5.2 Tuairimí ar phrionsabail shonracha an dréacht-Chóid
Prionsabal 1 – Meas ar chomhlachtaí poiblí a léiriú
Fuarthas na tuairimí/na moltaí seo a leanas i dtaca le Prionsabal 1:
1) Ba cheart tagairt a dhéanamh sa phrionsabal seo do mheas a léiriú ar an bpróiseas daonlathach/ar institiúidí daonlathacha.
2) Cuireadh ábhair imní in iúl faoin moladh nár cheart do dhaoine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta bheith ag súil le rochtain nó cóir fhabhrach. Luaigh eagraíocht amháin go bhfuil sí ag súil le rochtain agus cóir fhabhrach a fháil “bunaithe ar chritéir oibiachtúla atá i gcomhréir lenár sainordú daonlathach uathúil agus le scála agus tábhacht na hearnála eacnamaíche dá ndéanaimid ionadaíocht”. Níor chomhaontaigh eagraíocht eile le foráil uilechuimsitheach ar a bheith ag súil le rochtain fhabhrach toisc go bhféadfadh go mbeadh imthosca ann ina dteastódh “rochtain fhabhrach atá cuí dá riachtanais” ó dhuine a bhfuil bacainní ann ar a rochtain ar dhéantóirí beartais.
3) Cuireadh ábhair imní in iúl go ndéantar iarracht sa chód rialáil a dhéanamh ar an gcaidreamh brústocaireachta le hoifigigh phoiblí ainmnithe lena mbíonn teagmháil rialta ag daoine agus lenar fhorbair siad dea-chaidreamh oibre. Ní annamh an rud é caidreamh oibre a fhorbairt le hoifigeach poiblí ainmnithe agus is féidir leis an gcaidreamh sin cabhrú le saincheist a chur ar aghaidh. D’fhéadfaí srian ginearálta a chur ar rochtain fhabhrach chun “an bonn a bhaint de phróisis fhadbhunaithe oibre comhpháirtíochta”. Níor cheart do dhaoine mí-úsáid a bhaint as an gcaidreamh sin, áfach.
4) Bhí ábhair imní ann go bhféadfadh srian ginearálta ar rochtain fhabhrach “foscadh” a thabhairt do dhéantóir beartais, áit a bhféadfadh sé/sí uiríll a sheachaint.
5) Dúradh nár cheart do dhuine bheith ag súil le rochtain fhabhrach i gcás go raibh sé/sí ina c(h)omhghleacaí de chuid an oifigigh phoiblí ainmnithe nó gur oibrigh sé/sí ar fheachtas toghcháin an oifigigh phoiblí ainmnithe roimhe seo.
6) I gcás gurb ann do chaidreamh oibre láidir nó do chaidreamh pearsanta láidir den sórt sin idir brústocaire agus oifigeach poiblí, ba cheart dualgas a bheith ar an oifigeach poiblí coinbhleacht leasa a sheachaint.
7) Ba cheart an tagairt do chaidreamh “oibre” sa mhír dheireanach a bhaint chun go mbeidh feidhm ag an gCód maidir le caidreamh pearsanta freisin.
Is é seo a leanas an freagra ón gCoimisiún ar na tuairimí agus na moltaí thuas maidir le prionsabal 1:
- I dtaca le mír 1, chuir an Coimisiún tagairt do mheas ar an bpróiseas daonlathach/ar institiúidí daonlathacha ar áireamh sa Chód.
- I dtaca le míreanna 2 – 5 thuas, leasaigh an Coimisiún an prionsabal seo chun a rá nár cheart do dhuine féachaint le rochtain fhabhrach a fháil bunaithe ar aitheantas an duine nó ar chaidreamh an duine le hoifigeach poiblí ainmnithe nó le comhlacht agus nár cheart do dhuine féachaint le mí-úsáid nó sochar a bhaint as aon chaidreamh den sórt sin.
- I dtaca le mír 6, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil an Cód Iompair ceaptha do dhaoine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta agus nach bhfuil sé dírithe ar chomhlachtaí poiblí ná ar oifigigh phoiblí ainmnithe. Is ag oifigigh phoiblí ainmnithe atá a gCód Iompair féin lena bhforáiltear do choinbhleachtaí leasa.
