Forfheidhmiú

Leagtar amach i gCuid 4 den Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, sáruithe “iomchuí” ar an Acht agus forálacha forfheidhmithe.  Tháinig na forálacha forfheidhmithe i bhfeidhm an 1 Eanáir 2017. Cuireadh forálacha forfheidhmithe breise leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil (Leasú), 2022, a tháinig i bhfeidhm ar an 1ú Eanáir 2024 agus ar an 1ú Meitheamh 2024.

Sáruithe iomchuí

Leagtar na nithe seo a leanas amach in alt 18 den Acht mar “sháruithe iomchuí” ar an Acht:

  • Gníomhaíochtaí brústocaireachta a sheoladh gan a bheith cláraithe;

  • Mainneachtain tuairisceán a thabhairt faoin spriocdháta;

  • Aon fhaisnéis arb eol í a bheith míchruinn nó míthreorach a sholáthar don Choimisiún um Chaighdeáin;

  • Mainneachtain comhoibriú le hoifigeach imscrúdaithe atá ag déanamh imscrúdú ar sháruithe ar an Acht; agus

  • Cosc a chur ar imscrúdú.

  • Aon ghníomh a dhéanamh ag duine a bhfuil sé mar chuspóir aige/aici oibleagáidí an duine faoin Acht a sheachaint nó a shárú

  • Faoi Alt 22(1) den Acht, i gcás ina ndéanann duine atá ina oifigeach poiblí ainmnithe iomchuí gníomhaíochtaí brústocaireachta nó go bhfuil sé/sí fostaithe ag duine a dhéanann gníomhaíochtaí brústocaireachta, nó a sholáthraíonn seirbhísí dó, agus nach bhfuil toiliú an Choimisiúin faighte aige/aici chun an ‘tréimhse shuaimhnithe’ iomlán nó cuid di a tharscaoileadh measfar gur ‘sárú iomchuí’ é.

Forálacha forfheidhmithe

Leis na forálacha atá i gCuid 4, tugtar údarás don Choimisiún um Chaighdeáin:

  • sáruithe iomchuí féideartha (alt 19) a imscrúdú.

  • cionta a ionchúiseamh (alt 20).

  • fógraí íocaíochta seasta a sheirbheáil ar dhaoine a chuir tuairisceán maidir le gníomhaíochtaí brústocaireachta isteach go déanach (alt 21).

  • Smachtbhanna riaracháin a ghearradh. Féadfaidh smachtbhanna den sórt sin a bheith ina ‘mór-smachtbhanna’ nó ina ‘mhion-smachtbhanna’ (Alt 22A).

Imscrúduithe

Féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin imscrúdú a údarú má chreideann sé le réasún go mb’fhéidir go bhfuil sárú iomchuí déanta nó á dhéanamh ag duine.

Féadfar oifigigh údaraithe a cheapadh chun an t-imscrúdú a dhéanamh. Beidh cumhachtaí fairsinge acu chun faisnéis riachtanach agus doiciméid riachtanacha a fháil, lena n-áireofar an chumhacht chun dul isteach in áitreabh agus é a chuardach.

Féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin cionta a ionchúiseamh mar thoradh ar imscrúdú.

Ionchúisimh agus Fíneálacha

Féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin aon sárú iomchuí atá liostaithe faoi ailt 20 agus 21 a ionchúiseamh.

  • Más rud é go n-ionchúisítear thú sa Chúirt Dúiche agus go bhfaightear ciontach thú (ciontú achomair), is féidir go ngearrfar fíneáil €2,500 ar a mhéad ort (rud ar a dtugtar fíneáil d’Aicme C).

  • Más rud é go n-ionchúisítear thú sa Chúirt Chuarda Choiriúil agus go bhfaightear ciontach thú (ciontú ar díotáil), is féidir go gcuirfear fíneáil agus príosúnacht ar feadh téarma dhá bhliain ar a mhéad ort.

Is sárú iomchuí é tuairisceán déanach a chur isteach (is é sin, tuairisceán a chur isteach tar éis an spriocdháta fhorordaithe). Eiseofar fógra íocaíochta seasta as an sárú sin. Is é €200 suim na híocaíochta seasta. Má íocann tú an íocaíocht sheasta laistigh den tréimhse shonraithe, ní rachfar i mbun tuilleadh birt. Is féidir go n-ionchúiseofar thú mura n-íocann tú an íocaíocht sheasta.

Smachtbhannaí maidir le sáraithe faoi alt 18(f) d'alt 22(1)

  • Féadfar smachtbhannaí riaracháin a chur i bhfeidhm. Maidir le sárú iomchuí faoi alt 18(f) (oibleagáidí an duine faoin Acht a sheachaint nó dul timpeall orthu) nó faoi alt 22(1) (Gan tarscaoileadh ar an tréimhse shuaimhnithe a lorg) féadfar mion-smachtbhanna nó mór-smachtbhanna a fhorchur. Comhairle, iomardú nó rabhadh a bheidh i mionsmachtbhanna. Is éard a bheidh i mór-smachtbhanna ná smachtbhanna airgeadais nach mó ná €25,000, dianchosc ar an duine clárú ar an gClár ar feadh dhá bhliain ar a mhéad, agus dianchosc ​​ar an duine tuairisceán a dhéanamh nó a bheith tugtha ar feadh tréimhse nach faide ná dhá bhliain.