Fáilte chuig Lobbying.ie

Ceaptar an Rialachán um reachtaíocht Brústocaireachtachun faisnéis a chur ar fáil don phobal maidir le cé atá ag déanamh brústocaireachta faoi cé agus cad faoi an bhrústocaireachta.

Má tá brústocaireacht á déanamh agat ní mór duit clárú ar an suíomh gréasáin seo agus tuairisceán a dhéanamh gach ceithre mhí. Déan ár dTástáil Trí Chéim le féachaint an bhfuil brústocaireacht á déanamh agat.

Tá fáilte romhat an litir fáilte seo, a sheoltar chuig cláraithe nua, a léamh. Leagtar amach na dualgais atá ar na cláraithe agus moltar na dea-chleachtais maidir le clárúchán a mbainistiú.

Spriocdhátaí.

  • An 21 Eanáir 2024 - Ní mór na tuairisceáin ar fad le haghaidh na tréimhse ón 1 Meán Fómhair go dtí an 31 Nollaig 2023 a chur isteach faoi 11:59pm an 21 Eanáir 2024
  • An 21 Bealtaine 2024 - Ní mór na tuairisceáin ar fad le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 30 Aibreán 2024 a chur isteach faoi 11:59pm an 21 Bealtaine 2024.
  • An 21 Meán Fómhair 2024 - Ní mór na tuairisceáin ar fad le haghaidh na tréimhse ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa 2024 a chur isteach faoi 11:59pm an 21 Meán Fómhair 2024

Fógraí

  • 15 Nollaig 2023 - Ritheadh An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil agus um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) (Leasú) 2023 le bheith ina dhlí ar 22 Meitheamh 2023. Cuirfear tús le formhór na bhforálacha leis an Acht ar 1 Eanáir 2024. Cuirfear tús le roinnt d’fhorálacha an Achta ar 1 Meitheamh 2024. An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil – Eochairfhaisnéis.
  • 30 Meitheamh 2023 - Foilsíonn an Coimisiún um Chaighdeáin an Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2022 uaidh faoin Acht um Brústocaireacht a Riláil 

  • 2 Márta 2023 - D’óstáil muid Seisiún Faisnéise Tithe Oscailte Ar Líne ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015. Is féidir sleamhnáin ón seisiún a fheiceáil anseo

  • 3 Eanáir 2023 - Gabhaimid ár leithscéal le haon duine a fuair iomarca ríomhphost uainn maidir leis an spriocdháta ar 21ú Eánair. Bhain seo le fadhb sa chóras ríomhphoist uathoibrithe, atá á réiteach againn faoi láthair.

  • 15 Meán Fómhair 2022 - D’óstáil muid Seisiún Faisnéise Tithe Oscailte Ar Líne ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015. Is féidir sleamhnáin ón seisiún a fheiceáil anseo

  • 30 Meitheamh 2022 - Foilsíonn an Coimisiún um Chaighdeáin an Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2021 uaidh faoin Acht um Brústocaireacht a Riláil 
  • 7 Aibreán 2022 - D’óstáil muid Seisiún Faisnéise Tithe Oscailte Ar Líne ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015. Is féidir sleamhnáin ón seisiún a fheiceáil anseo.

  • 7 Márta 2022 - Féach ar ár dtreoirdoiciméad nua maidir le conas tuairisceán a chur isteach anseo.

  • An gcaithfidh tú “Toradh Nialasach” a chur isteach?

Breathnaigh ar ár bhfíseán

Breathnaigh ar an bhfíseán seo agus faigh amach cad faoi Lobbying.ie agus conas is féidir leat úsáid a bhaint as.

Seirbhísí ar Líne:

Chláraigh mar bhrústocaire

Beidh ort clárú agus do shonraí a fhíorú sula mbeidh tú ábalta do ghníomhaíocht bhrústocaireachta a thaifeadadh.

Cuardaigh an Clár

Cuardaigh an Clár