- I dtaca le mír 7, leasaigh an Coimisiún an Cód chun an moladh sin a chur san áireamh.
Prionsabal 2 – Gníomhú le Macántacht agus le hIonracas
Fuarthas na tuairimí/na moltaí seo a leanas i dtaca le Prionsabal 2:
1) Ba cheart an fhoclaíocht maidir le ‘macántacht agus ionracas’ a neartú chun coincheapa amhail "cumadóireacht nó bréag" agus "míthreorach d’aon turas" a chur ar áireamh inti. D’fhéadfaí a lua san abairt dheireanach den chéad mhír gur cheart do dhaoine a gcás a dhéanamh gan faisnéis a mhí-ionramháil nó a chur i láthair ar bhealaí “is eol a bheith mímhacánta, cumtha agus/nó bréagach”.
2) Maidir le faisnéis a chur i láthair go cruinn, dúirt eagraíocht amháin go bhfuil dhá thaobh ar gach argóint agus nach bhféadfaí a bheith ag súil go gcuirfeadh aon duine gach gné d’aon saincheist i láthair.
3) Níor cheart aon rud a rá sa Chód maidir le brú a chur ar oifigeach poiblí ainmnithe.
4) D’fhéadfaí ciall leathan a bhaint as téarmaí suibiachtúla amhail “brú míchuí” agus “iompraíocht mhíchuí”. D’fhéadfadh oifigigh phoiblí ainmnithe téarmaí den sórt sin a úsáid chun brústocaireacht “a fhoriamh”. Mar thoradh ar a shuibiachtúla nó a “dhoiléire” atá na téarmaí, d’fhéadfadh sé bheith dúshlánach gníomhaíocht leantach a dhéanamh ar ghearáin faoi “bhrú míchuí” nó faoi “iompraíocht mhíchuí”.
Is é seo a leanas an freagra ón gCoimisiún ar na tuairimí agus na moltaí thuas maidir le prionsabal 2:
- I dtaca le mír 1, chuir an Coimisiún an focal “míthreorach” ar áireamh san abairt dheireanach den chéad mhír den phrionsabal seo.
- I dtaca le míreanna 2 – 4, ní chomhaontaíonn an Coimisiún nár cheart aon rud a rá sa Chód maidir le brú a chur ar oifigeach poiblí ainmnithe. Tar éis dó na tuairimí/na moltaí i míreanna 2 - 4 a bhreithniú, chinn an Coimisiún a rá sa Chód nár cheart do dhaoine féachaint le faisnéis a fháil nó le tionchar a imirt ar chinntí ar bhealach mímhacánta nó trí úsáid a bhaint as “modhanna míchuí nó as tionchar míchuí”.
Prionsabal 3 – Cruinneas Faisnéise a Chinntiú
Fuarthas na tuairimí/na moltaí seo a leanas i dtaca le Prionsabal 3:
1) Ba cheart faisnéis fhíorasach a sholáthar faoi cad is cumarsáid “eiscthe” ann. D’fhéadfadh gurbh fhearr an téarma “uiríll fhíora” ná an téarma “fíorasach agus cruinn” maidir leis an bprionsabal a léiriú.
2) Sa chéad abairt, ba cheart ceanglas a chur ar bhrústocairí a chinntiú gur faisnéis chruinn, fhíorasach agus “dhlisteanach” í aon fhaisnéis a sholáthraítear. Moladh freisin gur cheart ceanglas a bheith ann chun faisnéis atá ceart go fíorasach, cothrom le dáta agus cruinn a sholáthar.
3) Ba cheart an bhéim a chur ar fhaisnéis a mhí-ionramháil “go toiliúil”. D’fhéadfaí an méid sin a léiriú sa chuid seo den Chód.
4) Ba cheart an ceanglas chun faisnéis a nuashonrú a theorannú do chásanna ina raibh athrú ábhartha ann ar nithe iomchuí ar ina leith a leanann an duine le brústocaireacht a sheoladh go gníomhach.
