Foilsíonn an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a Thuarascáil Bhliantúil 2021 faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil
Déardaoin, an 30 Meitheamh 2022: D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a Thuarascail Bhliantúil 2021 inniu faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015. Clúdaíonn an tuarascáil gníomhaíochtaí an Choimisiúin agus an tAcht á riaradh don bhliain tuairiscithe 2021, lena n-áirítear gníomhaíochtaí forfheidhmithe ar tugadh fúthu i rith na bliana.
Mhéadaigh líon iomlán na gcláraithe ar an gclár go dtí 2,273, méadú beagnach 9% ar 2020. Nuair a críochnaíodh an tuarascáil seo, bhí níos mó ná 11,600 tuairisceán ar ghníomhaíochtaí brústocaireachta curtha isteach i leith na dtrí thréimhse tuairiscithe in 2021. D'fhan líon na dtuairisceán ard, ag leanúint leis an bpatrún a tháinig chun solais le linn 2020. Is dócha go léiríonn an méadú ar thuairisceáin a cuireadh isteach brústocaireacht mar gheall ar an bpaindéim.
In 2021, rinne an Coimisiún imscrúdú amháin ar bhrústocaireacht neamhthuairiscithe a d’fhéadfadh a bheith ann ó 2020 go 2021 agus seoladh dhá imscrúdú eile le linn na bliana. Ar leith, chinn an Coimisiún dhá chás a ionchúiseamh agus tugadh trí ionchúiseamh anonn ó 2020. Bhain trí cinn de na cásanna sin le mainneachtain tuairisceáin a chur isteach faoin spriocdháta reachtúil, agus dhá cheann de bharr neamhthuairisceáin eile faoi alt 20(2) den Acht.
Thuairiscigh an Coimisiún freisin go bhfuair sé cúig iarratas chun forálacha iarfhostaíochta an Achta a tharscaoileadh nó a laghdú in 2021, agus iad ar fad ó iarchomhairleoirí speisialta. Tá staitisticí ar iarratais a fuarthas ó thosach feidhme an Achta san áireamh sa tuarascáil.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil agus chun tuarascáil iomlán an Choimisiúin ar an Rialachán um Brústocaireacht a Rialáil in 2021 a léamh, tabhair cuairt le do thoil ar an suíomh Gréasáin www.lobbying.ie.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le:
Oifigeach Preasa
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
(01) 639 5722
Ríomhphost: info@lobbying.ie
Suíomh gréasáin: www.lobbying.ie
Twitter: @LobbyingIE
Cúlra
Ar an 1 Meán Fómhair 2015, cuireadh tús leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, agus in éineacht leis, an ceanglas ar na daoine sin a dhéanann brústocaireacht ar oifigigh phoiblí ainmnithe clárú agus tuairisciú a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí brústocaireachta gach ceithre mhí. Cuireadh tús le forálacha forfheidhmithe an Achta ina dhiaidh sin, an 1 Eanáir 2017. Tá faisnéis a cuireadh isteach ar an gClár ar fáil lena hiniúchadh ag an bpobal ag www.lobbying.ie. Tá sraith uirlisí faisnéise ar an suíomh gréasáin, a chuimsíonn an clár ar líne, freisin, atá deartha chun cabhrú le brústocairí, oifigigh phoiblí ainmnithe agus leis an bpobal an tAcht agus a oibleagáidí a thuiscint go hiomlán.
Cruthaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí in 2001, agus déanann sé maoirsiú ar reachtaíocht a rialaíonn eitic in oifigí poiblí, airgeadas toghcháin, caiteachas ar mhaoiniú Stáit, agus rialáil brústocaireachta.