An Clár Brústocaireachta
Tá freagracht ar an gCoimisiún um Chaighdeáin as an gClár Brústocaireachta (an Clár) a bhunú agus a chothabháil.Tá an Clár ar fáil ar líne do dhaoine den phobal ag www.lobbying.ie agus tá sé saor in aisce.
Tá na nithe seo a leanas sa Chlár:
-
Na sonraí clárúcháin a sholáthair gach duine cláraithe don Choimisiún um Chaighdeáin san Iarratas ar Chlárú a rinne siad, agus
-
An fhaisnéis atá sna tuairisceáin maidir le gníomhaíochtaí brústocaireachta a thug gach duine cláraithe.
Ceanglas chun clárú
Beidh toirmeasc ort gníomhaíochtaí brústocaireachta a sheoladh ach amháin i gcás go bhfuil tú cláraithe ar an gClár. Ní bhaineann an toirmeasc sin leis an gcéad tréimhse iomchuí ar lena linn a sheolann tú gníomhaíochtaí brústocaireachta. Foráiltear leis an Acht go bhféadfaidh tú clárú tar éis duit tosú ar ghníomhaíochtaí brústocaireachta. Faoin Acht, ceanglaítear ar dhuine atá i mbun gníomhaíochtaí brústocaireachta clárú agus tuairisceán maidir le gníomhaíocht brústocaireachta a chur isteach laistigh de 21 lá ó dheireadh na chéad “tréimhse iomchuí” ina dtosaíonn sé/sí ar ghníomhaíochtaí brústocaireachta. Is é an tréimhse iomchuí na ceithre mhí dar críoch an lá deiridh de mhí Aibreáin, de mhí Lúnasa agus de mhí na Nollag gach bliain. Mar shampla, más rud é gur le linn mhí Dheireadh Fómhair a dhéanann duine brústocaireacht den chéad uair, ba laistigh den tréimhse iomchuí ón 1 Meán Fómhair go dtí an 31 Nollaig a seoladh an ghníomhaíocht sin. Sa chás sin, ceanglaítear ar an duine clárú agus a c(h)éad tuairisceáin a chur isteach faoin 21 Eanáir, is é sin, 21 lá tar éis dheireadh na tréimhse iomchuí. Níl aon cheanglas ann chun clárú go dtí gur thosaigh duine ar ghníomhaíocht brústocaireachta.
A luaithe is atá oibleagáid ort a bheith cláraithe, áfach, is sárú iomchuí ar an Acht é gníomhaíochtaí brústocaireachta a sheoladh gan a bheith cláraithe agus is cion é déanamh amhlaidh.
Tá an fheidhm chéanna ag an gceanglas chun clárú maidir le cuideachtaí, trádálaithe aonair, comhpháirtíochtaí, comhlachtaí ionadaitheacha, comhlachtaí tathanta agus daoine aonair a thagann faoi raon feidhme an Achta. Ní bhaineann an struchtúr dlíthiúil le hábhar. I bhformhór na gcásanna, ní cheanglófar ar shaoránaigh aonair clárú ach amháin i gcás go bhfuil siad ag seoladh gníomhaíochtaí brústocaireachta i gcáil phríobháideach i dtaca le talamh nach ionann í agus a bpríomháit chónaithe phríobháideach a fhorbairt nó a chriosú.
I gcás go dtugann cuideachta treoir d’fhostaí dá cuid gníomhaíochtaí brústocaireachta a sheoladh thar ceann na cuideachta, ceanglófar ar an gcuideachta, agus ní ar an bhfostaí, clárú agus tuairisceán maidir le gníomhaíochtaí brústocaireachta a chur isteach.
Ní ghearrtar aon táille ar chlárú.
Féadfaidh duine cláraithe a bhfuil a iontráil marcáilte mar scortha ar an gclár agus ar mian leo ina dhiaidh sin tosú arís ar ghníomhaíochtaí brústocaireachta, a chur in iúl don Choimisiún gur mian leo a chlárú a athghníomhachtú. Bainfidh an Coimisiún ansin an nóta á rá go bhfuil deireadh le brústocaireacht a dhéanamh den chlárú.