5.1 Achoimre ar na Tuairimí a fuarthas i dtaca leis an gCód Iompair do dhaoine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta
5.1 Tuairimí Ginearálta ar an dréachtchód
Fuarthas na tuairimí ginearálta seo a leanas i dtaca leis an dréacht-Chód Iompair
1) Ba cheart an Cód a bheith éigeantach. Ós rud é nach bhfuil an cód éigeantach agus nach bhfuil aon oibleagáid ann é a chomhlíonadh, d’fhéadfaí “ní mór” a chur in áit aon tagairtí do “ba cheart”.
2) Ba cheart iompraíochtaí atá neamhdhleathach agus mí-eiticiúil a thoirmeasc go follasach sa Chód. Ba cheart a lua sa Chód freisin go bhfuil brústocairí agus eagraíochtaí cuntasach as na gníomhartha a dhéanann siad chun athruithe a bhaint amach.
3) Níl an teanga a úsáidtear sách follasach agus d’fhéadfaí “ciall leathan” a bhaint aisti. Ba cheart an Cód a bheith scríofa i mBéarla Soiléir nó ba cheart nóta míniúcháin Bhéarla Shoiléir a bheith ag gabháil leis. Dá ndéanfaí amhlaidh, chuirfí go mór lena éifeachtúlacht.
4) Ba cheart clásal athbhreithniúcháin a chur ar áireamh sa Chód ionas go bhféadfar é a athbhreithniú agus a nuashonrú.
5) Ba cheart cúig phrionsabal na brústocaireachta atá leagtha amach sa treoir ó Thrédhearcacht Idirnáisiúnta maidir le brústocaireacht eiticiúil (dlisteanacht, trédhearcacht, comhsheasmhacht, cuntasacht agus deiseanna) a chur ar áireamh sa Chód.
6) Seachas forálacha an Achta a chomhlíonadh (mar atá leagtha amach i bprionsabal 7A den Chód), níl aon cheanglas ann chun comhsheasmhacht a choimeád le héiteas aon eagraíochta ná le haon chomhlacht rialaithe, ionadaitheach nó ballraíochta lena bhfuil baint ag an eagraíocht.
7) D’fhéadfadh daoine nach measann gur brústocairí iad féin tairbhe a bhaint as samplaí a fháil den obair ghairmiúil a cháilíonn mar bhrústocaireacht. Ba cheart samplaí d’iompraíocht inghlactha agus d’iompraíocht dho-ghlactha a thabhairt sa Chód. D’fhéadfaí foireann uirlisí, fóram ar líne nó ceisteanna coitianta a chur ag gabháil leis an gCód “chun é a chur i bhfeidhm agus chun samplaí nithiúla a thabhairt.” D’fhéadfaí roinnt “foinsí agus tagairtí úsáideacha” a chur ar áireamh sa Chód do dhaoine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta, lena n-áirítear faisnéis faoi na hAchtanna um Eitic, an Cód Trédhearcachta agus an fhaisnéis faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí atá ar fáil ar lobbying.ie.
8) Ba cheart aird a thabhairt sa Chód ar na hoibleagáidí atá ar an earnáil carthanas faoi láthair agus ar raon feidhme an Chóid Rialachais atá le heisiúint ag an Rialálaí Carthanas go luath. Ba cheart “idirdhealú a dhéanamh” sa Chód idir na cineálacha difriúla brústocairí atá ann.
9) An tagairt a dhéantar sa bhrollach a ghabhann leis an gCód go bhféadfadh feidhm a bheith aige do gach cumarsáid le daoine in oifig phoiblí, d’fhéadfadh sí éiginnteacht a chruthú maidir leis na nithe nach mór a thuairisciú go foirmiúil.
10) Ba cheart ceanglas chun gach dlí, rialachán agus riail is infheidhme a chomhlíonadh – i.e. an dlí cosanta sonraí nó an reachtaíocht in aghaidh breabaireachta nó éillithe – a chur ar áireamh sa Chód. Ba cheart ceanglas chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint nó chun aon choinbhleacht den sórt sin a nochtadh a chur ar áireamh ann freisin.
11) Ba cheart tagairt ar leith a dhéanamh sa Chód don fhíric go bhfuil rochtain eisceachtúil nó fhabhrach ag brústocairí áirithe de bhua iad a bheith ina mball de shainghrúpaí agus de ghrúpaí comhairleacha a dtionólann an earnáil phoiblí iad. Ba cheart foráil a dhéanamh sa Chód do mhodhnóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na ngrúpaí sin agus ar an dóigh a ngníomhóidh a n-ionadaithe.
Is é seo a leanas an freagra ón gCoimisiún ar na tuairimí agus na moltaí thuas:
- I dtaca le míreanna 1 agus 2 thuas, ní fhoráiltear leis an Acht do Chód Iompair éigeantach. Fágann sé sin nach bhfuil an Cód infhorfheidhmithe. Is cód atá bunaithe ar phrionsabail é an cód. Ní cód atá bunaithe ar rialacha é. Leagtar amach ann conas ba cheart do dhaoine iad féin a iompar ar bhealach eiticiúil le linn dóibh gníomhaíochtaí brústocaireachta a sheoladh. Ní hé an sásra cuí chun gníomhaíochtaí brústocaireachta atá neamhdhleathach a thoirmeasc. Foráiltear leis an Acht do chionta agus pionóis a fhorchur orthu sin a sháraíonn an tAcht.