5) Níor cheart ceanglais neamhréasúnacha a chur ar bhrústocairí sa Chód chun taighde agus fianaise a bhailíochtú ar an bhfaisnéis a chuirtear i láthair. D’fhéadfadh sé sin ualach neamhriachtanach a chruthú d’eagraíochtaí agus d’fhéadfadh iarmhairtí neamhbheartaithe (neamhshonraithe) teacht chun cinn dá bharr.
6) D’fhéadfadh oifigigh phoiblí ainmnithe an prionsabal seo a úsáid chun diúltú do theagmháil brústocaireachta i gcás go dtagann siad ar an gconclúid go bhfuil an fhaisnéis a soláthraíodh míchruinn, as dáta nó neamhiomlán.
7) Ba cheart a bheith ag súil go sásóidh brústocairí gach geallsealbhóir iomchuí maidir le cruinneas na faisnéise a úsáideann siad chun tionchar a imirt ar bheartas poiblí. Ba cheart spreagadh a thabhairt do bhrústocairí sa Chód aon fhaisnéis a comhroinneadh le comhlachtaí poiblí nó le hoifigigh a fhoilsiú (le toiliú ón gcliant). Chun an méid sin a éascú, d’fhéadfaí réimse téacs a sholáthar sa Chlár chun brústocairí a chumasú nasc a chur isteach chuig an bhfaisnéis fhoilsithe.
Is é seo a leanas an freagra ón gCoimisiún ar na tuairimí agus na moltaí thuas maidir le prionsabal 3:
- I dtaca le míreanna 1 – 3 thuas, is eol don Choimisiún nach gníomhaíocht brústocaireachta atá i bhfaisnéis fhíorasach a sholáthar amháin. Tá an Cód ceaptha do dhaoine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta, áfach, agus is é atá i gceist leis an tagairt d’fhaisnéis fhíorasach sa chomhthéacs seo ná faisnéis fhíorasach a sholáthar chun tacú le gníomhaíochtaí brústocaireachta. Is deimhin leis an gCoimisiún go gcomhlíonann an ceanglas chun faisnéis chruinn fhíorasach a sholáthar cuspóir an phrionsabail seo.
- I dtaca le mír 4 thuas, ní chomhaontaíonn an Coimisiún leis an moladh. Mar sin féin, leasaigh sé an tagairt sa phrionsabal d’fhaisnéis “a soláthraíodh roimhe” agus a bhféadfadh an comhlacht poiblí nó an t-oifigeach poiblí a bheith ag brath uirthi go fóill.
- I dtaca le míreanna 5 agus 6, is le daoine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta a bhaineann an Cód. Mar sin, is cuí an rud é go mbeadh dualgas ar dhaoine faisnéis chruinn fhíorasach a sholáthar. Níor cheart aon “ualach neamhriachtanach” teacht as a chinntiú gur faisnéis chruinn fhíorasach í an fhaisnéis a úsáidtear chun tacú le gníomhaíocht brústocaireachta. Má tá faisnéis atá míchruinn, as dáta nó neamhiomlán á soláthar ag duine chun tacú le gníomhaíochtaí brústocaireachta, níor cheart a bheith ag súil go dtabharfaidh oifigeach poiblí ainmnithe neamhaird ar an iompraíocht sin.
- I dtaca le mír 7, cé go bhfuil an Coimisiún sásta tagairt a chur ar áireamh sa Chód lena dtugtar spreagadh do bhrústocairí aon taighde, aon staitisticí nó aon fhaisnéis eile a úsáideadh chun tacú lena ngníomhaíochtaí brústocaireachta a fhoilsiú, tá sé den tuairim dhaingean nár cheart an Clár a úsáid mar mheán nó mar stór le haghaidh faisnéis den sórt sin.
Prionsabal 4 – Aitheantas agus Cuspóir na nGníomhaíochtaí Brústocaireachta a Nochtadh
Fuarthas na tuairimí/na moltaí seo a leanas i dtaca le Prionsabal 4:
1) Ba cheart tagairt a dhéanamh “d’eagraíochtaí” freisin san abairt dheireanach den chéad mhír.
2) Ba cheart tagairt a dhéanamh do leasanna “díreacha agus indíreacha” sa tríú mír den phrionsabal seo.
