An Bille um Brústocaireacht (Leasú), 2023
Ritheadh an Bille ag an Dáil i mí an Mheithimh 2023 agus cuirfear tús leis an gcuid is mó d’fhorálacha forfheidhmithe an Bhille ar an 1ú Eanáir 2024 agus tosóidh na forálacha a bhaineann le hailt 18 agus 22 ar an 1ú Meitheamh 2024.
Is iad seo a leanas príomhfhorálacha an tAcht um Brústocaireacht a (Leasú) 2023;
-
Faoi Alt 5(1)(c) leathnaítear scóip an Achta chun aon duine a ‘dhéanann, nó a bhainistíonn nó a stiúrann aon chumarsáide ábhartha maidir le forbairt nó criosú talún’ a áireamh.
-
Ní mór fostaí amháin ar a laghad a bheith ag eagraíocht ionadaíoch nó saincheist-bhunaithe chun a bheith faoi raon an Achta. Leathnaíonn an Bille Leasaithe an raon feidhme seo chun aon eagraíocht ionadaíoch nó saincheist-bhunaithe a chuimsiú, gan fostaí amháin ar a laghad, má tá níos mó ná 10 bhfostaí lánaimseartha ag duine amháin ar a laghad de chomhaltaí na heagraíochta. (Ag leasú Ailt 5(2) agus 5(3) den Acht)
-
Tá díolúine nua curtha leis faoi alt 5.5(p) chun cumarsáidí ó pháirtí polaitíochta chuig a chomhaltaí ar oifigigh phoiblí ainmnithe iad agus a dhéantar go heisiach mar chomhaltaí den pháirtí polaitíochta lena mbaineann a áireamh.
-
Faoi Alt 8 tá cosc ar aon duine cláraithe a bhfuil a iontráil ar an gclár marcáilte faoi alt 11(4) mar scortha de ghníomhaíochtaí brústocaireachta a dhéanamh.
-
Faoi Alt 11 ní mór an seoladh ag a mbíonn duine gnó i mbun oibre nó ag a mbíonn príomhghníomhaíochtaí an duine, nó an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine, a chur san áireamh sna sonraí a sholáthraíonn an cláraí.
-
Faoi Alt 18 tá sárú nua curtha leis. Sáraítear alt 22(1) má dhéanann duine aon ghníomh arb é an cuspóir atá leis nó léi oibleagáidí an duine faoin Acht a sheachaint nó dul timpeall air.
-
Faoi Alt 22(d) déantar foráil nach mór do gach comhlacht seirbhíse poiblí oifigigh phoiblí ainmnithe ábhartha a chur ar an eolas faoina n-oibleagáidí faoi alt 22. Ina theannta sin, ní mór don chomhlacht seirbhíse poiblí an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a chur ar an eolas nuair a bhíonn oifigeach poiblí ainmnithe ábhartha ag imeacht as a fhostaíocht nó a fostaíocht.
-
I gcás sárú iomchuí faoi alt 18(f) (oibleagáidí an duine a sheachaint nó a imghabháil faoin Acht) nó faoi alt 22(1) (Gan tarscaoileadh ar an tréimhse shuaimhnithe a lorg) féadfar mionsmachtbhanna nó mór-smachtbhanna a fhorchur. Comhairle, iomardú nó rabhadh a bheidh i gceist le mionsmachtbhanna. Is éard a bheidh i gceist le mór-smachtbhanna ná smachtbhanna airgeadais nach mó ná €25,000, toirmeasc ar an duine clárú ar an gClár ar feadh dhá bhliain ar a mhéad, agus cosc ar an duine tuairisceán a dhéanamh nó a bheith tugtha ar feadh tréimhse nach faide ná dhá bhliain.