An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí agus rialáil brústocaireachta
Gné nua de thrédhearcacht agus d’ardchaighdeáin a chinntiú sa saol poiblí.
An Breitheamh Onórach Daniel O’Keeffe, Cathaoirleach,
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Réamhrá
Tá áthas orm cuireadh a fháil chun labhairt ag an gComhdháil seo maidir leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Gnóthaí Poiblí Éireann as an gcuireadh sin a thabhairt dom agus as an gComhdháil seo a eagrú.
Cé nach dtiocfaidh an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil i bhfeidhm go dtí an 1 Meán Fómhair 2015, agus cé nach mbeidh na chéad tuairisceáin dlite go dtí an 21 Eanáir 2016, bíonn an Coimisiún um Chaighdeáin ag dul i dteagmháil go gníomhach le daoine aonair agus le comhlachtaí ar féidir go mbeidh ceanglas orthu clárú mar bhrústocaire. Is tráthúil atá an chomhdháil seo, mar sin, agus tá sí ag teacht leis an gcuspóir atá againn faisnéis a chur ar fáil faoin Acht agus faoi cheanglais an Achta.
In éineacht liom inniu, tá Sherry Perreault Uasal, an Ceann nua Rialála Brústocaireachta, agus an tUasal Aidan Moore ón aonad um Brústocaireacht a Rialáil. Labhróidh Sherry libh faoin obair ullmhúcháin atá déanta ag an gCoimisiún mar Rialálaí Brústocaireachta agus faoi conas a oibreoidh an tAcht ó thaobh na praiticiúlachta de. Labhróidh sí freisin faoi eispéireas Cheanada ar Rialáil Brústocaireachta.
Ba mhaith liom labhairt libh inniu faoi ról agus fheidhmeanna an Choimisiúin um Chaighdeáin, faoin taithí atá aige mar rialálaí córas trédhearcachta agus faoin dóigh, dar linn, a gcomhlánóidh Rialáil Brústocaireachta an sainchúram foriomlán atá ar an gCoimisiún um Chaighdeáin. Luafaidh mé freisin na tionscnaimh atá fógartha ag an Rialtas le déanaí maidir le hathchóiriú ar an reachtaíocht Eitice agus Toghcháin, rud a bhféadfadh go mbeadh impleachtaí aige do ról an Choimisiúin um Chaighdeáin.
Cúlra
Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom roinnt faisnéise a thabhairt daoibh faoi
i) cé hé an Coimisiún um Chaighdeáin
ii) conas a oibríonn sé, agus
iii) na róil éagsúla mhaoirseachta atá leagtha air.
Comhlacht neamhspleách a bunaíodh i mí na Nollag 2001 leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 is ea an Coimisiún um Chaighdeáin. Tá ceathrar comhaltaí de bhrí oifige ag an gCoimisiún, is iad sin – Cléireach Dháil Éireann; Cléireach Sheanad Éireann; an tOmbudsman agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Tá beirt chomhaltaí “ceaptha” aige freisin, is iad sin – an tUasal Jim O’Keeffe, a bhí ina Theachta Dála roimhe seo, agus mé féin. Foráiltear leis an Acht go mbeidh an Cathaoirleach ina bhreitheamh nó ina iarbhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí nó na hArd-Chúirte.
Is í Oifig an Ombudsman a sholáthraíonn an Rúnaíocht don Choimisiún um Chaighdeáin agus leanfaidh sí ar aghaidh le déanamh amhlaidh don fheidhm nua Rialála Brústocaireachta. Tá cuid mhór tairbhí, coigilteas costais agus éifeachtúlachtaí don cháiníocóir tagtha as an tsamhail sin um sheirbhísí comhroinnte.
Cuireadh an Coimisiún um Chaighdeáin in áit an Choimisiúin um Oifigí Poiblí, a bunaíodh i mí na Samhna 1995 agus a raibh freagracht air ar dtús as an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, amháin.
Leis an Acht Toghcháin, 1997, méadaíodh ról an Choimisiúin um Oifigí Poiblí chun go n-áireofaí ann freagrachtaí faoin Acht sin, lena n-áirítear síntiúis agus caiteachas toghcháin a nochtadh agus maoirseacht a dhéanamh ar chistiú Státchiste do pháirtithe polaitíochta faoin Acht.