3) Ba cheart Prionsabal 4 a bheith nasctha níos dlúithe le prionsabal 5 maidir le leasanna a nochtadh. Is gá tuilleadh béime a chur ar shainaithint a dhéanamh ar dhaoine a bhfuil leasanna tráchtála acu i gcinntí beartais. Trí aitheantas agus leasanna na ndaoine lena mbaineann agus cuspóir na brústocaireachta a nochtadh ina n-iomláine, beidh sé níos éasca don phobal agus do dhaoine a ndéantar brústocaireacht orthu a shainaithint cé atá ag déanamh brústocaireachta agus cén fáth. Ar an mbealach sin, cabhrófar le sainaithint a dhéanamh ar dhaoine a bhfuil leasanna tráchtála acu agus atá ag iarraidh tionchar a imirt ar chinntí beartais.
Is é seo a leanas an freagra ón gCoimisiún ar na tuairimí agus na moltaí thuas maidir le prionsabal 4:
- Measann an Coimisiún go mbainfeadh teideal an phrionsabail seo tairbhe as na focail “do chomhlachtaí poiblí agus d’oifigigh phoiblí” a chur ar áireamh ann.
- Comhaontaíonn an Coimisiún gur cheart tagairt a dhéanamh “d’eagraíochtaí” freisin san abairt dheireanach den chéad mhír. Measann sé chomh maith gur cheart tagairt a dhéanamh do “leasanna an chliaint sa ní” san abairt chéanna.
- Maidir le mír 3 thuas, measann an Coimisiún gur cheart an tagairt do “leasanna” sa tríú mír den phrionsabal a athrú chuig “aon leasanna pearsanta” sa ní ar a bhfuil siad ag déanamh brústocaireachta.
Prionsabal 5 – Leasanna a Nochtadh
Fuarthas na tuairimí/na moltaí seo a leanas i dtaca leis an bprionsabal seo:
1) Ba cheart ceanglas chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint nó a nochtadh a chur ar áireamh ann. Ba cheart an prionsabal a leathnú freisin chun “líonraí leasanna airgid, bíodh siad díreach nó indíreach” a chur ar áireamh ann.
2) I réimsí áirithe ina ndéanann eagraíocht ionadaíocht do leasanna a thagann salach ar an réimse beartais ar leith (an tsláinte phoiblí, mar shampla), ní mór an méid sin a lua go soiléir. Ba cheart Prionsabal 5 a neartú chun go gcuirfear faisnéis ar fáil maidir le cuspóirí, tairbhithe, foinsí cistiúcháin agus spriocanna an bhrústocaire.
3) Is féidir nach mbeidh sé indéanta oibleagáidí a chódú maidir le leasanna agus rúndacht ó thaobh an chaidrimh idir an brústocaire agus an cliant de. Baineadh forálacha den sórt sin de Chóid Iompair eile chun go gcuirfí díriú ar an gcaidreamh idir an brústocaire agus an t-oifigeach poiblí.
4) Is féidir go bhfuil deacrachtaí ann leis an bhfoclaíocht a úsáidtear sa dara mír den phrionsabal seo.
5) Pléitear i bPrionsabal 5 le dhá shaincheist ar leith. Baineann an chéad mhír le nochtadh coinbhleachtaí leasa nó leasanna iomaíocha. Baineann an dara mír le mí-ionadaíocht a bheith á déanamh ag brústocairí gairmiúla nó brústocairí tríú páirtí dá rochtain ar oifigigh phoiblí ainmnithe agus ar chomhlachtaí poiblí. Ba cheart caitheamh leis na prionsabail sin mar phrionsabail ar leith, dá bhrí sin.
6) Saincheist idir an brústocaire gairmiúil agus an cliant atá i nochtadh coinbhleachtaí leasa nó leasanna iomaíocha agus is i gCóid Iompair ghairmiúla a sholáthraítear is fearr dóibh.
7) Níor cheart glacadh leis sa Chód go mbeadh an acmhainn nó an léargas ag comhlachtaí ionadaíocha chun go mbeadh siad eolach ar leasanna/choinbhleachtaí leasa a chomhlachtaí ballraíochta.
