5.3 Tuairimí/Moltaí a bhaineann le saincheisteanna eile maidir le Brústocaireacht a Rialáil:

Fuair an Coimisiún roinnt tuairimí agus moltaí eile nár bhain go sonrach leis an dréacht-Chód Iompair.  Mar sin féin, leag an Coimisiún amach thíos roinnt de na saincheisteanna eile a bhaineann le Brústocaireacht a Rialáil ar tugadh tuairimí agus moltaí ina leith. Is féidir freagra an Choimisiúin orthu a fháil thíos freisin.

Freagrachtaí ar oifigigh phoiblí ainmnithe agus ar chomhlachtaí poiblí

Ba iad seo a leanas na Tuairimí/Moltaí a fuarthas i dtaca leis na freagrachtaí atá ar oifigigh phoiblí ainmnithe agus ar chomhlachtaí poiblí:

 1)      Ba cheart do chomhlachtaí poiblí an comhfhreagras agus an chumarsáid ar fad a bhaineann le gníomhaíochtaí brústocaireachta a thaifeadadh.  Ba cheart níos mó béime a bheith ann ar choinneáil taifead i gcás daoine a chumhdaítear leis an Acht agus i gcás na mball foirne sin nach gcumhdaítear leis an Acht.

 2)      Ní chloítear go comhsheasmhach leis an treoir á lua gur cheart d’oifigigh phoiblí ainmnithe a chur in iúl gur oifigigh phoiblí ainmnithe iad.  Ba cheart d’oifigigh phoiblí ainmnithe a stádas mar oifigeach poiblí ainmnithe a chur in iúl ar a gcártaí gnó, ar a síniú ríomhphoist, ar an liosta ar an suíomh Gréasáin, etc.

 3)      Tarlaíonn sé in amanna nach cothrom le dáta atá na liostaí d’oifigigh phoiblí ainmnithe atá ar fáil ar shuíomhanna Gréasáin na gcomhlachtaí poiblí.  Ba cheart ceanglas a bheith ar chomhlachtaí poiblí a bhfuil oifigigh phoiblí ainmnithe acu “taifid phoiblí” dá gcuid oifigeach poiblí ainmnithe a chothabháil.  Ba cheart a lua sa Chód gur cheart an leathanach ar oifigigh phoiblí ainmnithe ar shuíomhanna Gréasáin na gcomhlachtaí poiblí a thabhairt cothrom le dáta “go minic agus go tráthúil”.

 4)      Tá feasacht ar an Acht in easnamh i measc oifigigh thofa (ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal áitiúil araon).  Tá “oibleagáidí eiticiúla” ar oifigigh phoiblí ainmnithe agus ba cheart iad sin a léiriú sa chód.  Ba cheart oiliúint leantach a chur ar oifigigh phoiblí ainmnithe.

 5)      Ba cheart freagracht a bheith ar oifigigh phoiblí ainmnithe eolas a chur ar an gCód agus ar fhorálacha an Achta.

 6)      Tá comhlachtaí stáit tráchtála áirithe ag baint mí-úsáid as an gcumarsáid eiscthe maidir le “gnáthchúrsa gnó”.  Ba cheart don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe treoir maidir leis an “gcumarsáid eiscthe” sin a eisiúint chuig gach gníomhaireacht stáit.  Ba cheart don Choimisiún an ní sin a shoiléiriú sa Chód Iompair.

 7)      Ba cheart breithniú a dhéanamh ar dhualgas ar leith a leagan ar oifigigh phoiblí ainmnithe cásanna ina bhféadfadh gur thionscain siad gníomhaíocht brústocaireacht le comhlacht poiblí a nochtadh.

 8)      Ba cheart freagracht a bheith ar oifigigh phoiblí ainmnithe aon chaidreamh a d’fhéadfadh a bheith acu le brústocairí a nochtadh agus níor cheart mí-úsáid na faisnéise rúnda a fuarthas óna stádas a bheith teoranta don tréimhse “mharana” amháin.

 9)      Luaitear sa téacs sa réamhrá a ghabhann leis an bPáipéar Comhairliúcháin gurb é aidhm an Achta a chinntiú go ndéantar ionadaíocht do leas ar bith i sochaí na hÉireann ar bhealach cothrom trédhearcach.  Bíonn oifigigh phoiblí ainmnithe i roinn rialtais ar leith ag diúltú go seasta do bhualadh le heagraíocht ar leith, rud a “sháraíonn” meon an Achta.  Ní mór tuilleadh oiliúna a chur ar oifigigh phoiblí ainmnithe, go háirithe iad sin atá ag úsáid an Achta chun diúltú do theagmháil.