Sa bhliain 2001, leagadh de fhreagracht air freisin maoirseacht a dhéanamh ar chaiteachas an liúntais ar a dtugtaí an Liúntas Ceannairí Páirtí agus ar a dtugtar an Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte anois.
Cuireadh an Coimisiún um Chaighdeáin in áit an Choimisiúin um Oifigí Poiblí sa bhliain 2001. Feidhmeanna faoi Chuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil, a bhaineann leis an gCreat um Eitic don Rialtas Áitiúil, cuireadh iad le sainchúram an Choimisiúin sa bhliain 2001.
D’fhoilsigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe togra le déanaí le haghaidh Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí. D’fhoilsigh an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil páipéar comhairliúcháin le déanaí freisin d’fhonn tús a chur leis an bpróiseas réamhreachtach lena mbunófar coimisiún toghcháin. Beidh impleachtaí ag an dá thogra sin do chomhdhéanamh agus d’fheidhmeanna an Choimisiúin um Chaighdeáin amach anseo.
Déanfaidh mé tagairt don dá cheann de na tograí sin le linn na hóráide seo.
Feidhmeanna Reatha an Choimisiúin um Chaighdeáin
Ba mhaith liom labhairt anois faoi fheidhmeanna reatha an Choimisiúin um Chaighdeáin agus faoi conas a chomhlánaítear na feidhmeanna sin leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil. Is féidir feidhmeanna an Choimisiúin um Chaighdeáin a mhiondealú ina dtrí phríomhréimse:
- Eitic
- Maoiniú agus caiteachas polaitíochta
- Brústocaireacht a Rialáil
Tá gach ceann díobh ina ngnéithe tábhachtacha de shraith tionscnamh trédhearcachta. Déanfaidh mé tuilleadh plé orthu ceann ar cheann.
An tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, agus an tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001 (na hAchtanna um Eitic)
Ar an gcéad dul síos, déanfaidh mé plé ar an ról atá ag an gCoimisiún faoi láthair maidir leis an reachtaíocht Eitice.
Ceann amháin de chuspóirí na nAchtanna um Eitic is ea foráil a dhéanamh do leasanna a nochtadh, lena n-áirítear aon tosca ábhartha a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar Aire Rialtas nó Aire Stáit, ar chomhalta de Thithe an Oireachtais, ar chomhalta de bhord Stáit nó ar sheirbhíseach poiblí le linn dó a dhualgais oifigiúla a chomhlíonadh. Mar aon le leasanna a nochtadh faoi na hAchtanna um Eitic, ní mór do gach comhalta den dá Theach den Oireachtas, don Ard-Aighne agus do dhaoine a cheaptar chun oifige sinsearaí i gcomhlachtaí poiblí fianaise ar chomhlíonadh cánach a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaighdeáin.
Is iad na príomhchúraimí atá ar an gCoimisiún um Chaighdeáin faoin reachtaíocht sin comhairle agus treoirlínte a chur ar fáil maidir le comhlíonadh na nAchtanna um Eitic, nochtadh dearbhuithe leasanna agus córais imréitigh chánach a riar, agus gearáin agus sáruithe féideartha ar na hAchtanna um Eitic a imscrúdú agus tuairisc a thabhairt orthu.
Imríonn an Coimisiún um Chaighdeáin ról ríthábhachtach faoi Chuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil 2001. Ní mór dul i gcomhairle leis nuair a bhíonn cóid iompair á bhforbairt nó á leasú do chomhaltaí agus d’fhostaithe údaráis áitiúil araon. Faoi Chuid 15 freisin, féadfar gearáin a dhéanamh chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le comhaltaí agus fostaithe údaráis áitiúil.