8) Ba cheart a lua sa chéad mhír nach bhféadfaidh duine ionadaíocht a dhéanamh do leasanna iomaíocha nó do leasanna atá ag teacht salach ar a chéile ach amháin i gcás go mbeidh an ball in ann gníomhú don dá chliant leis an ngairmiúlacht chéanna agus leis an dualgas cúraim céanna agus i gcás go ndearnadh iarrachtaí réasúnacha toiliú na gcliant a fháil.
9) Teastaíonn tuilleadh soiléire nó sainmhíniú ar théarmaí amhail “comhlacht gairmiúil”, “teaghlach”, “gnó/gnólacht” agus “cumainn shóisialta” a úsáidtear i mír 1 den phrionsabal.
10) Chuirfí feabhas ar na cosaintí a bheartaítear leis an dara mír de phrionsabal 5 dá gcuirfí na focail “go místuama” nó “go faillíoch” ar áireamh. Is é an toradh a bheadh air sin nach saorfaí ó na hiarmhairtí na brústocairí sin ar cheart dóibh a bheith ar an eolas go raibh a maíomh míthreorach nó áibhéalta.
Is é seo a leanas an freagra ón gCoimisiún ar na tuairimí agus na moltaí thuas maidir le prionsabal 5:
- Tar éis dó na tuairimí agus na moltaí a fuarthas i dtaca leis an bprionsabal seo a athbhreithniú, is deimhin leis an gCoimisiún nach bhfuil an chéad mhír den phrionsabal seo oiriúnach don Chód Iompair seo. Chuige sin, dá bhrí sin, baineadh an chéad mhír den phrionsabal seo den Chód.
- Cuireadh an dara mír ar áireamh i bprionsabal 2 – Gníomhú le macántacht agus le hionracas.
Prionsabal 6 – Rúndacht a Choimeád
Fuarthas na tuairimí/na moltaí seo a leanas i dtaca leis an bprionsabal seo:
1) Is féidir go bhfuil an chéad mhír den phrionsabal seo róshrianta ós rud é gurb é aidhm an Achta tuilleadh soiléire a thabhairt ar idirghníomhartha brústocaireachta. Ba cheart an prionsabal a fhorbairt tuilleadh chun na hoibleagáidí trédhearcachta ar na daoine sin atá ag tabhairt faoi bhrústocaireacht a shoiléiriú agus chun tuilleadh sonraí a thabhairt faoi na himthosca ina bhféadfadh oibleagáidí rúndachta teacht chun cinn.
2) Ba cheart na focail “i gcás gur comhaontaíodh é sin go follasach idir an dá pháirtí roimh ré” a chur ar áireamh sa chéad mhír den phrionsabal seo.
Is é seo a leanas an freagra ón gCoimisiún ar na tuairimí agus na moltaí thuas maidir le prionsabal 6:
- Is é cuspóir an Achta trédhearcacht a thabhairt maidir le daoine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta. Níl sé mar chuspóir leis an Acht faisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí nó oifigeach poiblí a nochtadh nó a fhoilsiú. Maidir leis na tuairimí a fuarthas, leasaigh an Coimisiún an prionsabal seo chun a lua nár cheart do dhuine aon fhaisnéis rúnda a fuarthas ó chomhlacht poiblí a úsáid agus a nochtadh ach amháin mar a comhaontaíodh leis an gcomhlacht poiblí agus ar shlí atá ag teacht leis an gcuspóir ar chuige a comhroinneadh an fhaisnéis.
Prionsabal 7 – Tionchar Míchuí a Sheachaint
Fuarthas na tuairimí/na moltaí seo a leanas i dtaca leis an bprionsabal seo:
1) Ba cheart do dhaoine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta bheith láneolach ar an bhfaisnéis is cothroime le dáta atá ar fáil ar shuíomhanna Gréasáin na n-eagraíochtaí a bhfuil brústocaireacht á déanamh orthu maidir le brústocaireacht, le ceanglais an Chóid Trédhearcachta agus le hoifigigh phoiblí ainmnithe.
