Reachtaíocht
An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil
Is é is cuspóir leis an Acht seo foráil a dhéanamh i leith Clár Brústocaireachta bunaithe ar an ngréasán chun faisnéis a chur ar fáil don phobal maidir leo siúd a dhéanann cumarsáid le hoifigigh phoiblí ainmnithe maidir le beartas sonrach, cúrsaí reachtaíochta nó cinntí ionchasacha a aithint. Déantar foráil san Acht chomh maith i leith srianta agus coinníollacha maidir le glacadh fostaíochta faoi leith ag oifigigh phoiblí ainmnithe ar feadh tréimhse shainiúil ama sa chás go bhféadfadh coinbhleacht leasa teacht chun cinn.
Ionstraimí Reachtúla
Foráiltear leis na Rialacháin seo scideal de na Ranna Stáit agus na Gníomhaireachtaí Stáit a bhfuil Oifigh Phoiblí Ainmnithe acu arna forordú ag alt 6(1)(f) den Act. Forordaítear leis na Rialacháin na hOifigigh Phoiblí Ainmnithe i ngach comhlacht.
Foráiltear le halt 23 den Act go bhféadfaidh an té nach bhfuil sásta le cinneadh an Choimisiúin um Chaighdeáin achomharc a dhéanamh i gcoinneadh an chinnidh sin laistigh de tréimhse 14 lá ag míniú na gcúiseanna leis an achomharc. Tá na Rialacháin ar fáil ar an leathach seo
Athbhreithniú Reachtach
-
Is féidir teacht ar an gcéad Athbhreithniú den Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 a fháil ar shuíomh na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
An Bille um Brústocaireacht (Leasú) 2022
Foilsíodh an Bille um Brústocaireacht a Rialáil (Leasú) 2022 ar an 22ú Meán Fómhair 2022. Tá sé mar aidhm ag an mBille aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ag cur cosc ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 a chuspóir a bhaint amach, is é sin trédhearcacht níos mó a thabhairt do ghníomhaíocht brústocaireachta agus, dá bhrí sin, leis an bpróiseas ceapadh beartais.
Ar fhoilsiú an Bhille d’aithin An Roinn Caiteachais Phoiblí Sheachadadh PFN agus Athchóirithe trí chroíchuspóir:
-
Oibríocht agus feidhmiúlacht an Chláir Brústocaireachta a fheabhsú
-
An reachtaíocht reatha agus a forfheidhmiú a neartú. Agus
-
Chun gur sárú iomchuí faoin Acht mainneachtain cloí leis na srianta iar-théarma fostaíochta ‘shuaimhnithe’ atá leagtha amach in alt 22 den Acht. Chuige sin cuirfidh an Bille ar chumas CCOP pionós airgeadais suas le €25,000 a ghearradh agus/nó cosc ar bhrústocaireacht suas le 2 bhliain as sáruithe ar an tréimhse shuaimhnithe.
Ritheadh an Bille ag an Dáil i mí an Mheithimh 2023 agus cuirfear tús leis an gcuid is mó d’fhorálacha forfheidhmithe an Bhille ar an 1ú Eanáir 2024 agus tosóidh na forálacha a bhaineann le hailt 18 agus 22 ar an 1ú Meitheamh 2024.
Is iad seo a leanas príomhfhorálacha an Bhille um Brústocaireacht (Leasú) 2022;
-
Faoi Alt 5(1)(c) leathnaítear scóip an Achta chun aon duine a ‘dhéanann, nó a bhainistíonn nó a stiúrann aon chumarsáide ábhartha maidir le forbairt nó criosú talún’ a áireamh
-
Ní mór fostaí amháin ar a laghad a bheith ag eagraíocht ionadaíoch nó saincheist-bhunaithe chun a bheith faoi raon an Achta. Leathnaíonn an Bille Leasaithe an raon feidhme seo chun aon eagraíocht ionadaíoch nó saincheist-bhunaithe a chuimsiú, gan fostaí amháin ar a laghad, má tá níos mó ná 10 bhfostaí lánaimseartha ag duine amháin ar a laghad de chomhaltaí na heagraíochta. (Ag leasú Ailt 5(2) agus 5(3) den Acht)
-
Tá díolúine nua curtha leis faoi alt 5.5(p) chun cumarsáidí ó pháirtí polaitíochta chuig a chomhaltaí ar oifigigh phoiblí ainmnithe iad agus a dhéantar go heisiach mar chomhaltaí den pháirtí polaitíochta lena mbaineann a áireamh.
-
Faoi Alt 8 tá cosc ar aon duine cláraithe a bhfuil a iontráil ar an gclár marcáilte faoi alt 11(4) mar scortha de ghníomhaíochtaí brústocaireachta a dhéanamh.
-
Faoi Alt 11 ní mór an seoladh ag a mbíonn duine gnó i mbun oibre nó ag a mbíonn príomhghníomhaíochtaí an duine, nó an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine, a chur san áireamh sna sonraí a sholáthraíonn an cláraí.
-
Faoi Alt 18 tá sárú nua curtha leis. Sáraítear alt 22(1) má dhéanann duine aon ghníomh arb é an cuspóir atá leis nó léi oibleagáidí an duine faoin Acht a sheachaint nó dul timpeall air.
-
Faoi Alt 22(d) déantar foráil nach mór do gach comhlacht seirbhíse poiblí oifigigh phoiblí ainmnithe ábhartha a chur ar an eolas faoina n-oibleagáidí faoi alt 22. Ina theannta sin, ní mór don chomhlacht seirbhíse poiblí an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a chur ar an eolas nuair a bhíonn oifigeach poiblí ainmnithe ábhartha ag imeacht as a fhostaíocht nó a fostaíocht.
-
I gcás sárú iomchuí faoi alt 18(f) (oibleagáidí an duine a sheachaint nó a imghabháil faoin Acht) nó faoi alt 22(1) (Gan tarscaoileadh ar an tréimhse shuaimhnithe a lorg) féadfar mionsmachtbhanna nó mór-smachtbhanna a fhorchur. Comhairle, iomardú nó rabhadh a bheidh i gceist le mionsmachtbhanna. Is éard a bheidh i gceist le mór-smachtbhanna ná smachtbhanna airgeadais nach mó ná €25,000, toirmeasc ar an duine clárú ar an gClár ar feadh dhá bhliain ar a mhéad, agus cosc ar an duine tuairisceán a dhéanamh nó a bheith tugtha ar feadh tréimhse nach faide ná dhá bhliain.