 10)  Níor cheart líon ná raon na n-oifigeach poiblí ainmnithe a mhéadú.

 Is é seo a leanas an freagra ón gCoimisiún ar na tuairimí agus na moltaí thuas:

 

  • I dtaca le míreanna 1 agus 2 thuas, d’ullmhaigh an Coimisiún treoir d’oifigigh phoiblí ainmnithe maidir leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil.  Moltar sna Treoirlínte go gcoinneodh oifigigh phoiblí ainmnithe dea-nósanna coinneála taifead ar bun agus gur cheart dóibh bheith réamhghníomhach maidir lena chur in iúl do bhrústocairí féideartha go bhfuil oifigeach poiblí ainmnithe iontu agus iad ag freastal ar chruinniú nó ag glacadh páirt i nglao comhdhála, i measc nithe eile.  Leagtar amach sna treoirlínte freisin roinnt dea-chleachtas d’oifigigh phoiblí ainmnithe agus áirítear leo a stádas mar oifigeach poiblí ainmnithe a chur in iúl i ríomhphoist agus ar chártaí gnó, i measc nithe eile.
  • I dtaca le mír 3 thuas, ba cheart a thabhairt faoi deara go gceanglaítear le halt 6(4) den Acht ar chomhlachtaí poiblí sonraí atá cothrom le dáta faoina n-oifigigh phoiblí ainmnithe a fhoilsiú ar a suíomhanna Gréasáin.  Déanann an Coimisiún teagmháil rialta le comhlachtaí poiblí maidir le ceanglais alt 6(4) den Acht.  Iarradh ar chomhlachtaí poiblí ball foirne a ainmniú a bhféadfaidh an Coimisiún teagmháil a dhéanamh leis/léi maidir le hoifigigh phoiblí ainmnithe an chomhlachta.  Rinneadh treoir agus teimpléad le haghaidh an liosta d’oifigigh phoiblí ainmnithe a chothabháil a chur ar fáil cheana féin do na comhlachtaí poiblí go léir a bhfuil oifigigh phoiblí ainmnithe ceaptha acu.
  • I dtaca le míreanna 4 agus 5 thuas, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur ar dhaoine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta atá an Cód Iompair dírithe. Níl sé dírithe ar chomhlachtaí poiblí nó ar oifigigh phoiblí ainmnithe.  Tá a gCód Iompair féin ag oifigigh phoiblí ainmnithe.  Leagtar amach an iompraíocht eiticiúil do Státseirbhísigh i gCód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse, mar shampla, agus dearadh an Cód Iompair d’Fhostaithe Údaráis Áitiúil chun na bunluachanna um macántacht, neamhchlaontacht, ionracas agus freastal ar an leas coiteann a chur chun cinn.  D’ullmhaigh an Coimisiún treoir d’oifigigh phoiblí ainmnithe maidir leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil.  Moltar sa treoir gur cheart d’oifigigh phoiblí ainmnithe bheith ar an eolas faoi fhorálacha an Achta.
  • I dtaca le mír 6 thuas, is ar dhaoine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta atá an Cód Iompair dírithe. Níl sé dírithe ar chomhlachtaí poiblí nó ar oifigigh phoiblí ainmnithe.  Níl sé ar an sásra cuí, dá bhrí sin, le haghaidh dul i ngleic le mí-úsáid cumarsáide eiscthe.  Tugann an Coimisiún faoi deara go ndearnadh moladh den chineál céanna maidir le comhairliúcháin ar an gcéad athbhreithniú ar an Acht a rinne an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.  Sa tuarascáil ar an gcéad athbhreithniú ar an Acht, rinneadh tagairt don fhíric go raibh doiciméad ceisteanna coitianta ar an ní á chur le chéile ag an gCoimisiún.  D’fhoilsigh an Coimisiún doiciméad Ceisteanna Coitianta (Uimh. 23) ina dhiaidh sin. Cé nach bhfuil an Coimisiún in ann a shonrú cad a d’fhéadfadh a bheith i gceist le gnáthchúrsa gnó gach comhlachta phoiblí, thug sé roinnt samplaí ginearálta de na nithe a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh a mheas a bheith ina gcumarsáid a dhéantar sa “ghnáthchúrsa gnó”.  Tarraingeoidh an Coimisiún aird na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar an ní seo an athuair, áfach.
  • I dtaca le mír 7 thuas, foráiltear go sonrach le halt 5(5)(j) den Acht gur cumarsáidí eiscthe iad cumarsáidí a dhéanann oifigeach poiblí ainmnithe ina c(h)áil mar oifigeach poiblí ainmnithe agus nach gníomhaíocht brústocaireachta iad.  Más amhlaidh, áfach, go ndéantar an chumarsáid i gcáil éigin eile, mar shampla i gcáil mar stiúrthóir cuideachta, ní bheidh feidhm ag an díolúine agus d’fhéadfaí a mheas gur gníomhaíocht brústocaireachta í.
  • I dtaca le mír 8 thuas, foráiltear do mhí-úsáid faisnéise rúnda cheana féin sna hAchtanna um Rúin Oifigiúla agus i gCód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse.  Pléitear i gCód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse agus sa Chód Iompair d’Fhostaithe Údaráis Áitiúil araon leis na saincheisteanna um thionchar míchuí agus coinbhleachtaí leasa.
  • I dtaca le mír 9 thuas,  is é aidhm an Achta gan gníomhaíocht brústocaireachta a chosc nó a thoirmeasc.  Ba cheart do chomhlachtaí poiblí leanúint ar aghaidh ag éascú agus ag spreagadh na gcumarsáidí sin go gníomhach a mhéid is féidir. Tá roinnt srianta agus ceartúchán i bhfeidhm ag an Acht chun a chinntiú nach mbeidh éifeacht dhiúltach aige ar ghníomhaíocht brústocaireachta.  Níor cheart do chomhlachtaí poiblí a bheith ag úsáid an Achta mar chúis le diúltú do theagmháil.  Cuirfidh an Coimisiún an méid sin in iúl an athuair sna treoirlínte uaidh d’oifigigh phoiblí ainmnithe agus tarraingeoidh sé aird na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar an ní.
  • I dtaca le mír 10 thuas, is faoin Aire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe atá sé a leagan síos cé hiad na seirbhísigh phoiblí a mheasfar a bheith ina n-oifigigh phoiblí ainmnithe chun críocha an Achta.
  • Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Treoir uaidh d’Oifigigh Phoiblí Ainmnithe roimh i bhfad.  Maidir leis na tuairimí agus na moltaí a fuair sé i dtaca leis na freagrachtaí atá ar sheirbhísigh phoiblí agus ar chomhlachtaí poiblí, cuirfear san áireamh iad sna treoirlínte agus, nuair is cuí, léireofar iad sna treoirlínte.  Sna treoirlínte athbhreithnithe, luafar gur cheart d’oifigigh phoiblí ainmnithe eolas a chur ar an gCód Iompair.

