cheart don Choimisiún bheith in ann aon oifigeach poiblí ainmnithe a ordú gan déileáil leis an duine sin.  Moladh freisin gur cheart don Choimisiún údarás a bheith aige imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe ar na forálacha sin agus a chinneadh cén ghníomhaíocht ba cheart a dhéanamh ina leith.  Ba é cuspóir na moltaí sin an tAcht a neartú tuilleadh.

Sa tuarascáil uaithi ar an gcéad athbhreithniú, luaigh an Roinn nach mbeadh sé cuí ná indéanta ar leibhéal praiticiúil go gcoinneodh oifigigh phoiblí ainmnithe “súil ar na gníomhaíochtaí de chuid brústocairí”.  Luadh inti gurb amhlaidh, mar thoradh ar chur chun feidhme na moltaí ón gCoimisiún, go bhféadfaí athrú a dhéanamh ar “chineál an chaidrimh idir eagraíochtaí atá i mbun brústocaireachta agus an Stát agus go bhféadfaí oifigigh phoiblí a chur ó theagmháil a spreagadh agus a éascú le geallsealbhóirí”.

Ós rud é nach bhfuil aon oibleagáidí foirmiúla ann ar oifigigh phoiblí ainmnithe faoin Acht, shainaithin an Coimisiún roinnt dea-chleachtas ina leith. Tá na cleachtais sin leagtha amach sna Treoirlínte d’Oifigigh Phoiblí Ainmnithe, sna Treoirlínte do TDanna, do Sheanadóirí agus do FPEnna, agus sna Treoirlínte do Bhaill d’Údaráis Áitiúla.  Tá na treoirlínte sin ar fáil ar www.lobbying.ie.  Tá an Coimisiún fós den tuairim, áfach, nár cheart cead a thabhairt do dhuine nach bhfuil a c(h)eanglais faoin Acht á gcomhlíonadh aige/aici leanúint le rochtain a fháil ar oifigigh phoiblí agus le brústocaireacht a dhéanamh orthu fad nach bhfuil na ceanglais sin á gcomhlíonadh aige/aici.  Is é an t-aon bhealach amháin inar féidir é sin a dhéanamh ná srian a chur ar oifigigh phoiblí ainmnithe cumarsáid a dhéanamh le brústocairí neamhchomhlíontacha.  Mar sin, leagann an Coimisiún amach arís eile na moltaí seo a leanas a rinne sé san aighneacht uaidh i leith an chéad athbhreithnithe:

Moladh 18:  Ba cheart an tAcht a leasú chun oibleagáidí a leagan ar oifigigh phoiblí ainmnithe diúltú do thuilleadh cumarsáidí a dhéanamh le duine i gcás gurb eol don oifigeach poiblí ainmnithe gur mhainnigh an duine gníomhaíochtaí brústocaireachta roimhe sin a chlárú faoin dáta iomchuí.

Moladh 19:  Ba cheart an tAcht a leasú chun údarás a thabhairt don Choimisiún aon oifigeach poiblí ainmnithe a ordú gan déileáil le duine a ciontaíodh i sárú iomchuí.

Moladh 20:  Ba cheart an tAcht a leasú chun údarás a thabhairt don Choimisiún imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe ar na forálacha atá leagtha amach i moltaí 19 agus 20 thuas.

b)   Feasacht a mhéadú ar an gCód Trédhearcachta

Foráiltear le halt 5(5)(n) den Acht gur cumarsáidí díolmhaithe iad cumarsáidí idir comhaltaí de chomhlacht iomchuí i gcás go gcloíonn an comhlacht leis an gCód Trédhearcachta. Is é an tAire a chuir an Cód i bhfeidhm. Foráiltear leis gurb amhlaidh, i gcás go ndéanann comhlacht iomchuí a théarmaí tagartha, a chomhaltas, a chláir oibre agus miontuairiscí a chuid cruinnithe a fhoilsiú ar a shuíomh Gréasáin, nach meastar gur gníomhaíocht brústocaireachta iad aon chumarsáidí idir na comhaltaí den ghrúpa agus go bhfuil sé díolmhaithe ón gceanglas um chlárú.

