Dea-chleachtais do dhaoine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta
Cláraigh tar éis duit tosú ar ghníomhaíochtaí brústocaireachta
- Déan cinnte de go bhfuil ceangal iarbhír ort clárú – déan an Tástáil Trí Chéim ar www.lobbying.ie
- Ní gá duit clárú go dtí an chéad spriocdháta tar éis na chéad tréimhse iomchuí ina dtosaíonn tú ar ghníomhaíochtaí brústocaireachta
- Más rud é nach ionann d'ainm dlíthiúil agus an t-ainm coitianta a thugtar ar do ghnóthas, molaimid go gcláródh cláraithe faoin dlíthiúil agus go gcuirfeadh siad tagairt don ainm is coitianta aithne ar áireamh freisin. Mar shampla: 12345 Ireland Ltd ("LobbyGroup" mar ainm trádála do).
Cuir socruithe i bhfeidhm chun gníomhaíocht brústocaireachta a thaifeadadh
- Sainaithin cé atá freagrach as gníomhaíochtaí brústocaireachta a sheoladh thar ceann d’eagraíochta
- Déan cinnte de go mbíonn taifead ar a g(h)níomhaíochtaí brústocaireachta á gcoimeád ag aon duine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta
- Sainaithin oifigeach comhlíonta atá freagrach as tuairisceáin a chur isteach thar ceann na heagraíochta
- Sainaithin oifigeach comhlíonta cúltaca i gcás go bhfuil an príomhdhuine breoite nó as láthair
- Iarr ar an oifigeach comhlíonta athbhreithniú a dhéanamh ar gach tuairisceán ó thaobh iomláine, cruinnis agus comhsheasmhachta de
Déan cinnte de go bhfuil na tréimhsí tuairiscithe agus na spriocdhátaí tuairiscithe ar eolas agat
- Pleanáil chun tosaigh – cuir spriocdhátaí le d’fhéilire
- Ná fan go dtí an lá deiridh le haghaidh do thuairisceán a chur isteach – féadfaidh tú é a chur isteach am ar bith atá tuairisceán comhlánaithe agat
- Teastaíonn tuairisceáin nialasacha le haghaidh tréimhsí nár sheol tú gníomhaíochtaí brústocaireachta lena linn
Déan cinnte de gur ceart atá do thuairisceáin
- Seol tuairisceán amháin in aghaidh gach ábhair – ní gá tuairisceán ar leith a chur isteach i dtaca le gach cumarsáid
- Déan cinnte de gur soiléir agus fiúntach atá an t-ábhar agus an toradh beartaithe
- Ní mór duit an toradh a bhí tú ag iarraidh a bhaint amach a nochtadh. Ní leor a rá go ndearna tú cumarsáid maidir le “nithe arbh ábhair spéise iad”.
- Déan cinnte de gur roghnaigh tú an tOifigeach Poiblí Ainmnithe ceart
- Déan cinnte de nach cumarsáid dhíolmhaithe í an chumarsáid
Más rud é go bhfuil scortha agat de ghníomhaíochtaí brústocaireachta agus nach bhfuil sé ar intinn agat gníomhaíochtaí brústocaireachta a sheoladh sa todhchaí, iarr ar an gCoimisiún um Chaighdeáin “scortha den bhrústocaireacht” a chur le do chlárú
Iarr faisnéis bhreise má bhíonn amhras ort
- Tá treoirlínte, ceisteanna coitianta agus tuairisceáin shamplacha, i measc nithe eile, foilsithe ag an gCoimisiún um Chaighdeáin ar www.lobbying.ie
- Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn freisin ach ríomhphost a sheoladh chuig info@lobbying.ie nó glao a chur ar (01) 639-5722