 

Ról an Choimisiúin

Ba iad seo a leanas na Tuairimí/Moltaí a fuarthas i dtaca le ról an Choimisiúin:

 1)      Is é an ról príomha ba cheart a bheith ag an gCoimisiún ná tacú le comhlíonadh dearfach an Achta a chur chun cinn, agus léiriú cuspóiriúil á thabhairt ar an Acht.  Níor cheart pionóis a ghearradh as iarrachtaí a rinneadh de mheon macánta an tAcht a chomhlíonadh.  I gcomhthéacs na n-oibleagáidí atá ar an Stát rannpháirtíocht an phobail i gcoitinne sa saol poiblí a chur chun cinn agus a éascú, is féidir go bhfuil sé riachtanach a bhreithniú cé acu ba cheart nó nár cheart oibleagáidí tuairiscithe agus pionóis a chur i bhfeidhm maidir leis an tsochaí shibhialta agus le heagraíochtaí neamhbhrabúis ar an mbealach céanna a chuirtear i bhfeidhm iad maidir le brústocairí atá ag gníomhú ar son leasanna tráchtála nó thar a gceann.

 2)      Ba cheart don Choimisiún aghaidh a thabhairt ar an gcleachtas míthreorach trína bhfuil daoine ag cur roinnt tuairisceán ar an aon ábhar amháin isteach mar go bhféadfadh gur chleachtas é sin a dhéanann roinnt eagraíochtaí d’aon ghnó chun leibhéal a ngníomhaíochta brústocaireachta a chlaonadh.

 3)      Ba cheart don Choimisiún níos mó treorach agus mionsonraí a thabhairt faoi cad is gníomhaíocht brústocaireachta ann agus faoi cad nach gníomhaíocht brústocaireachta ann. 