- I dtaca le mír 3, is deimhin leis an gCoimisiún go bhfuil an Cód scríofa i mBéarla soiléir. Ní mheasann sé go bhfuil nóta míniúcháin Bhéarla Shoiléir ag teastáil.
- I dtaca le mír 4, comhaontaíonn an Coimisiún gur cheart an Cód a chur faoi réir athbhreithniú rialta. Luaitear ann anois go ndéanfar athbhreithniú ar an gCód ar aon dul leis na hathbhreithnithe reachtúla ar an Acht dá bhforáiltear in alt 2 den Acht.
- I dtaca le mír 5, is deimhin leis an gCoimisiún go bhfuil na prionsabail a úsáideadh cuí agus go bhfuil siad ábhartha don Chód seo. Tugann sé faoi deara go bhfuil an Cód ag teacht, tríd is tríd, le roinnt de na prionsabail atá leagtha amach sa treoir ó Thrédhearcacht Idirnáisiúnta.
- I dtaca le mír 6, ní mheasann an Coimisiún go bhfuil ceanglas den sórt sin oiriúnach don Chód Iompair seo. Is faoin eagraíocht agus/nó faoina comhlacht rialaithe, ionadaitheach nó ballraíochta atá sé a chinntiú go mbíonn an eagraíocht ag iompar i gcónaí i gcomhréir le haon éiteas nó le haon chaighdeán corparáideach is iomchuí.
- I dtaca le mír 7, measann an Coimisiún go bhfuil samplaí den sórt sin níos oiriúnaí dá gcur ar áireamh sna treoirlínte uaidh agus/nó ina chuid gníomhaíochtaí cumarsáide agus for-rochtana. D’eisigh an Coimisiún roinnt treoirlínte, treoirdhoiciméad agus ceisteanna coitianta maidir le ceanglais an Achta cheana féin. Tá an Coimisiún ag súil go gcuirfear tuilleadh treorach nó ceisteanna coitianta maidir le comhlíonadh an Chóid le chéile le himeacht ama. Chuir an Coimisiún an t-ábhar tagartha iomchuí ar áireamh sa réamhrá a ghabhann leis an gCód.
- I dtaca le mír 8, is eol don Choimisiún go bhfuil cineálacha difriúla brústocairí ann. Ní dhéantar aon idirdhealú san Acht idir na cineálacha difriúla brústocairí atá ann ná idir cuspóir a ngníomhaíochtaí brústocaireachta, agus níor cheart dúinn imeacht ón Acht ina leith sin. Thug an Coimisiún faoi deara sa réamhrá a ghabhann leis an gCód go bhfuil feidhm ag an Acht maidir le raon leathan gníomhaíochtaí brústocaireachta, lena n-áirítear iad sin de chuid daoine nach measfadh de ghnáth go bhfuil siad ag gabháil do ghníomhaíocht brústocaireachta. Is cód atá bunaithe ar phrionsabail é an Cód agus tá sé i gceist go mbeidh feidhm aige maidir le haon duine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta (mar atá sainmhínithe san Acht). Measann an Coimisiún gur cheart go mbeadh cód atá bunaithe ar phrionsabail ag teacht le raon feidhme leathan na ndaoine a bhfuil feidhm ag an Acht maidir leo agus gurbh fhearr é sin ná cóid dhifriúla a bheith i bhfeidhm do na catagóirí difriúla brústocairí atá ann.
- I dtaca le mír 9, ní mheasann an Coimisiún go dtiocfaidh aon mhearbhall as an tagairt sa bhrollach. Leagtar amach san Acht na ceanglais tuairiscithe fhoirmiúil atá ann i dtaca le cumarsáidí iomchuí le hOifigigh Phoiblí Ainmnithe. Moltar cur chuige dea-chleachtais sa Chód, ar cur chuige é ba cheart a úsáid le linn cumarsáid a dhéanamh le gach oifigeach poiblí, agus ní na daoine sin ar oifigigh phoiblí ainmnithe faoin Acht iad amháin.
- I dtaca le mír 10, measann an Coimisiún gur cheart a rá sa Chód nach dtéann an Cód timpeall ar aon cheanglas chun aon reachtaíocht eile, aon chóid iompair ghairmiúla ná aon rialacha agus rialacháin tionscail a chomhlíonadh agus nach ngabhann sé ionad aon cheanglais den sórt sin.
- I dtaca le mír 11, aithníonn an Coimisiún saincheist na rochtana eisceachtúla nó fabhraí. Mar sin, i bPrionsabal 1 den Chód, chuir sé tagairt ar áireamh do “rochtain eisceachtúil” agus luaigh sé nár cheart mí-úsáid a bhaint aisti. Chomh maith leis sin, tháirg an Coimisiún nóta treorach do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaía ghlacann páirt i gCoistí um Beartais Straitéiseacha, i dTascfhórsaí, i nGrúpaí Comhairleacha, etc. ar bhunaigh comhlacht poiblí iad agus a bhféadfadh oibleagáidí a bheith orthu faoin Acht. Déantar tagairt sa nóta treorach freisin do shaincheist na rochtana eisceachtúla nó fabhraí.