Chun a shoiléiriú agus a shainaithint cé na grúpaí atá ag cloí leis an gCód Trédhearcachta, comhaontaíodh go gcoinneodh an Coimisiún stór lárnach de na comhlachtaí atá ag cloí leis an gCód Trédhearcachta ar bun. Tá stór lárnach á choinneáil ar bun ag an gCoimisiún ón mbliain 2018 i leith agus rinne sé teagmháil shuntasach le comhlachtaí poiblí maidir le comhlachtaí iomchuí agus maidir leis an gCód Trédhearcachta.  Chomh maith leis sin, d’fhoilsigh an Coimisiún nóta faisnéise do chomhlachtaí poiblí maidir leis na ceanglais atá orthu faisnéis áirithe a bhaineann leis an Acht a fhoilsiú.

Cé gur tháinig feabhas ar an bhfaisnéis atá foilsithe ag comhlachtaí poiblí i ndáil leis na “comhlachtaí iomchuí” a thagann faoina gcoimirce, is eol don Choimisiún gur mó i bhfad an líon comhlachtaí iomchuí atá i mbun oibre ná an líon comhlachtaí atá á dtuairisciú ar shuíomhanna Gréasáin na gcomhlachtaí poiblí.  Mar shampla, ní ag ocht gcinn de na 17 roinn rialtais atá aon fhaisnéis ar a suíomhanna Gréasáin maidir leis na comhlachtaí iomchuí a oibríonn faoina gcoimirce.  Thabharfadh sé sin le fios nach bhfuil aon ghrúpaí oibre den sórt sin ar bun ag na ranna rialtais sin. Thabharfadh sé le fios freisin, áfach, nach bhfuil grúpaí áirithe ag oibriú de réir an Chóid Trédhearcachta.  Mura bhfuil siad ag oibriú de réir an Chóid, is féidir go gceanglófar ar na comhaltaí seachtracha de na comhlachtaí sin cuntas a thabhairt ar “ghníomhaíochtaí brústocaireachta” a bhaineann le cumarsáidí a dhéantar laistigh den ghrúpa.  Tá seans ann nach bhfuil grúpaí den sórt sin ná a gcuid comhaltaí ar an eolas go fóill faoin bhforáil cumarsáide díolmhaithe faoi alt 5(5)(n) den Acht agus faoin gCód Trédhearcachta atá i bhfeidhm.

Thug an Coimisiún saincheist den chineál céanna faoi deara i dtaca le Coistí Údaráis Áitiúil um Beartais Straitéiseacha.  Is é atá sna Coistí sin comhaltaí den údarás áitiúil agus comhaltaí seachtracha a thagann ón earnáil pobail, dheonach nó phríobháideach de ghnáth agus a bhfuil saineolas iomchuí acu ar an réimse beartais lena bpléann an Coiste.  Má thagann an comhalta seachtrach faoi raon feidhme an Achta, is dóigh go bhfuil sé/sí ag déanamh cumarsáid le hoifigeach poiblí ainmnithe maidir le ní iomchuí.  Foilsíonn údaráis áitiúla áirithe faisnéis a bhaineann le comhaltas, miontuairiscí agus cláir oibre a gcuid Coistí. Chuaigh an Coimisiún i dteagmháil le Coiste Corparáideach an Chumainn Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach chun a chinntiú go bhfuil na comhaltaí seachtracha de Choistí um Beartais Straitéiseacha ar an eolas faoi cheanglais an Achta, lena n-áirítear an fíoras gur féidir go mbeidh oibleagáid ar an gCoiste clárú i gcás go ndéantar cumarsáidí laistigh de, agus chun aird a tharraingt ar an díolúine atá ar fáil do chomhlachtaí iomchuí a chomhlíonann an Cód Trédhearcachta.

Toisc gur faoi shainchúram an Aire a thagann an Cód Trédhearcachta, measann an Coimisiún gur cheart don Aire dul i mbun tuilleadh for-rochtana chun feasacht a mhéadú ar an bhforáil cumarsáide díolmhaithe atá ar fáil do chomhlachtaí iomchuí agus ar an gCód Trédhearcachta atá i bhfeidhm.  Measann an Coimisiún go bhfuil an Roinn sa riocht is fearr chun an fhor-rochtain nó an treoir sin a stiúradh le tacaíocht chuí ón gCoimisiún agus gurbh fhiú déanamh amhlaidh i gcomhpháirt le húdaráis áitiúla agus/nó leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil freisin.

Moladh 21: Ba cheart clár oideachais atá faoi stiúir ag an Roinn a sheoladh chun comhlachtaí poiblí a chur ar an eolas faoin bhforáil cumarsáide díolmhaithe faoi alt 5(5)(n) den Acht agus faoi cheanglais an Chóid Trédhearcachta.

c)   Soiléire a thabhairt maidir leis an téarma “gnáthchúrsa gnó” dá dtagraítear san fhoráil cumarsáide díolmhaithe in alt 5(5)(m) den Acht.