 Is é seo a leanas an freagra ón gCoimisiún ar na tuairimí agus na moltaí thuas:

 

  • I dtaca le mír 1 thuas, is ar chomhlíonadh an Achta a chinntiú a dhíríonn an Coimisiún.  Féachann sé lena chinntiú gurb iad na daoine sin a bhfuil ceanglas orthu bheith ar an gClár Brústocaireachta an t-aon ghrúpa daoine amháin atá cláraithe.  Mar sin féin, ní dhéantar aon idirdhealú san Acht idir na cineálacha difriúla brústocairí atá ann ná idir cuspóir a ngníomhaíochtaí brústocaireachta. Ina theannta sin, ní fhoráiltear ann do chaitheamh difriúil le catagóirí difriúla brústocairí ó thaobh sáruithe, cionta agus pionós de.  Dá bhrí sin, níl aon scóip ag an gCoimisiún a chinneadh nár cheart do dhuine a rinne cion bheith faoi réir an phionóis iomchuí ar an mbonn gur eagraíocht neamhbhrabúis é an duine sin agus nach brústocaire tráchtála é/í.
  • I dtaca le mír 2 thuas, tá an Coimisiún ag féachaint go réamhghníomhach lena chinntiú go gcuirfear ar áireamh san aon tuairisceán amháin na gníomhaíochtaí brústocaireachta go léir a seoladh ar an aon ábhar amháin le linn na tréimhse tuairiscithe.  I gcás go dtagann an Coimisiún ar an eolas gur chuir duine roinnt tuairisceán isteach i dtaca leis an aon ábhar amháin, iarrfaidh sé ar an duine a t(h)uairisceán a leasú nó a chomhdhlúthú.
  • I dtaca le mír 3 thuas, d’ullmhaigh an Coimisiún sraith treoirlínte, nótaí treorach agus Ceisteanna Coitianta faoi cad is brústocaireacht ann de réir an Achta.  Cé go bhfuil an Coimisiún in ann roinnt samplaí ginearálta a thabhairt faoi na nithe a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh a bheith ina ngníomhaíocht brústocaireachta, ní thugann sé comhairle shonrach maidir le cé acu is gníomhaíocht brústocaireachta í cumarsáid ar leith nó nach ea.  Tá sé faoin duine atá ag déanamh na cumarsáide a bhreithniú cé acu atá nó nach bhfuil sé/sí faoi raon feidhme an Achta agus an amhlaidh nó nach amhlaidh, de réir an tsainmhínithe a thugtar san Acht, go bhfuil an chumarsáid ina “cumarsáid iomchuí” in ionad í a bheith ina “cumarsáid eiscthe”. 

 

Tréimhse mharana

Ba iad seo a leanas na Tuairimí/Moltaí a fuarthas i dtaca leis an tréimhse mharana dá bhforáiltear in alt 22 den Acht:

 1)      Ba cheart foilsiú a dhéanamh ar iarratais ar thoiliú faoi alt 22 den Acht (ar an tréimhse mharana a tharscaoileadh nó a laghdú) agus ar phróiseas cinnteoireachta an Choimisiúin ina leith.  Ní leor tuairisciú stairiúil gan ainm ar iarratais agus breitheanna alt 22 agus ní mhaolaíonn sé an imní nach bhfuiltear ag cloí go comhsheasmhach le halt 22 den Acht.  Ba cheart iarratais agus breitheanna alt 22 a phostáil gach 4 mhí ar lobbying.ie.

 2)      Ba cheart an próiseas achomhairc le haghaidh bhreitheanna alt 22 a bheith lasmuigh den Choimisiún.

 Is é seo a leanas an freagra ón gCoimisiún ar na tuairimí agus na moltaí thuas:

 

  • I dtaca le mír 1 thuas, ní fhoráiltear leis an Acht d’iarratais agus breitheanna alt 22 a thuairisciú.  Foráiltear do thuairiscí ón gCoimisiún in alt 24 den Acht.  Foráiltear le halt 24 go gcuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil le chéile.  Cuimseofar sa tuarascáil bhliantúil sonraí faoi aon iarratais ar thoiliú faoi alt 22 den Acht agus faoi na breitheanna go léir i dtaobh na n-iarratas sin sa bhliain dá dtagraítear sa tuarascáil.  Foráiltear le halt 24, áfach, nach mór an fhaisnéis a chuimsítear sa tuarascáil a bheith “i bhfoirm nach gcumasaíonn na daoine aonair lena mbaineann a aithint...”.
  • I dtaca le mír 2 thuas, foráiltear le halt 23 den Acht go gceapfaidh an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe painéal oifigeach achomhairc neamhchlaonta neamhspleách.  Foráiltear le halt 23(5) den Acht go n-ainmneoidh an Coimisiún oifigeach achomhairc chun an t-achomharc a bhreithniú i gcás go bhfaighidh an Coimisiún fógra faoi achomharc.  Foráiltear le halt 23(7) den Acht go bhféadfaidh an tAire an nós imeachta a fhorordú a bheidh le leanúint le linn achomhairc a stiúradh.  Leagtar an nós imeachta sin síos i Rialacháin an Achta um Brústocaireacht a Rialáil (Achomhairc), 2015.  Sonraítear sna nósanna imeachta go dtabharfaidh an Coimisiún fógra don achomharcóir faoi ainm agus sonraí teagmhála an oifigigh achomhairc ainmnithe.