Is fairsing na cumhachtaí imscrúdaitheacha atá ag an gCoimisiún um Chaighdeáin faoi na hAchtanna um Eitic. Féadfaidh an Coimisiún Oifigeach Fiosrúcháin a cheapadh chun cabhrú leis breithniú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil údar le himscrúdú a dhéanamh ar ghearán a cuireadh faoina bhráid. Féadfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin ráitis a lorg ón duine a líomhnaítear gur sháraigh sé an reachtaíocht eitice nó toghcháin agus ó dhaoine ábhartha eile agus féadfaidh sé a iarraidh go dtabharfar ar aird doiciméid a mheastar a bheith ábhartha maidir leis an bhfiosrúchán. Is fiú a thabhairt faoi deara go mbeidh cumhachtaí imscrúdaitheacha den chineál céanna ag an gCoimisiún um Chaighdeáin faoi Alt 19 den Acht um Brústocaireacht a Rialáil.
Go dtí seo, tá sé imscrúdú curtha i gcrích ag an gCoimisiún um Chaighdeáin faoi na hAchtanna um Eitic.
Tograí nua le haghaidh Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí
Is é atá sa Scéim Ghinearálta de Bhille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí a foilsíodh le déanaí ná tograí le haghaidh an creat reatha Eitice a athchóiriú, a chomhdhlúthú agus a nuachóiriú. Áirítear iad seo a leanas leis na príomhghnéithe de na hathchóirithe:
- Coimisinéir um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí a chur in áit an Choimisiúin um Chaighdeáin. Beidh cumhachtaí méadaithe ag an gCoimisinéir agus, trí Leas-Choimisinéir a bhunú, cuirfidh sé nósanna imeachta níos cuíchóirithe agus níos fearr um ghearáin agus imscrúduithe i ngníomh. Is ag an gCoimisinéir a bheidh cumhachtaí níos láidre maidir le smachtbhannaí a fhorchur agus forfheidhmiú a dhéanamh i leith raon sáruithe éagsúla. Beidh ról níos leithne aige freisin maidir le comhairle agus treoir a sholáthar. Beartaítear, mar shampla, go bhféadfaidh an Coimisinéir fógra íocaíochta seasta a eisiúint; a chinneadh ionchúiseamh a dhéanamh go hachomair ar ábhar ar féidir gur cion é; agus cion a tharchur faoin Acht seo, nó faoi Acht eile, chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.
- Sraith prionsabal atá bunaithe ar ionracas agus a mbeidh feidhm acu maidir le gach oifigeach poiblí a bhunú sa reachtaíocht;
- Neartú a dhéanamh ar an oibleagáid dhlíthiúil atá ar oifigigh phoiblí nochtadh a dhéanamh, mar ábhar gnáthaimh, ar choinbhleachtaí leasa iarbhír agus féideartha a bhaineann lena ndualgais a fheidhmiú;
- Áireofar síntiúis pholaitíochta le leasanna nach mór a fhógairt agus beidh tuilleadh comhsheasmhachta agus cinnteachta ann sna rialacha lena rialaítear teorainneacha ar na bronntanais agus ar na tairbhí taistil a fhéadfaidh oifigigh phoiblí a fháil (mar shampla, beidh orthu aon áiseanna taistil, cóiríochta, sólaistí agus coimhdeacha ar mó a luach ná €600 a dhearbhú);
- Is don Choimisinéir a dhéanfar na dearbhuithe leasanna de chuid polaiteoirí agus oifigeach sinsearach agus foilseofar iad ina dhiaidh sin;
- Toirmisc reachtúla a fhorchur ar úsáid faisnéise ón taobh istigh, ar a iarraidh ar oifigigh phoiblí glacadh le sochair (lena n-áireofar bronntanais agus gara, etc.) d’fhonn leasanna príobháideacha a chur ar aghaidh, agus ar ionadaithe tofa áitiúla déileáil i gcáil ghairmiúil le talamh i gcúinsí áirithe. Beartaítear go gcuirfear toirmeasc ar chomhalta d’údarás áitiúil, i gcúinsí áirithe, déileáil i gcáil ghairmiúil le talamh le linn a théarma oifige agus ar feadh tréimhse dhá bhliain tar éis an téarma sin;
- Bord reachtúil nua a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar choinbhleachtaí leasa féideartha i gcásanna ina nglacann oifigigh phoiblí le róil san earnáil phríobháideach trí na Boird ar leith um Cheapacháin Sheachtracha don Státseirbhís agus don chóras Údaráis Áitiúil a chumasc.
