Má eisím cáipéis phoiblí (preaseisiúint, tuarascáil bhliantúil, etc.), an ionann í sin agus brústocaireacht?
De ghnáth, ní mheasfaí gurbh ionann agus brústocaireacht teachtaireacht atá dírithe ar lucht féachana ginearálta nó ar an bpobal. Le go measfar mar bhrústocaireacht í, ní mór teachtaireacht a bheith seolta chuig Oifigeach Poiblí Sainithe maidir le ní iomchuí.