Ár gCairt Úsáideoirí Seirbhíse
Cairt Úsáideoirí Seirbhíse PDF
Conas gearán a dhéanamh in aghaidh baill foirne
Soláthraímid raon seirbhísí de réir na bhforálacha i gceithre phíosa reachtaíochta a bhfuil an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí freagrach astu:
- Na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001;
- An tAcht Toghcháin, 1997 (arna leasú);
- An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014; agus
- An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.
Áirítear na nithe seo leis na seirbhísí a sholáthraímid:
Na hAchtanna um Eitic
- treoirlínte a fhoilsiú agus comhairle a thabhairt maidir le comhlíonadh na reachtaíochta;
- na córais um nochtadh leasanna agus imréiteach cánach a riar;
- sáruithe féideartha ar an reachtaíocht a imscrúdú;
Na hAchtanna Toghcháin
- treoirlínte a fhoilsiú agus comhairle a thabhairt maidir le comhlíonadh na reachtaíochta;
- riar agus tuairisciú a dhéanamh ar chórais rialála um shíntiúis pholaitíochta a nochtadh, speansais toghcháin, an maoiniú stáit a chuirtear ar fáil do pháirtithe polaitíochta, agus clárú “tríú páirtithe”;
- fiosruithe a dhéanamh de réir mar is gá;
An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte)(Leasú)
- riar agus tuairisciú a dhéanamh ar chaitheamh an liúntais ghníomhaíochtaí parlaiminte;
An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil
- clár brústocaireachta ar líne a chothabháil;
- faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na bhforálacha um chlárú agus tuairisceáin;
- breitheanna a thabhairt faoi fhorálacha áirithe an Achta;
- cur chun feidhme agus cothabháil a dhéanamh ar chód iompair do dhaoine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta;
- treoir agus cabhair a thabhairt; agus
- sáruithe ar an reachtaíocht a imscrúdú agus a shaothrú.
Ní mór teagmháil a dhéanamh le geallsealbhóirí éagsúla inár gcuid oibre, lena n-áirítear:
- Airí/Airí Stáit
- Comhaltaí an Oireachtais, i.e. Teachtaí Dála agus Seanadóirí
- Feisirí Éireannacha de Pharlaimint na hEorpa
- Comhairleoirí Speisialta d’Airí
- Páirtithe Polaitíochta/Iarrthóirí
- Oifigigh thofa agus baill foirne d’Údaráis Áitiúla
- Daoine i bpoist ainmnithe agus i stiúrthóireachtaí sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí
- Tríú páirtithe
- Síntiúsóirí corparáideacha
- Daoine i mbun Brústocaireacht
- Daoine den phobal
Leagtar amach inár gCairt Úsáideoirí Seirbhíse na nithe ar féidir leat bheith ag súil leo uainn nuair a dhéanann tú teagmháil leis an gCoimisiún.
Teagmháil thar an teileafón
Má dhéanann tú teagmháil linn thar an teileafón, déanfaimid na nithe seo a leanas:
- Do ghlao a fhreagairt go pras
- Ár n-ainm a thabhairt nuair a fhreagraímid do ghlao
- Bheith cúirtéiseach agus cuidiúil leat i ngach cás
- Freagra iomlán a thabhairt ar do cheist
- Mura féidir linn é sin a dhéanamh láithreach, tógfaimid do shonraí agus glaofaimid ar ais ort a luaithe is féidir
- Freagairt go pras do do theachtaireachtaí glórphoist uile
Comhfhreagras scríofa
Má sheolann tú litir, ríomhphost nó ceist ar líne chugainn, déanfaimid na nithe seo a leanas:
- Do chomhfhreagras a admháil laistigh de chúig nó sé lá oibre
- A chinntiú go bhfaighidh tú freagra iomlán ar do chomhfhreagras scríofa laistigh de 28 lá oibre. Mura bhfuilimid in ann an spriocdháta sin a chomhlíonadh, déanfaimid teagmháil leat chun a mhíniú cén fáth nach bhfuil agus inseoimid duit cén uair a gheobhaidh tú freagra iomlán
- Ainm teagmhála agus sonraí teagmhála a thabhairt