Cistiú Stáit do Pháirtithe Polaitíochta
Tá freagracht ar an gCoimisiún freisin as maoirseacht a dhéanamh ar chistiú stáit do pháirtithe polaitíochta faoi na hAchtanna Toghcháin agus faoi Acht an Oireachtais (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014 (an tAcht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte).
Foráiltear san Acht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte do liúntas bliantúil a íoc le ceannairí páirtithe parlaiminte agus le comhaltaí neamhspleácha den Dáil agus den Seanad i ndáil le speansais a bhaineann lena ngníomhaíochtaí parlaiminte. Le linn na bliana 2014, íocadh beagnach €8m (€7.93m) le ceannairí páirtithe polaitíochta agus le comhaltaí neamhspleácha den Dáil agus den Seanad.
Cuirtear cistiú ar fáil do pháirtithe polaitíochta “cáilithe” faoi na hAchtanna Toghcháin freisin. Fuair na ceithre pháirtí polaitíochta cháilithe (Fianna Fáil, Fine Gael, Sinn Féin agus Páirtí an Lucht Oibre) cistiú iomlán €5.5 milliún faoi na hAchtanna Toghcháin sa bhliain 2014.
Ní mór ráitis bhliantúla iniúchta ar leith ar chaiteachas cistiúcháin a fuarthas faoin dá phíosa reachtaíochta a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaighdeáin. Foilsíonn an Coimisiún na ráitis ina dhiaidh sin.
Feidhmeanna an Choimisiúin um Chaighdeáin faoi na hAchtanna Toghcháin
Ceanglaítear leis na hAchtanna Toghcháin ar an gCoimisiún um Chaighdeáin faireachán a dhéanamh ar roinnt ábhar agus, nuair is cuí leis, tuairisc a thabhairt orthu. Áirítear na nithe seo leo:
- glacadh le síntiúis agus iad a nochtadh;
- speansais toghcháin a theorannú, a nochtadh agus a aisíoc;
- Clár na Síntiúsóirí Corparáideacha a choimeád; agus
- “tríú páirtithe” a chlárú
- cuntais bhliantúla na bpáirtithe polaitíochta a ullmhú.
Ba éard a bhí i dtabhairt isteach na nAchtanna Toghcháin sa bhliain 1997 ná athrú mór cultúrtha i gcás na ndaoine sin a raibh baint acu le feachtais pholaitíochta a mhaoiniú. Is fiú a thabhairt faoi deara go bhfuilimid anois in áit ina bhfuil srianta suntasacha ar na cineálacha síntiúis agus ar na méideanna síntiúis ar féidir glacadh leo agus ina nochtar gach síntiús os cionn tairseach atá measartha beag, cé go rabhamar in áit roimh an Acht Toghcháin, 1997, nach ndearnadh maoiniú príobháideach na bpáirtithe polaitíochta agus na bpolaiteoirí aonair a shrianadh ná a nochtadh ann. Mar shampla:
- Ní fhéadfaidh polaiteoirí aonair ná páirtí polaitíochta glacadh le síntiús gan ainm ar mó a luach ná €100 ná le síntiús airgid thirim ar mó a luach ná €200.
- Mar an gcéanna, ní fhéadfar glacadh le síntiús ar mó a luach ná €200 ó shíntiúsóir corparáideach, ach amháin sa chás go bhfuil an síntiúsóir corparáideach cláraithe ar Chlár na Síntiúsóirí Corparáideacha.
- Ní fhéadfaidh polaiteoir aonair ná páirtí polaitíochta glacadh le síntiúis ón gcoigríoch.
- Is é €1,000 an luach uasta síntiúis/síntiús a bhféadfaidh polaiteoir aonair glacadh leis ón aon síntiúsóir amháin san aon bhliain féilire amháin agus is é €2,500 an méid comhfhreagrach i gcás páirtí polaitíochta.
