Foilsíonn an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a Thuarascáil Bhliantúil 2023 faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil
Dé Luain 1 Lúil 2024: Inniu d’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a Thuarascáil Bhliantúil maidir le gníomhaíocht Brústocaireachta a Rialáil faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015. Clúdaíonn an tuarascáil gníomhaíochtaí an Choimisiúin agus an tAcht á riaradh don bhliain tuairiscithe 2023, lena n-áirítear gníomhaíochtaí forfheidhmithe a tugadh fúthu le linn na bliana.
Mhéadaigh líon iomlán na gcláraithe ar an gclár go 2,538, sin glanmhéadú de 108 ar an 2,430 cláraí ag deireadh na bliana 2022. Ag tráth comhlánaithe na tuarascála seo, bhí níos mó ná 12,000 tuairisceán ar ghníomhaíochtaí brústocaireachta curtha isteach maidir leis na trí thréimhse tuairiscithe i 2023.
Tugadh dhá imscrúdú ar aghaidh ó 2022 go 2023, agus seoladh dhá imscrúdú eile le linn na bliana. Dhún an tAonad Gearán agus Imscrúduithe ceann amháin de na cásanna seo, rud a d’fhág go raibh 3 cinn ar siúl ag deireadh na bliana 2023.
Bhí cás amháin le haghaidh ionchúisimh (faoi Alt 20(2) den Acht) a tugadh anonn ó 2022 le dul os comhair na gcúirteanna mar gheall ar mhainneachtain tuairisceáin bhrústocaireachta a chur isteach. D’éirigh leis an mbrústocaire i gceist a bheith comhlíontach le linn na bliana, agus d’aistharraing an Coimisiún an t-ionchúiseamh.
Thuairiscigh an Coimisiún freisin go bhfuair sé trí iarratas chun forálacha iar-fhostaíochta an Achta a tharscaoileadh nó a laghdú i 2023, iad ar fad ó iarchomhairleoirí speisialta. Tá staitisticí ar iarratais a fuarthas ó thús an Achta san áireamh sa tuarascáil.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil agus chun tuarascáil iomlán an Choimisiúin ar Bhrústocaireacht a Rialáil i 2023 a léamh, tabhair cuairt le do thoil ar an láithreán gréasáin www.lobbying.ie.
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le do thoil le:
Meán: media@sipo.ie
Ríomhphost: info@lobbying.ie
Láithreán gréasáin: www.lobbying.ie
Twitter: @LobbyingIE
Cúlra:
Ar an 1 Meán Fómhair 2015, cuireadh tús leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015, agus in éineacht leis, an ceanglas ar na daoine sin a dhéanann brústocaireacht ar oifigigh phoiblí ainmnithe a ngníomhaíochtaí brústocaireachta a chlárú agus a thuairisciú gach ceithre mhí. Cuireadh tús le forálacha forfheidhmithe an Achta ina dhiaidh sin, an 1 Eanáir 2017. Tá faisnéis a cuireadh isteach ar an gClár ar fáil lena hiniúchadh ag an bpobal ag www.lobbying.ie. Tá an clár ar líne ar an láithreán gréasáin agus tá sraith uirlisí faisnéise air freisin atá deartha chun cabhrú le brústocairí, ofiigigh phoiblí ainmnithe agus leis an bpobal an tAcht agus a oibleagáidí a thuiscint go hiomlán.
Cruthaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí i 2001, agus déanann sé maoirseacht ar an reachtaíocht a rialaíonn eitic in oifgí poiblí, airgeadas toghcháin, caitheachas ar mhaoiniú Stáit, agus rialáil brústocaireachta.