2) Is féidir go mbeidh ag Ranna difriúla agus ag comhlachtaí poiblí difriúla a dtreoirlínte féin maidir le glacadh le bronntanais agus nithe eile. Thabharfaí le tuiscint sa phrionsabal gur cheart do bhrústocaire bheith ar an eolas faoi gach sraith treoirlínte, a bhfuil treoirlínte atá doiligh le rochtain ina measc in amanna. Ba cheart tagairt shonrach a dhéanamh sa phrionsabal do Chód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse.
3) Is doiléir atá foclaíocht an phrionsabail seo agus tá an chuma air gur ar an mbrústocaire, agus ní ar an oifigeach poiblí ainmnithe, a leagtar an fhreagracht as a chinntiú nach sárófar an reachtaíocht um eitic ná cóid iompair, i measc nithe eile. Ba cheart an prionsabal a athdhréachtú chun dualgas a chur ar an dá pháirtí gan aon dlí, i measc nithe eile, a shárú nó, mar mhalairt air sin, chun cosc a chur ar bhronntanais nó fáilteachas a thabhairt d’oifigigh phoiblí i gcás go bhfuil “caidreamh inchláraithe” ann.
4) Níor cheart freagracht as iompraíocht oifigeach tofa agus oifigeach poiblí a leagan ar an mbrústocaire. Ba cheart an dualgas a bheith ar an oifigeach tofa nó ar an oifigeach poiblí i gcónaí a chinneadh cé acu is ann nó nach ann do choinbhleacht leasa. Ba cheart ceanglas a bheith ar dhuine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta “bearta réasúnacha a dhéanamh” chun iad féin a chur ar an eolas faoi chóid iompair, treoirlínte agus nithe eile a bhaineann le hoifigigh phoiblí ainmnithe.
5) Thángthas ar dheacrachtaí maidir leis an téama “tionchar míchuí a sheachaint” a úsáid.
6) Ba cheart srianta a bheith ann ar bhronntanais a thairiscint, lena n-áirítear fáilteachas a thabhairt. Ba cheart a shoiléiriú sa chód nár cheart do bhrústocairí aon bhronntanais nó siamsaíocht a thairiscint d’oifigigh a bhfuil siad ag déanamh brústocaireacht orthu, is cuma cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh go gcruthaíonn sé coinbhleacht leasa atá fíor nó braite.
7) Ba cheart coincheap an tionchair mhíchuí a leathnú chun “dul chun cinn indíreach/tánaisteach” a chur ar áireamh.
8) Ba cheart cosc a chur ar dhaoine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta tionchar a imirt ar oifigigh phoiblí ainmnithe, seachas i gcás fianaise, faisnéis, argóintí agus “eispéiris” a chur ar fáil lena dtacaítear le toradh beartaithe.
Is é seo a leanas an freagra ón gCoimisiún ar na tuairimí agus na moltaí thuas maidir le prionsabal 3:
- Tar éis dó na haighneachtaí a fuarthas i dtaca leis an bprionsabal seo a bhreithniú, tá an Coimisiún den tuairim gur cheart a lua sa phrionsabal nár cheart do bhrústocairí tairiscintí bronntanas nó fáilteachais a dhéanamh agus gur cheart do bhrústocairí aird a thabhairt ar Chóid Iompair chuí d’oifigigh phoiblí. Tarraingeoidh an Coimisiún aird ar leith ar an gcuid seo den Chód Iompair freisin i dtreoirlínte athbhreithnithe d’oifigigh phoiblí ainmnithe a bhfuil sé beartaithe aige iad a fhoilsiú roimh i bhfad.
- I dtaca le tuairim 7 thuas, measann an Coimisiún go ngabhtar dul chun cinn indíreach/tánaisteach le húsáid an fhocail “dreasacht” sa dara mír.
- I dtaca le tuairim 8 thuas, cuirfidh an Coimisiún an moladh seo ar áireamh i mír 2 den phrionsabal.