In aighneachtaí a fuair an Coimisiún mar chuid dá chomhairliúchán ar an gCód Iompair, cuireadh ábhair imní in iúl go raibh comhlachtaí tráchtála stáit áirithe ag baint drochúsáid as an bhforáil cumarsáide eiscthe maidir leis an téarma “gnáthchúrsa gnó” atá in alt 5(5)(m) den Acht.  Moladh don Roinn treoir maidir leis an “gcumarsáid eiscthe” sin a eisiúint chuig gach gníomhaireacht stáit.  Rinne ceann amháin de na heagraíochtaí sin moladh den chineál céanna mar chuid den phróiseas comhairleach ar an gcéad athbhreithniú ar an Acht.  Tugadh roinnt soiléirithe ar an ní sa tuarascáil ar an athbhreithniú.  Luadh sa tuarascáil freisin go raibh an Coimisiún ag cur doiciméad “Ceisteanna Coitianta” le chéile ar an ní.  D’fhoilsigh an Coimisiún na Ceisteanna Coitianta ar a shuíomh Gréasáin ina dhiaidh sin. 

Measann an Coimisiún gur cheart dul i mbun tuilleadh for-rochtana le gníomhaireachtaí stáit a bhféadfadh feidhm a bheith ag an díolúine in alt 5(5)(m) maidir leo nó gur cheart tuilleadh treorach a thabhairt dóibh.  Mar chuid den fhor-rochtain nó den treoir sin, ba cheart feasacht a mhéadú ar an bhforáil cumarsáide díolmhaithe agus ar na himthosca ar cheart agus nár cheart í a úsáid iontu.  Measann an Coimisiún arís eile go bhfuil an Roinn sa riocht is fearr chun an fhor-rochtain nó an treoir sin a stiúradh, le tacaíocht chuí ón gCoimisiún.

Moladh 22: Ba cheart clár oideachais atá faoi stiúir ag an Roinn a sheoladh chun gníomhaireachtaí stáit iomchuí a chur ar an eolas faoin bhforáil cumarsáide díolmhaithe faoi alt 5(5)(m) den Acht agus faoi na himthosca ina bhfuil feidhm aici.

 

Aguisín 1 - Liosta Moltaí

Moladh 1: Ba cheart an tAcht a leasú chun a fhoráil gur faoi raon feidhme an Achta a thiocfadh aon chomhlachtaí ionadaitheacha gnó nó aon “chomhghuaillíochtaí” leasanna gnó, beag beann ar an líon fostaithe atá ann agus stádas na bhfostaithe, i gcás go dtiocfadh duine amháin nó níos mó de chomhaltaí an chomhlachta/na comhghuaillíochta faoina raon feidhme dá mba rud é go mbeadh siadsan ag gníomhú ina n-aonar. Ba cheart a cheangal go n-ainmneofaí comhaltaí an chomhlachta/na comhghuaillíochta ar thuairisceáin chun trédhearcacht mhéadaithe a chothú.

Moladh 2: Ba cheart alt 5(3) den Acht a leasú chun a fhoráil gurb amhlaidh, i gcás go ndéanann fostaí íoctha nó sealbhóir oifige de chuid na heagraíochta cumarsáid iomchuí thar ceann eagraíocht a thagann faoi raon feidhme an Achta, go measfar gur gníomhaíocht brústocaireachta arna seoladh ag an eagraíocht í.

Moladh 3: Ba cheart an tAcht a leasú chun sainmhíniú níos cuimsithí ar fhostaí lánaimseartha a thabhairt in alt 7.

Moladh 4: Ba cheart alt 5(1)(c) den Acht a leasú chun foráil a dhéanamh do bhainistiú agus treorú cumarsáidí iomchuí faoi thalamh a fhorbairt nó a chriosú, agus do dhéanamh na gcumarsáidí sin.

Moladh 5: Ba cheart forálacha alt 5(1)(c) den Acht a theorannú do dhaoine a bhfuil leas ábhartha acu i dtaca le talamh a fhorbairt nó a chriosú nó atá bainteach le duine éigin a bhfuil leas den sórt sin aige/aici nó atá ag déanamh cumarsáid thar a c(h)eann.