- Ní mór do pholaiteoirí aonair síntiúis ar mó a luach ná €600 a nochtadh agus ní mór do pháirtithe polaitíochta síntiúis ar mó a luach ná €1,500 a nochtadh.
- Ní mór do pholaiteoirí aonair agus do pháirtithe polaitíochta araon cuntais thiomnaithe um shíntiúis pholaitíochta a choimeád.
- Ón mbliain 2015 ar aghaidh, beidh ar gach páirtí polaitíochta cuntais bhliantúla iniúchta a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena bhfoilsiú.
Rinne na daoine aonair agus na páirtithe polaitíochta sin a chlúdaítear leis an reachtaíocht oiriúnú do na hathruithe a tugadh isteach leis na hAchtanna Toghcháin. Is ionann an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil agus na hAchtanna Toghcháin ar roinnt mhaith bealaí sa mhéid go bhforáiltear leis do ghníomhaíochtaí nach raibh sa réimse poiblí go dtí sin a nochtadh. Ina theannta sin, is éard a bheidh san Acht um Brústocaireacht a Rialáil ná athrú mór cultúrtha do dhaoine a bhfuil gníomhaíochtaí brústocaireachta á ndéanamh acu agus do na hOifigigh Phoiblí Ainmnithe a bhfuil brústocaireacht á déanamh orthu.
Na tograí le haghaidh Coimisiún Toghcháin a bhunú
Tugtar gealltanas sa chlár don Rialtas go mbunófar Coimisiún Toghcháin a ghlacfaidh le feidhmeanna na gcomhlachtaí atá ann cheana, an Coimisiún um Chaighdeáin san áireamh, ag a bhfuil feidhm maidir leis an bpróiseas toghcháin. D’fhoilsigh an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil páipéar comhairliúcháin le déanaí faoin ábhar agus chuir an Coimisiún a chuid tuairimí ar fáil.
An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015
Faoi mar atá amhlaidh i gcás an Achta um Eitic agus na nAchtanna Toghcháin, is é cuspóir an Achta um Brústocaireacht a Rialáil ná tuilleadh oscailteachta, trédhearcachta agus cuntasachta a chur ar fáil. Foráiltear leis an reachtaíocht go ndéanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin Clár Brústocaireachta ar líne a bhunú agus a mhaoirsiú. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin faireachán ar chomhlíonadh na reachtaíochta, cuirfidh sé treoir agus cúnamh ar fáil agus, nuair is gá, imscrúdóidh sé sáruithe ar cheanglais dhlíthiúla agus leanfaidh sé díobh. In am is i dtráth, ullmhóidh an Coimisiún um Chaighdeáin Cód Iompair maidir le Brústocaireacht freisin. Sa deireadh, cuirfidh sé moltaí ar fáil don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le leasuithe molta ar an reachtaíocht. Beidh na moltaí sin bunaithe ar an taithí atá ag an gCoimisiún ar an reachtaíocht a riar.
Tá an Coimisiún um Chaighdeáin sásta glacadh leis an ról rialála a ndearnadh foráil dó faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil. Tá sé den tuairim go dtagann feidhmeanna an Choimisiúin a bhaineann le reachtaíocht maidir le hEitic, Cóid Iompair san áireamh, lena chéile mar ghrúpa feidhmeanna atá scoite agus comhtháiteach.
Amhail i gcás na nAchtanna Toghcháin, foráiltear leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil go bhféadfaidh an pobal tuairisceáin reachtúla a iniúchadh. Tá taithí ag an gCoimisiún ar scaipeadh na faisnéise den sórt sin a éascú agus aird á tabhairt aige ar na híogaireachtaí a bhaineann le faisnéis áirithe a chuirtear ar fáil dó. Beidh gá le scileanna den chineál céanna i dtaca le Brústocaireacht a Rialáil sa chás go bhféadfadh faisnéis áirithe a chuirtear ar fáil dó a bheith faoi réir díolúine ón gclár nó foilsiú moillithe ar an gclár. Áirítear na nithe seo le samplaí de chumarsáidí a d’fhéadfadh a bheith díolmhaithe:
- cumarsáidí lena n-iarrtar faisnéis fhíorasach nó lena soláthraítear faisnéis fhíorasach mar fhreagairt ar iarraidh ar an bhfaisnéis;
- cumarsáidí a bhaineann go díreach le caibidlí ceardchumainn;
- cumarsáidí ó oifigeach poiblí ainmnithe ina cháil nó ina cáil mar oifigeach poiblí.