 

Ról an Chláir

Ba iad seo a leanas na Tuairimí/Moltaí a fuarthas i dtaca le ról an Chláir:

 1)      Sula bhfuiltear in ann an próiseas clárúcháin a chur i gcrích, ní mór do gach cláraí nua a fhíorú tríd an bpróiseas clárúcháin ar líne gur léigh siad an Cód Iompair agus go dtabharfaidh siad aird air.  Ní mór dóibh sin atá cláraithe cheana féin an rud céanna a fhíorú tríd an gcóras tuairisceáin ar líne sula mbeidh siad in ann an chéad tuairisceán eile uathu a chur isteach.

 2)      Ba cheart an méid airgid a chaitear ar bhrústocaireacht a dhearbhú agus a chur ar áireamh i dtuairisceáin chuig an gClár.  Ba cheart don Choimisiún tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú ar an 50 brústocaire is mó agus ar a mbuiséad brústocaireachta.

 3)      Tríd an gclár, ba cheart deis a thabhairt d’eagraíochtaí a mballraíocht de chomhlachais trádála agus de chomhlachtaí gairmiúla agus na Cóid ghairmiúla a gcloíonn siad leo a dhearbhú.   

 Is é seo a leanas an freagra ón gCoimisiún ar na tuairimí agus na moltaí thuas:

 

  • I dtaca le mír 1 thuas, ní chomhaontaíonn an Coimisiún leis an moladh.  Ní éigeantach ná infhorfheidhmithe atá an Cód Iompair.  Má cheanglaítear ar dhaoine a fhíorú gur léigh siad an Cód agus go dtabharfaidh siad aird air, is féidir go gcruthófar deacrachtaí oibríochtúla mar go bhféadfadh nach mbeadh daoine in ann a dtuairisceáin maidir le gníomhaíochtaí brústocaireachta a chlárú nó a chur isteach in am agus mar go bhféadfadh go mbeadh siad ag sárú na reachtaíochta agus ag fáil pionós.  Cinnteoidh an Coimisiún, áfach, go mbeidh an Cód le fáil in áit fheiceálach ar an gclár agus go mbeidh naisc chuig an gCód ar fáil ar fud na bpróiseas clárúcháin agus tuairisceáin.
  • I dtaca le mír 2 thuas, ní dhéantar aon fhoráil san Acht i ndáil le caiteachas ar ghníomhaíochtaí brústocaireachta.  Dá bhrí sin, níl fáil ag an gCoimisiún ar fhaisnéis maidir le buiséad brústocaireachta na mbrústocairí.
  • I dtaca le mír 3 thuas, leagtar amach in alt 11 den Acht an fhaisnéis nach mór a bheith curtha ar fáil ag duine ar mian leis/léi bheith ar áireamh ar an gClár Brústocaireachta.  Leagtar amach in alt 12 den Acht an fhaisnéis nach mór a chur ar áireamh i dtuairisceán maidir le gníomhaíochtaí brústocaireachta.  Ní fhoráiltear le halt 11 ná le halt 12 den Acht d’fhaisnéis a chur ar áireamh a bhaineann le comhlachais trádála, le comhlachtaí gairmiúla agus le Cóid ghairmiúla a bhféadfadh eagraíochtaí ar leith cloí leo.  Is é cuspóir an chláir faisnéis a chur ar fáil maidir le cé hiad na daoine nó na heagraíochtaí atá ag déanamh brústocaireachta, cé hiad na daoine nó na heagraíochtaí a bhfuil brústocaireacht á déanamh orthu agus cé na nithe a bhfuil brústocaireacht á déanamh ina leith.  Tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil sé níos oiriúnaí faisnéis a bhaineann le comhlachais trádála, le comhlachtaí gairmiúla agus le Cóid ghairmiúla a bhféadfadh eagraíocht ar leith cloí leo a chur ar fáil ar shuíomh Gréasáin na heagraíochta í féin.