Moladh 6: Ba cheart an tAcht a leasú chun díolúine a thabhairt do chumarsáidí a dhéanann páirtithe polaitíochta le baill den pháirtí ar oifigigh phoiblí ainmnithe iad, i gcás go ndéantar na cumarsáidí sin ina gcáil mar bhaill den pháirtí.

Moladh 7: Ba cheart feidhm a bheith ag an bhforáil cumarsáide díolmhaithe in alt 7 den Acht maidir le caibidlí ar théarmaí agus coinníollacha fostaíochta a ghabhann ionadaithe comhlachtaí ionadaitheacha fostaithe eile de láimh.

Moladh 8: Ba cheart alt 11(1)(b) den Acht a leasú chun seoladh a seolann duine gnó nó a “p(h)ríomhghníomhaíochtaí” ann a chur ar áireamh.

Moladh 9: Ba cheart na focail “go buan” a bhaint d’alt 11(4) den Acht.

Moladh 10: Ba cheart ceanglas follasach a chur ar an gCoimisiún in alt 16 den Acht aon chód iompair arna fhoilsiú faoi alt 16 den Acht a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

Moladh 11: Ba cheart an tAcht a athrú chun údarás a thabhairt don Choimisiún fiosrúcháin a sheoladh ar sháruithe ar an gCód agus tuairisc a thabhairt ar na sáruithe sin.

Moladh 12: Ba cheart an mhainneachtain alt 22 den Acht a chomhlíonadh (i dtaca le hiarratas a chur isteach ar thoiliú, nuair is gá, nó i dtaca leis an mbreith ón gCoimisiún ar iarratas ar thoiliú a chomhlíonadh) a bheith ina sárú iomchuí faoi alt 18 den Acht agus ina cion faoi alt 20 den Acht.

Moladh 13: Ba cheart d’fhostóirí oifigeach poiblí ainmnithe iomchuí a chinntiú go mbeidh na hoifigigh ar an eolas faoina gcuid oibleagáidí fostaíochta iarthéarma agus é beartaithe acu post a fhágáil agus go bhféadfaidh siad comhairle a lorg ón gCoimisiún, de réir mar is gá.

Moladh 14: Ba cheart an tAcht a leasú chun raon feidhme alt 22 a leathnú chun go n-áireofar leis comhlachtaí poiblí agus oifigigh phoiblí ainmnithe a bhféadfadh go raibh caidreamh suntasach nó teagmháil shuntasach ag duine leo nó go raibh tionchar suntasach ag duine orthu.

Moladh 15: Ba cheart an tAcht a leasú chun go bhféadfaidh an Coimisiún mionsonraí áirithe a fhoilsiú faoi na breitheanna uaidh an tréimhse mharana a tharscaoileadh nó a laghdú faoi alt 22 den Acht.

Moladh 16: Ba cheart clásal frithsheachanta a chur leis an liosta de sháruithe iomchuí in alt 18 den Acht.

Moladh 17: Ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún mionsonraí achoimre a fhoilsiú faoi imscrúduithe faoi alt 19 den Acht.

Moladh 18: Ba cheart an tAcht a leasú chun oibleagáidí a leagan ar oifigigh phoiblí ainmnithe diúltú do thuilleadh cumarsáidí a dhéanamh le duine i gcás gurb eol don oifigeach poiblí ainmnithe gur mhainnigh an duine gníomhaíochtaí brústocaireachta roimhe sin a chlárú faoin dáta iomchuí.

Moladh 19: Ba cheart an tAcht a leasú chun údarás a thabhairt don Choimisiún aon oifigeach poiblí ainmnithe a ordú gan déileáil le duine a ciontaíodh i sárú iomchuí.

Moladh 20: Ba cheart an tAcht a leasú chun údarás a thabhairt don Choimisiún imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe ar na forálacha atá leagtha amach i moltaí 18 agus 19 thuas.

Moladh 21: Ba cheart clár oideachais atá faoi stiúir ag an Roinn a sheoladh chun comhlachtaí poiblí a chur ar an eolas faoin bhforáil cumarsáide díolmhaithe faoi alt 5(5)(n) den Acht agus faoi cheanglais an Chóid Trédhearcachta.

Moladh 22: Ba cheart clár oideachais atá faoi stiúir ag an Roinn a sheoladh chun gníomhaireachtaí stáit iomchuí a chur ar an eolas faoin bhforáil cumarsáide díolmhaithe faoi alt 5(5)(m) den Acht agus faoi na himthosca ina bhfuil feidhm aici.