Prionsabal 8A – Forálacha an Achta um Brústocaireacht a Rialáil a Chomhlíonadh – Cláruithe agus Tuairisceáin
Fuarthas na tuairimí/moltaí seo a leanas i dtaca leis an gcuid seo de phrionsabal 8:
1) Ba cheart foráil a dhéanamh sa Chód do dhaoine aonair eolas a chur ar shocruithe a n-eagraíochta le haghaidh gníomhaíochtaí brústocaireachta a thaifeadadh agus a thuairisciú.
2) Aithníonn an Coimisiún sa Chód (nó in áit eile) go bhfuil sé cuí do cheann eagraíochta móire duine amháin nó níos mó de dhaoine freagracha a cheapadh chun gníomhaíochtaí brústocaireachta na heagraíochta a mhaoirsiú agus a rialú.
3) Ba cheart ceanglas a chur leis an gCód ar dhaoine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta agus ar chinn eagraíochtaí eolas a thabhairt do dhaoine eile faoi na hoibleagáidí atá ar gach duine faoi seach faoin Acht agus faoin gCód.
Is é seo a leanas an freagra ón gCoimisiún ar na tuairimí agus na moltaí thuas maidir le prionsabal 3:
- Measann an Coimisiún go ngabhtar na moltaí thuas den chuid is mó sa phrionsabal mar atá sé. Ní dhearnadh aon leasuithe ar phrionsabal 8A.
Prionsabal 8B - “Tréimhse Mharana”
Fuarthas na tuairimí/moltaí seo a leanas i dtaca leis an gcuid seo de phrionsabal 8:
1) Tá sé níos doilí an prionsabal seo a thuiscint mar gheall ar an “teanga dhleathaíoch agus an tuin dhleathaíoch” a úsáidtear istigh ann. Ba cheart an téarma “Srianta ar oifigigh phoiblí ainmnithe agus iad i mbun brústocaireachta tar éis fostaíochta” a úsáid in ionad “tréimhsí marana”.
2) Ba cheart an prionsabal seo a athdhréachtú chun freagracht a leagan ar iar-oifigigh phoiblí ainmnithe. (Cuireadh foclaíocht mholta ar fáil).
Is é seo a leanas an freagra ón gCoimisiún ar na tuairimí agus na moltaí thuas maidir le prionsabal 3:
- I dtaca le tuairim 1 thuas, is deimhin leis an gCoimisiún gur leis an teanga a úsáidtear a ghabhtar ceanglais alt 22 den Acht ar an mbealach is fearr. Is deimhin leis an gCoimisiún go mbeidh an chuid is mó de dhaoine ar an eolas faoina bhfuil i gceist leis an téarma “tréimhse marana”.
- I dtaca le tuairim 2 thuas (agus leis an bhfoclaíocht mholta a cuireadh ar fáil), is le forálacha alt 22 den Acht cheana féin a leagtar freagracht ar oifigigh phoiblí ainmnithe an tAcht a chomhlíonadh. Níl sé mar chuspóir ag an bprionsabal seo an fhreagracht sin a mhaolú. Is le daoine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta a bhaineann an Cód Iompair seo. Ní bhaineann sé le hoifigigh phoiblí ainmnithe. Is iad seo na cuspóirí atá le comhlíonadh na tréimhse marana a chur ar áireamh sa Chód: 1) feasacht a chruthú ar cheanglais alt 22 i measc brústocairí a d’fhéadfadh a bheith ina bhfostóirí ionchasacha d’oifigigh phoiblí ainmnithe iomchuí, agus 2) meon comhlíonta a chothú trína chinntiú gurb eol do dhaoine atá ag iarraidh oifigeach poiblí ainmnithe iomchuí a fhostú go bhfuil an duine faoi réir tréimhse mharana agus go bhféachfaidh siad lena fháil amach cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon sé/sí a c(h)eanglais.
- Athdhréachtóidh an Coimisiún an mhír dheireanach den phrionsabal seo chun a lua gur cheart do dhuine atá ag iarraidh oifigeach poiblí ainmnithe iomchuí a fhostú bheith ar an eolas faoi fhorálacha alt 22 agus a fháil amach cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon an duine iad.
Prionsabal 9 – Aird a thabhairt ar an gCód Iompair
Ní bhfuarthas aon bharúlacha ná aon tuairimí sonracha ar bith i dtaca leis an bprionsabal seo.