Dea-chleachtais do dhaoine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta

 

Cláraigh tar éis duit tosú ar ghníomhaíochtaí brústocaireachta

  • Déan cinnte de go bhfuil ceangal iarbhír ort clárú – déan an Tástáil Trí Chéim ar www.lobbying.ie
  • Ní gá duit clárú go dtí an chéad spriocdháta tar éis na chéad tréimhse iomchuí ina dtosaíonn tú ar ghníomhaíochtaí brústocaireachta
  • Más rud é nach ionann d'ainm dlíthiúil agus an t-ainm coitianta a thugtar ar do ghnóthas, molaimid go gcláródh cláraithe faoin dlíthiúil agus go gcuirfeadh siad tagairt don ainm is coitianta aithne ar áireamh freisin. Mar shampla: 12345 Ireland Ltd ("LobbyGroup" mar ainm trádála do).

 

Cuir socruithe i bhfeidhm chun gníomhaíocht brústocaireachta a thaifeadadh

  • Sainaithin cé atá freagrach as gníomhaíochtaí brústocaireachta a sheoladh thar ceann d’eagraíochta
  • Déan cinnte de go mbíonn taifead ar a g(h)níomhaíochtaí brústocaireachta á gcoimeád ag aon duine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta
  • Sainaithin oifigeach comhlíonta atá freagrach as tuairisceáin a chur isteach thar ceann na heagraíochta
  • Sainaithin oifigeach comhlíonta cúltaca i gcás go bhfuil an príomhdhuine breoite nó as láthair
  • Iarr ar an oifigeach comhlíonta athbhreithniú a dhéanamh ar gach tuairisceán ó thaobh iomláine, cruinnis agus comhsheasmhachta de

 

Déan cinnte de go bhfuil na tréimhsí tuairiscithe agus na spriocdhátaí tuairiscithe ar eolas agat

  • Pleanáil chun tosaigh – cuir spriocdhátaí le d’fhéilire
  • Ná fan go dtí an lá deiridh le haghaidh do thuairisceán a chur isteach – féadfaidh tú é a chur isteach am ar bith atá tuairisceán comhlánaithe agat
  • Teastaíonn tuairisceáin nialasacha le haghaidh tréimhsí nár sheol tú gníomhaíochtaí brústocaireachta lena linn

 

Déan cinnte de gur ceart atá do thuairisceáin

  • Seol tuairisceán amháin in aghaidh gach ábhair – ní gá tuairisceán ar leith a chur isteach i dtaca le gach cumarsáid
  • Déan cinnte de gur soiléir agus fiúntach atá an t-ábhar agus an toradh beartaithe
  • Ní mór duit an toradh a bhí tú ag iarraidh a bhaint amach a nochtadh. Ní leor a rá go ndearna tú cumarsáid maidir le “nithe arbh ábhair spéise iad”.
  • Déan cinnte de gur roghnaigh tú an tOifigeach Poiblí Ainmnithe ceart
  • Déan cinnte de nach cumarsáid dhíolmhaithe í an chumarsáid

Más rud é go bhfuil scortha agat de ghníomhaíochtaí brústocaireachta agus nach bhfuil sé ar intinn agat gníomhaíochtaí brústocaireachta a sheoladh sa todhchaí, iarr ar an gCoimisiún um Chaighdeáin “scortha den bhrústocaireacht” a chur le do chlárú

 

Iarr faisnéis bhreise má bhíonn amhras ort

  • Tá treoirlínte, ceisteanna coitianta agus tuairisceáin shamplacha, i measc nithe eile, foilsithe ag an gCoimisiún um Chaighdeáin ar www.lobbying.ie
  • Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn freisin ach ríomhphost a sheoladh chuig info@lobbying.ie nó glao a chur ar (01) 639-5722