D’fhéadfadh foilsiú moillithe teacht aníos nuair a mheasann duine go bhféadfadh an foilsiú faisnéise drochéifeacht thromaí a bheith aige ar leasanna airgeadais an Stáit, ar an ngeilleagar náisiúnta, nó ar leasanna gnó i gcoitinne nó ar leasanna gnó aon daoine ar leith.
Is é an cur chuige atá glactha ag an gCoimisiún um Chaighdeáin mar rialálaí ná cabhrú le comhlíonadh trí fhaisnéis, trí threoir agus trí chomhairle a thabhairt. Beidh cur chuige den chineál céanna á ghlacadh ag an gCoimisiún um Chaighdeáin mar Rialálaí Brústocaireachta. Beidh cumhachtaí imscrúdúcháin aige a bheidh cosúil leis na cumhachtaí imscrúdúcháin sin a úsáideann sé agus na hAchtanna um Eitic á maoirsiú aige. Faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, áfach, beidh an Coimisiún um Chaighdeáin ina chomhlacht ionchúisimh den chéad uair riamh má iarrtar air a chumhachtaí faoi alt 20(4) nó alt 21 den Acht a fheidhmiú.
Ós rud é gur rud nua don Choimisiún atá san fheidhm um Brústocaireacht a Rialáil, níl sé cinnte fós faoi na dúshláin nua a d’fhéadfadh teacht chun cinn. Tá áthas ar an gCoimisiún go bhfuil oibriú an Achta faoi réir athbhreithniú rialta éigeantach. Déanfar an chéad athbhreithniú den sórt sin bliain amháin tar éis thosach feidhme an Achta agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin.
Laistigh de raon an chreata reachtúil a thug an tOireachtas dó, tá sé léirithe ag an gCoimisiún um Chaighdeáin go n-oibríonn sé ar bhealach éifeachtach comhordaithe. Tá forbairt déanta aige ar a thaithí agus ar a fhios gnó maidir le córais trédhearcachta a mhaoirsiú. Cé go dtabharfar dúshláin nua le Brústocaireacht a Rialáil, tá an Coimisiún muiníneach go mbeidh sé in ann a chuid dualgas a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtach éifeachtúil agus tuilleadh trédhearcachta a thabhairt don saol poiblí in Éirinn.
Conclúid:
I dteannta a chéile, léirítear le gach ceann de na píosaí reachtaíochta thuas tréimhse 20 bliain d’fhorbairt reachtaíochta i réimse na hoscailteachta agus i réimse na trédhearcachta.
Céard atá sa phrionsabal is bun le gach ceann de na píosaí reachtaíochta sin. Molaim na nithe seo:
1) Déanann siad caighdeán coiteann a thabhairt isteach agus a choinneáil sna réimsí speisialaithe faoi seach maidir le cothrom na Féinne a thabhairt do phearsana nó d’eintitis a dtéann an reachtaíocht i bhfeidhm orthu e.g. is é aidhm an Achta um Brústocaireacht a Rialáil faisnéis a chur ar fáil don phobal maidir le gníomhaíochtaí brústocaireachta lena chinntiú nach mbeidh buntáistí fadtéarmacha tráchtála ag aon eintiteas amháin thar eintiteas eile.
2) Is é aidhm na reachtaíochta ar leith ná tacar caighdeán a chur i ngníomh a bhaineann go ginearálta le pearsana a bhfuil gníomhaíochtaí brústocaireachta á ndéanamh acu.
3) Tá a struchtúr pleanáilte féin ag an reachtaíocht chun déileáil le neamh-chomhlíonadh trí bhíthin fiosrúcháin lena ngabhann smachtbhannaí clú nó trí bhíthin pionóis neamhchúirte.
4) Tá an trédhearcacht mar bhonn agus thaca ag na gníomhaíochtaí rialáilte.