Cruinniú an Ghrúpa Chomhairligh – an 4 Bealtaine 2016

Taifead na bpríomh-shaincheisteanna

Liosta na nDaoine a bhí i Láthair:

Sherry Perreault, (Cathaoirleach), an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin); Aidan Moore, an Coimisiún um Chaighdeáin; Damien Egan, an Coimisiún um Chaighdeáin; Niamh O’Byrne, an Coimisiún um Chaighdeáin; Jim O’Keeffe, an Coimisiún um Chaighdeáin; Joyce Nolan, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe; Martin Wallace, Dovetail

Ivan Cooper, The Wheel; Sheila Nordon, ICTR; Ian Talbot, Chambers Ireland; John Carroll, Institiúid na hÉireann um Chaidreamh Poiblí agus Cumann Sainchomhairleoirí Caidrimh Phoiblí na hÉireann; Bryan Rankin, Coiste Comhairleach na gComhlachtaí Cuntasaíochta; Siobhán Masterson, Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (IBEC); Paul Gordon, Cumann Ailse na hÉireann; Joan Martin, an Cumann Bainistíochta Teagmhála le Custaiméirí; Denis Barry, na Coimisinéirí Ioncaim; Martin Lambe, Institiúid Chánach na hÉireann; Elaine Farrell, Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann; Cormac Ó Cúláin, Dlí-Chumann na hÉireann; Pat Galvin, Eircom

Daoine nárbh fhéidir leo a bheith i láthair: Shirley Coulter, Comhairle Bharra na hÉireann; Sean O’Leary, Institiúid Pleanála na hÉireann; Niall Shanahan, IMPACT; an Breitheamh Onórach Daniel O’Keeffe, an Coimisiún um Chaighdeáin; Madeleine Delaney, Comhairleoir Dlí

Labhair Sherry Perreault faoi na himeachtaí a bhí ar siúl ón gcruinniú roimhe.

  •          Chuir Sherry Perreault tús leis trí fháilte a chur roimh Joyce Nolan, a thiocfaidh i gcomharbacht ar Áine Stapleton mar ionadaí don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar an nGrúpa Comhairleach.
  •          Tá an obair leantach ar an gcéad tréimhse tuairisceáin ar siúl fós.
  •          Leanfar d’imeachtaí for-rochtana agus tá sé beartaithe go gcuirfear an fhor-rochtain in oiriúint do phríomhearnálacha agus d’earnálacha nach ndéantar ionadaíocht dóibh ar an nGrúpa Comhairleach.
  •          Rinneadh treoirnóta maidir le hiarrataí ar “Faisnéis phearsanta a fholú’ a sheoladh amach lena aistriú agus cuirfear leis na ceisteanna coitianta ar lobbying.ie é a luaithe is féidir.
  •          Deimhníodh nach mbeadh aon fhorbairtí TF/teicniúla breise ann roimh spriocdháta mhí na Bealtaine de bharr srianta ama.
  •          Déanfar na sonraí faoin bhfaisnéis nua rialtais a nuashonrú ar an gcóras a luaithe a fhógraítear í.
  •          Baineadh an téarma “brústocaire gairmiúil” den suíomh Gréasáin agus cuireadh “tríú páirtí” isteach ina áit chun mearbhall a sheachaint.
  •          Mhínigh Sherry Perreault go raibh mearbhall leanúnach ann faoi cé acu a bhí nó nach raibh sé riachtanach clárú más thar lear a rinneadh an bhrústocaireacht. Dheimhnigh sí gur choinnigh an tAonad Brústocaireachta leibhéal ard comhsheasmhachta sa dóigh ar dhéileáil sé leis an ábhar sin. An cheist a cuireadh arís agus arís eile ba ea cé acu ba laistigh de dhlínse nó laistigh de theorainneacha a thit brústocaireacht. Dheimhnigh Sherry Perreault gur labhair sí leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus gur dhearbhaigh an Roinn di gur shoiléirigh an Roinn an tsaincheist lena hionadaithe buana.
  •          Chuir Sherry Perreault in iúl don ghrúpa go raibh méadú ag teacht ar líon na gceisteanna a bhíothas ag cur thar an bhfón nó trí ríomhphost, mar a bhí amhlaidh sa spriocdháta tuairisceáin deireanach. Mar sin féin, ní raibh sí ag súil go mbeadh líon na gcláraithe nua cothrom leis an líon a bhí ann roimh an gcéad spriocdháta tuairisceáin.
  •          Tá an Tuarascáil Bhliantúil á dréachtú agus leagfar faoi bhráid an Oireachtais í faoin spriocdháta an 30 Meitheamh 2016.

 

Thug Joyce Nolan an t-eolas is deireanaí ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe:

  •          Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag fanacht le ceapadh an Aire nua agus, mar thoradh air sin, lena fháil amach cé na gníomhartha ar mhaith leis an Aire sin tús áite a thabhairt dóibh.
  •          Tá I.R. (ionstraim reachtúil) ar feitheamh ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ach tá an Roinn ag fanacht le ceapadh an Aire.

 

Tar éis an eolas is deireanaí a fháil, chuir comhaltaí den Ghrúpa ceisteanna ar an Aonad Brústocaireacht agus thug siad aiseolas ar nithe a bhaineann le cur chun feidhme agus ar aon ábhair imní a bhí acu.

Cuireadh ceist maidir le brústocaireacht a rinneadh le linn olltoghchán 2016 nó díreach ina dhiaidh. Chuir Sherry Perreault in iúl don ghrúpa gur pléadh leis an gceist sin i gceist choitianta ar shuíomh Gréasáin Lobbying.ie.

 

An Chéad Chruinniú Eile – deireadh mhí an Mheithimh 2016 (socrú sealadach).