- Scríobh chugat i dteanga shoiléir shimplí, gan aon téarmaí teicniúla a úsáid
Cuairteoirí ar an Oifig/Imeachtaí for-rochtana Má thugann tú cuairt orainn i bpearsa, déanfaimid na nithe seo a leanas:
- Caitheamh leat le cúirtéis, meas a thabhairt ar do phríobháideacht agus bheith cothrom agus sinn ag déileáil leat
- Bualadh leat ag an am comhaontaithe má tá coinne agat
- Saoráidí cuí a chur ar fáil do chruinnithe
- Ár n-oifigí poiblí a choinneáil glan agus slachtmhar agus a chinntiú go gcomhlíonfar caighdeáin sláinte agus sábháilteachta iontu
Seirbhís trí Ghaeilge
Tabharfaimid cúnamh do dhaoine ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh linn trí Ghaeilge
- Tabharfar freagra i nGaeilge ar aon chomhfhreagras a fhaightear i nGaeilge
- Foilseoimid doiciméid thábhachtacha, lena n-áirítear ár dTuarascálacha Bliantúla, i nGaeilge agus i mBéarla
- Cinnteoimid go mbeidh bileoga eolais atá dírithe ar an bpobal ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla araon
- Beidh an leagan Gaeilge dár suíomh Gréasáin ag teacht, a mhéid is féidir, leis an leagan Béarla
- Comhlíonfaimid na ceanglais eile atá orainn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus faoi Scéim Teangacha Oifigiúla an Choimisiúin, mar atá foilsithe ar ár suíomh Gréasáin
Comhionannas/Éagsúlacht/Míchumas/Príobháideacht
- Geallaimid go gcaithfimid leat gan aon idirdhealú ná leithcheal
- Tabharfaimid meas ar chomhionannas agus ar chearta an duine de réir phrionsabail Dhualgas na hEarnála Poiblí
- Beidh sé mar aidhm againn go mbeadh fáil agus rochtain éasca agat ar ár seirbhísí agus ar ár saoráidí
- Tabharfaimid meas ar an gceart atá agat chun príobháideachta
Is é seo a leanas an seoladh ríomhphoist teagmhála dár nOifigeach Rochtana faoin Acht um Míchumas: accessofficer@sipo.ie
Gearáin in aghaidh Baill Foirne
Tá beartas i bhfeidhm againn le haghaidh gearáin in aghaidh baill foirne a láimhseáil. Tá an beartas ar fáil ar ár suíomh Gréasáin. Is féidir leat sonraí a iarraidh faoi freisin trí theagmháil a dhéanamh linn go díreach.
Cabhraigh linn cabhrú leat
Is féidir leat cabhrú linn seirbhís ardchaighdeáin a thabhairt duit:
- Leag do ghearán amach ar an mbealach is soiléire agus is gonta agus is féidir leat
- Seol cóipeanna d’aon doiciméid ábhartha chugainn agus do ghearán á chur isteach agat
- Caith lenár mbaill foirne agus lenár seirbhís le meas
- Cuir tuairimí nó moltaí in iúl faoin tseirbhís a fhaigheann tú
Comhairliúchán agus aiseolas
Bímid i gcónaí ag iarraidh moltaí a fháil faoi bhealaí inar féidir linn ár seirbhís a fheabhsú. Dá mba mhaith leat tuairim nó moladh a chur in iúl, seol ríomhphost chuig sipo@sipo.ie
Cén áit ar féidir tuilleadh faisnéise a fháil
Tá an doiciméad seo ar fáil ar ár suíomh Gréasáin www.sipo.ie. Is féidir leat sonraí faoinár ngníomhaíochtaí eile, ár mbeartais agus ár bhfaisnéis teagmhála a fháil ar ár suíomh Gréasáin freisin.
Ár láthair
Tá ár lánsonraí teagmhála ar fáil ar an leathanach Gréasáin “Teagmháil”.
Is é seo a leanas ár seoladh: An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 HE97. Bíonn an Oifig ar oscailt ó 9.15 a.m. go 5.00 p.m. Luan go hAoine.
Teileafón: An Coimisiún um Chaighdeáin +353 1 639 5666
Brústocaireacht +353 1 6395722
Ríomhphost: Ceisteanna maidir leis an gCoimisiún um Chaighdeáin sipo@sipo.ie
Gearáin Eitice agus Toghcháin complaints@sipo.ie
Ceisteanna maidir le brústocaireachtinfo@lobbying.ie
Oifigeach saorála faisnéise: foi@sipo.ie
Oifigeach cosanta sonraí: dataprotection@ombudsman.ie